Maraíodh a fear céile, Art Ó Laoghaire, i gCarraig an Ime, leath slí idir Maigh Chromtha agus Sráid an Mhuilinn, Co. Chorcaí, in 1773 agus is uirthi de ghnáth a leagtar ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’ atá ar cheann de sheoda litríocht na Gaeilge. Cuireadh i gcló a chéaduair sa dara himleabhar é de The last colonel of the Irish Brigade: Count O’Connell and old Irish life at home and abroad 1745-1833 (1892) le Mrs Morgan John O’Connell; is é an nóta atá ag gabháil leis (i litriú an lae inniu): ‘Caoineadh ar mharú Airt Uí Laoghaire i gCarraig an Ime a.c. 1773 le hEibhlín Dubh Ní Chonaill i. a bhean. Scríofa ó bhéalradh [sic] Nóra Ní Shindhile, caointeoir Gaeilge, aistrithe ó lámhscríbhinn Éamoinn de Bhál ón mBaile Gallda. Donnchadh Ó Súilleabháin, Corcaigh, 1860’ (‘Revised by John Fleming, Dublin, 1891’ atá curtha leis an leagan Béarla den nóta). Meastar gur scríobhadh an leagan sin tuairim 1800 agus gur scríobh Domhnall Mac Cába an dán ón bhean chéanna tuairim 1850. Sa chéad imleabhar (lch 238) deir Bean Uí Chonaill: ‘I am indebted to Sergeant Michael O’Connor, an old follower of the extinct Falveys, for this poem, and to Michael Houlahan (since dead), an old follower of the O’Learys, a car-driver in Cork, for telling me the retired sergeant of the R.I.C. possessed the precious manuscript.’

Thug Seán Ó Tuama nuachóiriú amach in 1961 agus tá réamhaiste aige sa leabhar sin ar Eibhlín agus Art agus a muintir agus ar an trioblóid a tharraing Art air féin, chomh maith le cuntas ar leaganacha agus a stair agus ar fhoinsí eolais. In Repossessions: selected essays on the Irish literary heritage (1995) tugann sé abairt as léacht a thug Peter Levi: ‘I think it is the greatest poem written in these islands in the whole eighteenth century.’ Níl amhras ar an Tuamach i dtaobh cé a chum an caoineadh: ‘... tá dólás agus pearsantacht Eibhlín Dubh le léamh chomh láidir sin tríd síos, gur féidir gan aon bhaol údar an dáin a thabhairt uirthi’ (Ó Tuama agus Kinsella, An Duanaire ..., 1981). In An caoine agus an chaointeoireacht (1998) déanann Breandán Ó Buachalla athléamh ó bhonn ar an dán agus tugann dúshlán na dtráchtairí trí cheisteanna bunúsacha i dtaobh a sheachadta agus an mhodha cumadóireachta, i dtaobh talamh slán a dhéanamh den insint thraidisiúnta gurbh í Eibhlín Dubh a chum agus gur cáipéis chruinn faisnéise an dán; tá liostú cuimsitheach déanta aige ar a bhfuil scríofa faoin dán féin, faoin gcaoineadh agus faoin gcaointeoireacht. Cuireann alt L. M. Cullen in History Ireland, Vol. 1 no. 4, Geimhreadh 1993 (‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire: The contemporary political context’) marú Airt i gcomhthéacs na haimsire sin i bpolaitíocht Chorcaí agus na bpéindlíthe. In Eighteenth century Ireland (‘The contemporary and later politics of Caoineadh Airt Uí Laoire’), 1993 cuireann an staraí céanna béim níos troime ar údar an dáin a chur le bonn; is é a bhreithiúnas: ‘On balance it is likely that, while its composition by the widow is not to be excluded (and a widow conversant with poetic composition could meet the demands), it was written by an unknown author or authors.’

Duine den bheirt is fiche a rugadh do Dhomhnall Mór Ó Conaill, Doire Fhíonáin, Co. Chiarraí, agus dá bhean Máire Ní Dhonnabháin Dhubh (Máire Ní Dhuibh), arbh fhile í freisin, ba ea Eibhlín. Bhí sí ar dhuine den ochtar cailíní a mhair. Bhí ceathrar deartháireacha aici. Aintín ba ea í le Dónall Ó Conaill (1775-1847). Sula raibh sí cúig bliana déag d’aois pósadh í ar sheanduine de mhuintir Uí Chonchubhair sna Foidhrí. De réir an bhéaloidis, nuair a tugadh abhaile í go dtí a theach, bhris na téada i gcláirseach sa halla, rud ba chomhartha mí-ádh. I gceann sé mhí bhí sí ar ais lena muintir, í ina baintreach. Ar cuairt ar a dheirfiúr, Mary Baldwin, a raibh cónaí uirthí i gCloch Eidhneach, is ea casadh uirthi Art Ó Laoghaire ó Ráth Luíoch in aice le Maigh Chromtha agus thit sí i ngrá leis. Bhí drochmheas ag a muintir air. Bhí tamall caite aige in arm Bhanimpire na hOstaire, é ina chaptaen sna Husáir Ungáracha, agus éirí in airde air a chuir olc ar chomharsana ar den chinsealacht iad, é á ngriogadh go móiréiseach trína chlaíomh a iompar go poiblí agus éadach den fhaisean air. Bhain sé féin agus muintir Uí Chonaill leis an mionuaisleacht Ghaelach ar oir dóibh gan aird a tharraingt orthu féin ar an gcuma sin. Phós siad in 1767. Scríobh a deartháir sa Fhrainc, Domhnall Ó Conaill, an 26 Bealtaine 1768: ‘I am sorry to learn that our sister Nelly has taken a step contrary to the will of her parents, but love will not know nor hear reason.’ Deirtear gur mhaith a máthair di, gur thuig sise nach bhféadfadh Eibhlín gan géilleadh d’fhear chomh dathúil le hArt.

In 1771 d’éirigh idir Art agus Abraham Morris in Hanover Hall, fear a bhí ina Ard-Sirriam ar Chorcaigh in 1760 agus a bhí anois ina ghiúistís. Bhí coireanna á gcur i leith Airt ag Morris, ar cheann díobh gur thug Art fogha faoi ina theach féin. Thairg sé fiche punt don té a ghabhfadh é. Ghearáin Art gur lean Morris agus a sheirbhíseach le gunna é agus gur goineadh é. Tá na fógraí a d’fhoilsigh an bheirt i gcló ag Ó Tuama (1961). Tuairimítear gur bhean ba chúis leis an naimhdeas. B’fhéidir go raibh cás cúirte ann. Bhí an chloch sa mhuinchille ag Morris dó ina dhiaidh sin. Faoi na Péindlíthe ní raibh cead ag Caitliceach capall a bheith aige arbh fhiú níos mó ná £5 é. Bhí láir bhreá ag Art agus bhain sí rás a raibh capall Morris ann. Thairg Morris an cúig phunt. Ní ghlacfadh Art leis. Bhí ar intinn aige, más fíor, luíochán a dhéanamh roimh Morris ach chuala seisean faoi agus chuaigh sa tóir air le saighdiúirí gur lámhachadh Art ag Carraig an Ime 4 Bealtaine 1773. Tuairimíonn Cullen gurbh fhéidir gur ghlac Art leis gur chomhrac aonair a bheadh i gceist. D’imigh an láir abhaile agus ba ghairid go raibh Eibhlín ag caointeoireacht os cionn an choirp, más fíor gur cur síos réalaíoch ar ar tharla dáiríre is ea an dán. Cuireadh an dlí ar Morris ach níor fritheadh ciontach é de bharr ionramhála an pháirtí ar díobh é. Tamall ina dhiaidh sin, deir Mrs Morgan John O’Connell: ‘... Arthur’s brother, largely incited, I fear, by the widow, shot Morris in Cork and fled to France.’ Níor maraíodh Morris ach chuir sé a shealús ar ceant agus ní rófhada a mhair sé ina dhiaidh sin. Scríobh deartháir Eibhlín, Domhnall, chuig a dheartháir Muiris 20 Meitheamh 1773: ‘I learned the unhappy fate of poor Arthur O’Leary. I can’t express how much I’ve been shocked by it. The short acquaintance I had with him gave me a more favourable opinion than I had at first conceived of him. I still foresaw that his violence and ungovernable temper would infallibly lead him into misfortune .... It’s, however, no small comfort to be assured there remains some livelihood for his orphans and widow .... You are too generous to add to her misfortunes. I am sure you’ve ere now forgot that she ever offended you, and let you exert your friendship for her and children.’ Deir Ó Tuama gur cuireadh oideachas ar a beirt mhac, Fear agus Conchubhar, i bPáras agus go raibh mac le Conchubhar, an Dr Purcell O’Leary, ina ollamh le leigheas i gColáiste Ollscoile Chorcaí. I measc na bhfoinsí eolais a luann sé tá cuntas a thug Conchubhar in 1837 ar bhás a athar atá i measc lámhscríbhinní John Windele in Acadamh Ríoga na hÉireann. Cé nach bhfuil a fhios cathain a d’éag Eibhlín tugtar 1800 de ghnáth mar bhliain a báis.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú