Is beag ar fad atá ar eolas ina thaobh. File agus scríobhaí ba ea é. Bhí cuntais air ag Gerald O’Connell in Clare Champion, 23 agus 30 Nollaig 1988 agus 29 Nollaig 1989. Bhí nóta gairid ag Seán Ó Dálaigh in Poets and Poetry of Munster agus dúirt gurbh as Áth na gCaorach dó. Is cosúil gur dhochtúir leighis é. Tá an tagairt seo dó ag Pádraig Ó Fiannachta in Lámhscríbhinní Gaeilge Choláiste Phádraig Má Nuad, Fasc, VI, 1969 (‘Páipéir le Peadar Ó Conaill’): ‘Leabhar Shéamais Doctúir Mac Consaidín d’fuireach ag Tomás [..Ó] Griofaidh a nUibh Breacain.’ Tá 14 dánta dá dhéantús liostaithe ag Ó Fiannachta.

Deir Gerald O’Connell: ‘Séamus Mac Consaidin studied medicine during his formative years and was well respected as a scholar in West Clare. particularly in Doonaha and Mullagh. It appears that he was blessed with a long lease of life since we are informed by Eugene O’Curry in 1839 that he was a regular visitor to his father’s house some 40 years previously. This is how he was spoken about in Annageeragh where he lived for some time: “He was very useful to the sick people of that remote locality when a doctor was not near”.’ Chaoin sé Seán de Hóra. Filí agus scríobhaithe i lár an 19ú haois ba ea Domhnall agus Michéal Mac Consaidín agus, ar nós Shéamais, bhí baint acu le hInis. Tá cuntas ag Eilís Ní Dheá in The Other Clare: annual journal of The Shannon Archaeological and Historical Society, 2002 (‘Na Consaidínigh: Grafnóirí na hInse sa 19ú haois’). Is iad Domhnall (fl.c.1845-73), Mícheál (fl.c.1855) agus Mícheál (fl.c.1818-24) na Consaidínigh sin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú