Scríobh Brian Mac Cumhghaill cuntas ar a bheatha, ar an mbéaloideas ina thaobh, agus ar a phátrúin, muintir Mhic Dhomhnaill i gCill Chaoi, Co. an Chláir, agus chuir eagar ar a raibh ar fáil dá dhánta, in Seán de Hora, 1956, 25 dán atá ann, ina measc an ceann is iomráití díobh, ‘Aithrí Sheáin de hÓra’. Bhí sé ar bhéal daoine sa Chlár anuas go dtí lár an fhichiú haois. Ag trácht dó i gcatalóg Hodges agus Smith ar an dán sin, luaigh Eoghan Ó Comhraí ‘gurbh é Séarlas Mac Domhnaill Chill Chaoi a iarr ar an Hórach teacht ó Chorcaigh go Cill Chaoi chun obair ghabhann a dhéanamh dó féin’; bhí aithne ag athair Eoghain air. Níl a fhios cén ball i gCorcaigh arbh as dó. Maidir le muintir Mhic Dhomhnaill, throid cuid díobh in arm Shéamuis II ach d’éirigh leo greim a choimeád ar a dtailte trína ndílseacht do Rí Liam a chur in iúl i ndiaidh an chogaidh. Bhí ard-mheas ar an Séarlas seo ag filí an Chláir; chuir Brian Ó Luanaigh eagar ar dhánta a cumadh dó féin agus dá mhuintir in Dánta Clainne Domhnaill. A Collection of Poems, written on different occasions by the Clare Bards in honour of the Mac Donnells of Kilkee and Killone in the County of Clare, 1863. Thóg Seán ceárta i nDún Átha, cúpla míle ó dheas ó Chill Chaoi. Ghlactaí leis go minic gur Chláiríneach é, comhartha, b’fhéidir, go raibh sé an-óg ag an bpointe sin. Níl a fhios cén t-oideachas a bhí air. Tar éis dó labhairt le seandaoine i gCo, an Chláir tuairim 1830, agus cóip á déanamh aige den dán ‘A Sheárlais Óig, A Ghrádh Uí Dhonnchadha’, dúirt Eoghan Caomhánach nach raibh léamh ná scríobh aige. Ach deir Mac Cumhaill gur follas ar a chuid filíochta go bhfuair sé oideachas fónta agus go raibh eolas maith aige ar stair na hÉireann, ar an mBéarla agus ar na clasaicigh.

D’aistrigh sé ó Dhún Átha go Cluain Fhíne thart ar 1750. Pósadh Máire Bhán, iníon Shéarlais Mhic Dhomhnaill, ar Mhuircheartach Mac Mathúna tar éis dóibh ealú. Is ar cuireadh uaithi a chuaigh Seán go Cluain Fhíne mar ghabha geata. Deirtear go raibh sé i ngrá léi. Bhí ceárta aige taobh amuigh de gheata Mhic Mhathúna, Bhí meas aigesean ar na filí agus chaoin Seán é agus ‘uaisle na gCluainíneach’. Bhí Máire ina crann taca ag filí an Chláir. Nuair a cailleadh í tuairim 1776, d’fhill Seán ar Dhún Átha.

Ní foláir nó bhí caidreamh aige le Séamas Mac Consaidín [q.v. in ‘1782–1982 Beathaisnéis: Forlíonadh’], a chum dhá thuireamh air, le Peadar Ó Conaill, a bhíodh ar cuairt in éineacht leis i dteach athair Eoghain Uí Chomhraí, agus le Tomás Ó Míocháin a chum a fheartlaoi. Deirtear go raibh aithne aige ar Bhrian Merriman agus go dtugadh sé cuairt ar theach tábhairne Sheáin Uí Thuama i Luimneach. De na dánta a chnuasaigh Mac Cumhaill is cinn a cumadh faoi mhuintir Mhic Dhomhnaill a leath beagnach. Chum sé freisin: cúpla dán ag moladh a chairde sagart, leagan fileata den ‘Ár nAthair’, barántas, pas, dán i dtaobh timpiste nuair ba dhóbair go mbáfaí é, amhrán grinn, agus amhrán breá dar teideal ‘An feirmeoir Gaelach’, Chum sé aisling amháin ‘Im’ Shuan aréir’ ar thug Ó Comhraí ‘this fine and very rare Jacobite song’ air. Aithris is ea é ar aisling de chuid Sheáin Chláraigh Mhic Dhomhnaill. Samhlaítear do Mhac Cumhaill gur airigh an Hórach amhrán an Domhnallaigh á ghabháil agus é i dteach tábhairne an Tuamaigh i gcathair Luimnigh. Bhí páirt mhór ag Bíochunta an Chláir sa bhua a rug an Fhrainc ag Fontenoy i 1745 agus tamall ina dhiaidh sin ghabh Séarlas Stíobhart Carlisle, rud a luann an file; ní hionadh an aisling seo a bheith lán dóchais agus go ndéarfadh de hÓra amach óna chroí ‘Tiocfaidh Clare i réim arís’ agus go mbeadh sé ag súil go bhfeicfeadh sé ‘méirligh an Bhéarla bhinn ar thaobh na gaoithe ag teacht don drochshíon’. Ba é tuairim Uí Chomhraí gur éag sé i 1780. Tá sé curtha i reilig Chill Choradáin. Bhí mac amháin aige ar a laghad, Tomás. Deir Mac Cumhaill (1956) nach rófhada ó bhí cónaí ar a shliocht sa cheantar.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú