Críostóir Túinléigh, comharba Hardiman i Leabharlann Choláiste Ollscoile na Gaillimhe, a scríobh an cuntas is iomláine dá bhfuil againn air (Galvia: Irisleabhar Chumann Seandálaíochta is Staire na Gaillimhe 3, 1956). Bhí leisce riamh ar Hardiman féin aon eolas a thabhairt ar a chúlra. Dúirt Seán Ó Donnabháin, ar chara saoil aige é, gurbh i gceantar Chathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é. De mhuintir Argadáin é, ar Hargadon an gnáthleagan Béarla de. B’as Oireamh, Co. Maigh Eo, dá mháthair, Marcella Hall, agus is i gContae na Mí a rugadh an t-athair. Ní heol cár cuireadh oideachas air. Shíl an Donnabhánach freisin go raibh ar intinn aige a bheith ina shagart ach nár tugadh cead ar an ábhar go raibh sé ar leathshúil. Faoin am ar tháinig cead speisialta an Phápa, i gcionn naoi mbliana, bhí sé tagtha ar mhalairt intinne. Idir dhá linn bhí aistrithe go Gaillimh ag an teaghlach agus siopa, más fíor, ag an athair ann. Faoi 1811 bhí post fochoimisinéara faighte aige in Oifig na dTaifead Poiblí. 19 bliain a chaith sé ann. Níorbh fholáir eolas maith ar Laidin a bheith aige sa phost sin. In 1815 cháiligh sé mar aturnae. Bhí sé go maith as sa saol, talamh i Maigh Eo á cheannach aige, gan trácht ar an bhfeirm in Oireamh a thug a mháthair dó. 200 acra a bhí ligthe amach ar cíos aige. In 1820 foilsíodh, ar a chostas féin, a mhórshaothar, The History of the Town and County of the Town of Galway from the Earliest Period to the present time. Cúpla bliain ina dhiaidh sin a thosaigh sé ag bailiú lámhscríbhinní agus ag fostú scríobhaithe mar Sheán Ó Donnabháin, Finghin Ó Scanaill agus Séamus Ó Scoireadh. Bhí an Donnabhánach faoi chomaoin aige i ngeall ar ar mhúin sé dó agus gur chuir sé in aithne don lucht léinn é. Bá é a mhol do Larcom é a fhostú le Gaeilge a mhúineadh dó (ach mhaígh Larcom rud is andóigh, gurbh é an Irish Society a thug a ainm dó).

Murach an saothar bailithe a rinne sé ní bheadh an oiread sin eolais againn inniu ar an mbeirt fhile sin ná ar Mhicheál Mac SuibhneRiocard Bairéad. Tá go leor eile dár chruinnigh sé le fáil i lámhscríbhinn i Leabharlann na Breataine faoin teideal ‘A Collection of Lyrical Compositions consisting of Songs, Jacobite Relics, etc., in the Irish Language; By the most celebrated Bards of the Province of Munster during the Eighteenth Century’. Tá cuid dá bhailiúchán i gcló in Irish Ministrelsy or Bardic Remains of Ireland, with English Poetical Translations, 2 iml., 1831. Ba iad Thomas Furlong, John D’Alton, Edward Lawson, Henry Grattan Curran agus William Hamilton Drummond a sholáthair na haistriúcháin. Bhain tábhacht riamh leis mar dhuanaire Gaeilge agus mhol Donal O’Sullivan agus Dubhghlas de hÍde go háirithe é. Ach ó aimsir Samuel Ferguson go dtí an lá inniu bhí locht á fháil ar na haistriúcháin. Shíl Hardiman go dtarraingeodh stíl liteartha Thomas Moore, abair, meas ar an earra Gaelach. Déanann Robert Welch stíl agus aidhmeanna liteartha na n-aistritheoirí a mheas in A History of verse translation from the Irish 1789-1897, 1988.

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Irish Archaeological Society in 1840 agus den Chumann Ceilteach in 1846.

Nuair a cuireadh deireadh le hOifig na dTaifead Poiblí in 1830 d’aistrigh Hardiman go Gaillimh. Is cosúil go raibh teacht isteach aige as scrúdú a dhéanamh ar cháipéisí a bhain le ginealas. Is é an fáth áirithe, más fíor, ar dhíol sé lámhscríbhinní le Músaem na Breataine ar £460 gur theastaigh airgead uaidh chun a thaispeáint go raibh ceart ag James Netterville áirithe ar an teideal Bíocunta Netterville. Nuair a thug Teach na dTiarnaí breithiúnas fabhrach ní bhfuair Hardiman pingin. I measc na lámhscríbhinní a dhíol sé bhí an foclóir mór a rinne Peadar Ó Conaill. Níor mhaith Eoghan Ó Comhraí, ná go leor eile, sin dó mar bhí geallta aige nach ligfeadh sé an leabhar amach as Éirinn.

Bhí sé ina dhlíodóir oifigiúil ag Coimisinéirí na Gaillimhe agus deir Ó Túinléigh gurbh é a bhí ag plé thar ceann an Bhardais nuair a bhíothas ag iarraidh an bóthar iarainn a thabhairt chomh fada le Gaillimh. Tairgeadh ollúnacht na Gaeilge dó nuair a bhí Coláiste na Banríona á bhunú i nGaillimh ach níor ghlac sé leis. Ina ionad sin ceapadh é ina leabharlannaí sa Choláiste ar £150 sa bhliain, post a bhí aige gur éag sé 13 Samhain 1855. Bhí a bhean marbh faoin am seo; bhí mac acu. Cuireadh é i reilig mhainistir na bProinsiasach i nGaillimh. Roimh 1840 bhí suíomh le haghaidh mainistreach agus scoile in Oireamh, 10 n-acra ar fad, tugtha aige do na Proinsiasaigh. Tá liosta a shaothair in Galvia 3. Ba é a chuir eagar ar The Annals of Innisfallen, in the Lake of Lene, or Killarney; as collected and arranged by the clergy of that island. To which is added, a topographical index, with an introductory preface , and a brief memoir of the translator, Translated from the original by Theophilus O’Flanagan, 1822 agus A Chorographical Description of West or H-Iar Connaught, written in A.D. 1684 by Roderic O’Flaherty, 1846.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú