I dTír Fhiachrach i Sligeach a rugadh é. Bhí cáil an léinn ar a mhuintir agus mhaíodh a athair, arbh fheirmeoir é, go raibh siad síolraithe ó Laoghaire, mac Néill Naoighiallaigh, Ardrí na hÉireann. Deir Cornelius G. Buttimer in Journal of the Cork Historical and Archaeological Society, 1989 (‘Celtic and Irish in College 1849-1994’): ‘Like many of his family he became an instructor in the language from an early age, in his home area and farther afield in Belfast’. Agus tá curtha i gcló in The Irish Review, geimhreadh 1995 (‘An Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, 1845-1995’) cuntas Uí Choinníolláin féin ar an scolaíocht a cuireadh air: ‘I obtained a good school education, by which I acquired an approved knowledge of Greek, Latin and English, along with some science; but I took no degree in any University.’

Chaith sé fiche bliain ag obair mar scríobhaí in Acadamh Ríoga na hÉireann. Tar éis chuairt Rí Seoirse IV ar Bhaile Átha Cliath (12 Lúnasa-3 Meán Fómhair 1821) tugadh an gradam ‘Irish Historiographer to the King’ dó, teideal a bhí aige go haimsir Victoria. Scríobh sé: Grammatical interlineary version of the Gospel of St John (1830), arbh í a aidhm bunús, chomhréir, deilbheolaíocht agus foclóir na Gaeilge a theagasc; Grammatical praxis on the Gospel of St Matthew; A dissertation on Irish grammar, comprising a critique on the latest grammar of that language (1830); A practical grammar of the Irish Language (1844). Ba é a mhórshaothar The Annals of Ireland, translated from the original Irish of the Four Masters. With annotations by Philip Mac Dermott and the translator (1846) ach rinneadh neamhaird de a luaithe a foilsíodh eagrán mór Sheáin Uí Dhonnabháin in 1848-51 agus fágadh an foilsitheoir bancbhriste. Is léir ar thagairt in Recollections an cheannaire pholaitiúil William O’Brien (1852-1928) go raibh meas bíobla air go ceann tamaill: ‘I was born in Mallow on October 2, 1852. I first ascertained the fact from an entry on the fly-leaf of Connellan’s edition of the Four Masters, on which the dates of my parents’ marriage and of the births of their six children, with the names of their several god-parents were recorded . . . . It is possible that my future life was in some degree influenced by finding our little family history thus early linked with these sorrowful national chronicles. My small head ached in the endeavour to follow the dry catalogues of deaths, and predatory expeditions of which the Annals for several centuries chiefly consisted . . .. I am afraid I generally rose from my readings with a higher opinion of the annotator than of the Four Masters’.

Nuair a bunaíodh Coláiste na Banríona i gCorcaigh in 1849 ceapadh é ina Ollamh le Teangacha agus Litríocht na Ceiltise. Ní raibh ann, deir an tOllamh John A. Murphy (The College: a history of Queen’s / University College Cork, 1845-1995, 1995), ach oifig gan chúram. Níor theastaigh uaidh aon léacht phoiblí a thabhairt; dhéanfadh a leithéid dochar dá shláinte agus in Eanáir 1851 thairg sé éirí as a phost. Tharraing sé an tairiscint siar agus d’fhan go dtí 1862-3. B’annamh níos mó ná beirt mhac léinn a bheith aige. Ach léiríonn Buttimer gur lú fós a bhí ag fear na Gaillimhe agus nach raibh mac léinn riamh ag Seán Ó Donnabháin i mBéal Feirste. Tá cur síos ag Buttimer in The Irish Review ar chineál na gceisteanna a leagadh sé amach sna scrúduithe agus deir sé: ‘Is cosúil gur éirigh go réasúnta maith lena chuid léachtaí sa mhéid go mbíodh mic léinn Chaitliceacha is Phrotastúnacha i láthair acu ó dháimheanna éagsúla, na hEalaíona, an Talmhaíocht, an Leigheas is an Dlí.’ Duine a bhí ag freastal ar na léachtaí in 1856-57 ba ea Seoirse Sigerson. Deir Buttimer freisin: ‘Dheineadh Ó Coinníolláin na bacanna a cuireadh ar Cheiltis a cháiseamh go rialta: níor ceadaíodh í a thógaint mar ábhar céime agus bhí na scoláireachtaí a ghaibh léi suarach, dar leis.’ I litir chuig Comhairle Acadúil an Choláiste luaigh sé i measc na dtairbhí a bhainfeadh le múineadh na teanga ‘as also tending to promote a harmonious intercourse between the various classes of the country; independent of its utility to the Physician, the Lawyer, the Clergyman and all others, whose avocations brought them into contact with the Irish speaking portion of the population, who still form so large a numerical proportion of our country’ (i gcló in The Irish Review). Is cosúil gurbh fhearr leis gur go Béal Feirste a chuirfí é agus nochtann Buttimer an tuairim seo: ‘Ráineodh gur seoladh Protastúnach ó dheas agus Caitliceach ina mhalairt de threo chun an t-éileamh a bheadh ar an ábhar nua a mhaolú. D’áiteoinn go mba mhian leis na húdaráis ná héireodh chomh maith sin le múineadh na Gaeilge sa deisceart go pointeáilte.’ Tar éis a imeachta as Corcaigh níor líonadh cathaoir seo na Gaeilge go ceann breis is daichead bliain.

Chaitheadh Owen laethanta saoire an tsamhraidh ag obair leis i leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann agus lean air nuair a d’éirigh sé as an ollúnacht. Bhí sé ina leasuachtarán ar an gCumann Oisíneach agus ba iad a d’fhoilsigh a eagrán de Imtheacht na Tromdáimhe, or, The proceedings of the Great Bardic institution (1860). In 1869 foilsíodh in Proceedings of the Royal Irish Academy X ‘On the rivers of Ireland, with the derivation of their names’. Bhíodh an Donnabhánach ag géariomaíocht leis agus thug sin air cur síos ar an gCoinníollánach mar ‘a peasant from Tireragh, who has as much brains as a hatching goose’; ní fhágann an ghé ghoir an nead ar rud ar bith agus ní itheann sí dada fiú. D’éag sé i mBaile Átha Cliath ar 4 Lúnasa 1871 (agus ní in 1869 mar a dúradh in Dictionary of National Biography agus i bhfoclóirí beathaisnéise eile). In innéacs uachtanna 1871 sa Chartlann Náisiúnta tá an cur síos seo: ‘Owen Connellan, late of Emor Street, South Circular Road, Dublin, Professor of the Irish Language, Queen’s University, Cork, deceased, who died 4 August 1871. Probate to Abraham Connellan of 1 Emor Street, printer, the universal legatee.’ Bhí sé bochtaithe go mór um an dtaca seo: measadh a mhaoin phearsanta a bheith faoi bhun £20. Tá curtha síos sa teastas báis gurbh fhear pósta é, gurbh ag 1 Sráid Emor a d’éag sé agus gur ‘general debility’ ba thrúig bháis dó. In Alumni Dubliniensis tá Thomas Connellan liostaithe, mac léinn darb aois 29 a chuaigh isteach i gColáiste na Tríonóide 1 Bealtaine 1854, ‘Son Of Owen, Professor of Celtic, Queen’s College, Cork’. I mBaile Átha Cliath a rugadh é.

Tá nóta ar chaidreamh Owen le Lord George Hill sa réamhrá le List of Irish MSS in Cambridge Library (1986) le Pádraig de Brún agus Máire Herbert. Is do Hill a thiomnaigh sé cuid dá fhoilseacháin agus is do Hill a thug sé an chreidiúint gur athnuachadh in 1830 an pinsean a tugadh a chéaduair dó in 1826.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú