Tá an chuid is mó den bhuneolas ina thaobh, chomh maith le cuntais Eoghain Uí Chomhraí agus James Hardiman, i gcló ag Standish Hayes O’Grady in Catalogue of Irish manuscripts in the British Museum, 1926. Scríobh Tomás S. Ó Broin ‘Peadar Ó Conaill 1755-1826: foclóirí agus fear léinn i gContae an Chláir’ in Feasta, Meitheamh 1977. Tá cuntas ag Eilís Ní Dheá in Dál gCais, 1991 (‘Lucht Scríofa Lámhscríbhinní i gContae an Chláir san 18ú hAois’), agus ag Dermot F. Gleeson in Studies, Meán Fómhair 1944 (‘Peter O’Connell: Scholar and Scribe 1755-1826’). Tá an aiste ‘Peadar Ó Conaill, Scoláire agus Scríobhaí (1755–1826)’ le hÉilís Ní Dheá i gcló in County Clare Studies: essays in Memory of Gerald O’Connell, Seán Ó Murchadha, Thomas Coffey and Pat Flynn, 2000 in eagar ag Ciarán Ó Murchadha. Sa Charn i bparóiste Chill Íomaí, Co. an Chláir, a rugadh an foclóirí seo. Tadhg (d’éag 1783) a bhí ar an athair. Deirtear go raibh feirm ag a mháthair, Áine (d’éag 1784) agus thabharfá as cuntas Uí Bhroin go raibh siad go maith as. Is cosúil gurbh i scoil scairte, i mBarrán, b’fhéidir, a fuair sé scolaíocht. Bhí sé cairdiúil le hathair Eoghain Uí Chomhraí. Bhí scoil aige sa Mhaighean ach is le foclóireacht a chaith sé a dhúthracht. I mbun na taighde thaistil sé Éire, an Bhreatain Bheag, Albain, Inse Ghall agus Inse Orc. Dúirt Hardiman gur tamall de bhlianta a chaith sé i ngarbhchríocha na hAlban, i 1787 agus 1792 de réir Uí Bhroin. B’fhéidir gur thug muintir Mhic Dhomhnaill, Cill Chaoi, cúnamh airgid dó nó go raibh sé ag múineadh agus ag cóipeáil lámhscríbhinní i rith an taistil. Chomh maith le hábhar a bhailiú i gcomhair an fhoclóra rinne sé staidéar ar an bhfocleolaíocht chomparáideach. Deir Ó Comhraí go raibh tuiscint aige ar an tSean-Ghaeilge. Nuair a d’fhill sé chaith sé tamall i mBaile Átha Cliath ag obair ar bhailiúcháin lámhscríbhinní. Deir Hardiman gur phátrún aige ba ea Cathal Ó Conchubhair agus gur chaith sé tamall leis i mBéal Átha na gCarr; ‘he appears to me a conceited and ignorant young man’, a dúirt an seanscoláire faoi (i gcló ag Ó Broin). Bhí sé ag obair tamall i gColáiste na Tríonóide do Theophilus O’Flanagan agus san Acadamh Ríoga. Pátrún eile aige, i 1797, an Chevalier Tomás Ó Gormáin.

In 1812 chuaigh sé chun cónaithe i dteach Shineon Uí Ríordáin, dochtúir i gcathair Luimnigh (d’éag ar 10 Iúil 1821), agus chaith deich mbliana ann. Deir Ó Broin gur ar cuireadh ó Theophilus O’Flanagan a chuaigh sé ann. Bhí an Society for the Revival of Ancient Irish Literature bunaithe ann ag an Ríordánach, an Flanagánach ina ollamh acu agus Risteárd Mac Uileagóid {q.v.] mar rúnaí. I Lúnasa 1813 d’iarr an cumann sin giní mar shíntiús chun an foclóir a fhoilsiú (Séamus Ó Casaide in Irish Book Lover, Iúil-Nollaig 1928). In An Claidheamh Soluis 20 Eanáir 1917 tagraíonn an leabhareolaí céanna d’iarracht a rinne an cumann é a fhoilsíu. Is é fianaise Eoghain Uí Chomhraí faoin tréimhse seo: ‘He [Dr O’Riordan] collected ancient and modern MSS for him from all parts of Ireland; and by affording him a comfortable hospitable home, enabled him to pursue the object of his life with more ease and efficiency than his hitherto wandering life would allow him.’ Deir Ó Broin nach fíor gur fhág sé teach an Ríordánaigh de dheasca easaontais eatarthu. Tuairimíonn Gleeson go raibh scoil aige sa chathair agus go raibh Maelsheachlainn Ó Comhraí, dearthair Eoghain, mar dhalta aige. Is léir gur chuidigh Maelsheachlainn le hobair an fhoclóra mar deireann Eoghan: ‘Almost all the Irish words and passages written in the Irish character were written by my brother’—sa chló rómhánach atá an chuid is mó den saothar. Nuair a d’fhág sé Luimneach i ndiaidh bhás Uí Ríordáin, d’fhill ar an gCarn, go dtí teach a dhearthár Pádraig, agus bosca lán de leabhair ar a dhroim aige. Thosaigh sé ag múineadh sa Mhaighean arís. Um an dtaca seo bhí an foclóir ullamh don phreas aige.

D’éag sé ar 24 Feabhra 1826. Chuaigh a nia, Anthony O’Connell, go Trá Lí agus thaispeáin an foclóir do Dhomhnall Ó Conaill ach ní bhfuair de fhreagra ón bhfear mór ach gur seanamadán a bhí san uncail, gur cur amú ama a bhí sa saothar. Chuir Anthony an leabhar i ngeall i dTrá Lí ar dheich scilling. Cheannaigh Ó Comhraí an ticéad uaidh agus d’fhuascail an lámhscríbhinn. Thairg sé don nia go bhfaigheadh sé ceannaitheoir i mBaile Átha Cliath. ‘But he was a drunken, dilatory man and paid no attention to my letters.’ Tháinig Hardiman tur te ó Bhaile Átha Cliath gur cheannaigh ón nia é. Gheall sé don Chomhraíoch gurbh in Éirinn a d’fhanfadh sé, gur do Mhaigh Nuad a thabharfadh sé é, go raibh lámhscríbhinní á mbailiú aige don choláiste sin. Caitliceach dílis ba ea Ó Comhraí agus ba leor sin lena shásamh. ‘Whether Mr Hardiman spoke truth to me then or not is best known to himself, but, in a short time after, he sold the work with a large collection of other Irish MSS. to the British Museum, and never deposited one in Maynooth.’ Ls Egerton 83 a uimhir i Leabharlann na Breataine. Tá cóip sa Leabharlann Náisiúnta agus ceann eile san Acadamh. Níl amhras ach gur tharraing an scéal sin droch-cháil ó shin ar Hardiman. Deir Thomas Wall in Béaloideas, 1962 (‘Teige MacMahon and Peter O’Connell, seanchaí and scholar in Co. Clare’): ‘O’Curry is unkind, indeed exceedingly harsh, in his appraisal of all the parties involved in this affair.’ In Irish Monthly, Eanáir 1886 tá cuimhní Mrs Morgan John O’Connell ar an seanchaí seo a thug amhráin do George Petrie; bhí sé ag obair do dheartháir Pheadair agus bhí aithne aige ar Pheadar féin.

In 1819 fritheadh ar bhruach na Sionainne corp Eibhlín Ní Áinle, ‘An Cailín Bán’, a dúnmharaíodh 13/14 Iúil na bliana sin. Thug muintir Uí Chonaill cead í a chur ina n-uaigh i seanreilig an Bharráin agus is ann freisin ar ball a cuireadh Peadar. Thug Ó Casaide cuairt ar an reilig i 1923: ‘Last summer, while visiting Peter O’Connell’s grave within a few miles of Kilrush, I had positive evidence of the vandalism of ignorant trippers, who having heard that the Colleen Bawn is buried in the same grave, knock chips off the fine grave-stone erected to the memory of the great Irish Scholar by his nephew Anthony O’Connell.’ ‘Professor of Languages and Teacher of Philosophy’ atá gearrtha ar an gcloch agus 71 bliain d’aois a deirtear a bhí sé. Tá lámhscríbhinní dá chuid in Acadamh Ríoga na hÉireann agus i Leabharlann na Breataine; dhá scór a d’fhág sé ina dhiaidh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú