Más é Petrie athair na seandálaíochta go náisiúnta, thuill an fear seo an teideal sin i gCúige Mumhan. Is é a thug Richard Brash, duine dá chomhghleacaithe i gCorcaigh, air ‘The Father of Ogham Discovery in the South of Ireland’. Baineann tábhacht nach beag lenar fhág sé ina dhiaidh, in Acadamh Ríoga na hÉireann, de litreacha ó scoláirí, ársaitheoirí, scríbhneoirí agus eile, agus de nótaí páirce (a bhfuil samplaí díobh in aiste J. P. McCarthy), gan trácht ar a chnuasach maith lámhscríbhinní san institiúid chéanna. Tá cuntais: in Irish Monthly, Aibreán 1898 ag James Coleman (‘Contributions to Irish Biography’, No. 34 Part 1); in Dictionary of National Biography; ag Pádraig de Brún in Kerry Historical and Archaeological Society Journal, 1971; ag Breandán Ó Conchúir in Scríobhaithe Chorcaí 1700-1850 (1982); ag J.P. McCarthy in Journal of the Cork Historical and Archaeological Society, 1991 (‘Journeying to a journal: the Society’s predecessors’); agus tá aiste ag Michael Viney in eagrán 1987 na hirise sin, ‘John Windele’s Irish researches or antiquarian Gleanings’, ar cur síos é ar an gcuid de bhailiúchán gearrthóga, paimfléad, catalóga agus cáipéisí Windele a fuair a bhean Ethna le hoidhreacht.

B’as Ciarraí dá mhuintir agus Windle an chaoi a litríodh siad an sloinne Sasanach seo. I gcathair Chorcaí a rugadh é, agus ag Cnoc an Bhláraigh ann a bhí cónaí air agus bhí post aige in Oifig an tSirriam ann. Óna óige bhí spéis aige sna seaniarsmaí a bhí ina thimpeall agus dhéanadh sceitseanna díobh. In 1826 bhí sé ina eagarthóir ar Bolster’s Quarterly Magazine (1826-30) agus ann a d’fhoilsigh sé a chéad aiste. Dúirt an tAthair Patrick Power faoin iris seo gur dóigh gurbh í ‘the most considerable and ambitious provincial magazine of purely literary character ever produced in Ireland’ í. Bhunaigh sé féin, J.J. Callanan agus Thomas Crofton Croker cumann ar thug siad ‘The Anchorites’ air i ngeall ar a spéis sna cloigthithe. D’fhoilsigh sé Descriptive notices of the City of Cork and its vicinity, Gougane-Barra, Glengariff and Killarney (1829). Deir Ó Conchúir gurbh é an saothar seo ba mhó a thuill clú dó. Leabhar eile leis is ea A Guide to Killarney. Scríobh sé an mhír faoi ogham in Ireland and its scenery le Samuel agus Anna Maria Hall. Bhí ailt aige in Dublin Penny Journal, Kilkenny Archaeological Society Journal agus Ulster Journal of Archaeology.

Bhí sé ar an duine ba tábhachtaí san South Munster Antiquarian Society, cumann arbh í an fhánaíocht i mbun taighde an rud is mó a dhéanadh na baill. Coisí maith a bhí in Windele nár mhiste leis tríocha nó daichead míle sa ló a shiúl ar fud Chorcaí agus Chiarraí ar thóir iarsmaí. Thugadh sé cuid de na clocha oghaim abhaile leis ar eagla go loitfí iad agus thug ‘leabharlann mheigiliteach’ ar a raibh bailithe aige díobh; tá siad anois i gcúram Choláiste Ollscoile Chorcaí.

Chuir sé eolas ar an nGaeilge ach deir Ó Conchúir nach móide go raibh labhairt na teanga go maith aige. Bhí spéis aige sa tseanlitríocht agus bhí ar choiste an Celtic Society in 1845 agus ina leasuachtarán ar an gCumann Oisíneach. Bhí sé ag ullmhú eagráin de Agallamh na Seanórach sular thit an cumann deireanach sin as a chéile. Tá luaite ag Owen Connellan in imleabhar a cúig d’imeachtaí an chumainn go raibh an saothar seo á ullmhú dóibh. Seosamh Ó Longáin an scríobhaí is mó a dhéanadh obair dó de réir Uí Chonchúir. Deir J.P. McCarthy: ‘Windele’s association with Gaelic scholarship was by no means peripheral. Unlike many of his contemporaries he went beyond the consciousness of the topographer as he sought to understand the culture of which the antiquities were an expression and the importance of Fr Matt’s [Ó hArgáin q.v.] influence on him should not be underestimated. From the ogham cipher to the translation of early manuscripts he progressed, these pursuits absorbing the best of his talents.’ D’éag sé ar 28 Lúnasa 1865 agus tá sé curtha i reilig Mhaitiú i gcathair Chorcaí. Luann Coleman mac leis a bheith i gCalifornia agus triúr iníonacha leis (Mrs Leonard, Mrs Killen, Mrs MacDonnell) a bheith beo in 1898. Garmhac leis, an tAthair Mark Leonard i mBaile an Chollaigh, a chabhraigh le Coleman chun an cuntas a chur le chéile.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú