Tá eolas ina thaobh ag Tadhg Ó Murchú in Faiche na bhFilí, 1962 agus ag Breandán Ó Conchúir in Scríobhaithe Chorcaí 1700-1850, 1982. Cuireann Ó Conchúir tábhacht lena litreacha; tugann siad ‘éachtaint dúinn ar mheon agus ar imeachtaí cuid de na scríobhaithe agus de lucht saothraithe an léinn Ghaelaigh sa chéad cheathrú de 19ú haois’. Ó Floinn faoi deara freisin do chuid mhór lámhscríbhinní a theacht slán.

Bhí cónaí ar an scríobhaí seo i gcathair Chorcaí ó c.1782 amach agus is i Sráid Seandúin, mar a raibh siopa grósaera aige, a bhí cónaí air ar feadh an tríocha bliain go 1830. I mBaile na gCloch, Carraig na bhFear, a rugadh é. Síltear go raibh cónaí ar a mhuintir roimhe sin i mBaile an Chrócaigh, áit atá níos cóngaraí don chathair. Bhí Fraincis agus Laidin aige agus suim aige i gcúrsaí na Fraince agus tuairimítear gur chaith sé tamall sa Fhrainc, mar mhac léinn eaglasta, b’fhéidir. Bhí comhfhreagras aige le Mícheál Óg Ó Longáin, le Peadar Ó Conaill, le Pól O Briain, le Patrick Lynch (1754-1818) agus le James Hardiman; tá litreacha a chuir sé féin agus Ó Briain chuig a chéile i gcló ag Pádraig de Brún in Éigse Iml. XII, Cuid a II, 1968 (‘Dhá litir’). Bhí aithne aige ar cuid mhór de scríobhaithe Chorcaí a linne. Chnuasaigh sé os cionn fiche lámhscríbhinn le filí mar Eoghan Ó Caoimh agus Seán Ó Murchú na Ráithíneach, agus cheangail agus chóirigh iad. In 1817 beartaíodh ar Chomhthionól Gaeilge a bhunú i gCorcaigh agus is dóigh go raibh baint aige le cibé obair a bhí ar siúl acu. ‘In the beginning of the nineteenth century Denis O’Flynn of Cork set up in his own house a printing press for the diffusion of poems and books in Irish. He gathered around him a number of scholars and students of Irish. Among these was O’Longan, who had been a long-standing companion of his. In 1819 Fr Paul O’Brien, writing to them from Maynooth, styles their little society “Coimhthionól na nGaedheal”. Dr Murphy [Seán Ó Murchú q.v.], Bishop of Cork, was their president. They do not seem to have given any publicity to their proceedings, but they did good work for the preservation of Irish poetry and literature in general’ (Tadhg Ó Donnchadha in Journal of the Ivernian Society, Iml. 1 Uimh 4, 1909).

Deir Hardiman: ‘The first Irish type that found its way to Munster was sent in 1819 by the writer hereof to his worthy friend Mr Denis O’Flynn of Cork, an excellent Irish scholar, who erected a small printing press in his house for the patriotic purpose of multiplying copies of some favourite Irish poems as a means to their preservation.’ Bhí sé gafa le hobair na lámhscríbhinní agus dúradh faoina theach: ‘The Chronicum Scotorum, the Book of Lismore and many others rested there’. Tá cuntas ar Dhonncha agus ar scéal achrannach Leabhar Leasa Móir (recte Leabhar Mhic Chárthaigh Riabhaigh) in Agus, Iúil-Lúnasa 1982 ag ‘J.C.F’. Thug aibhéardaí Diúc Devonshire, ar leis an leabhar, ar iasacht do Dhonncha é agus nuair a tugadh ar ais go Lios Móir é in 1816, agus clúdach curtha air, bhí go leor duilleog ar iarraidh. Chuir Eoghan Ó Comhraí agus R.A.S. Macalister an locht ar Dhonncha. Déanann ‘J.C.F.’ áitiú nárbh é a bhí ciontach.

Cailleadh Donncha Bán 7 Deireadh Fómhair 1830 agus tá sé curtha i nDún Bolg. Ba é Seán Ó Dreada a chuir an fheartlaoi ar a leac uaighe. Scríobhaí freisin ba ea a mhac, Donncha Óg Ó Floinn (c.1802-84).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú