I mBaile Philib i bparóiste Ghleann Maghair, Corcaigh, sa ráithe deiridh de 1801 a rugadh an scríobhaí seo agus a leathchúpla Peadar. Ba iad Mícheál Óg Ó Longáin agus a bhean Máire Uí Chrualaoich (Ní Leidhin) a thuismitheoirí. Tá cuntas air ag Breandán Ó Conchúir in Scríobhaithe Chorcaí 1700-1850, 1982 agus liostaíonn sé a lámhscríbh­inní. Deir sé gur dóigh gurbh é Pól an duine ab ansa le Mícheál Óg. In aontíos le Pól a chaith seisean cuid mhaith den am agus é imithe in aois.

Bhí Pól naoi mbliana d’aois nuair a chuir an chlann fúthu arís i nGleann Maghair. Is cosúil gur chaith sé tamall ar scoil Eoghain Uí Shúilleabháin i Sráid Brunswick sa chathair. Ó 1817 go 1820 bhí sé ag scríobh go lánaimseartha don Easpag Seán Ó Murchú agus do Shéamus de Róiste. Ag múineadh scoile a bhí sé ó 1820, tamall ar na Cloichíní, tamall i dteach feirmeora i nGleann Maghair agus ina dhiaidh sin, le Peadar, i gCarraig na bhFear agus in áiteanna eile. Fuair sé talamh sa Chnoc Buí in 1822. Luann J. Buckley in Cork Historical and Archaeological Society Journal, 1936 an leabhar urnaithe Gáirdín an Anma iar na sgríobhadh le Pól Ó Longáin chum úsáide speisialta Chaitlicí na hÉireann..., 1844 a foilsíodh i gCorcaigh. Deirtear go raibh sé ag múineadh Gaeilge do Thomás Dáibhís i mBaile Átha Cliath. Deir Seán Ó Dálaigh i litir chuig John Windele in 1846: ‘I met Paul Long in Kilkenny on his way to Dublin with about an assload of Irish manuscripts wherever he made them out...’ (Nessa Ní Shéaghdha in Celtica 17, 1985). Bhí sé ar ais i gCorcaigh in 1847 agus luann Ó Conchúir litir a chuir an tAthair Ciniféic ón Teampall Geal chuig Windele ar 30 Iúil na bliana sin: ‘Dear Sir, I beg to inform you that Peter and Paul Long, our Irish scribes, are at present in very great distress. As this is a moment in which every Christian is doing works of charity and beneficence even to those who have not merited it, I hope that you may do something to relieve them in their present difficulties. They are expecting the office of interpreters at the forthcoming elections. As a great deal is in your power, I recommend them to your charity.’ Scríobh sé seacht lámhscríbhinn don sagart seo idir 1840 agus 1850. In 1854 fuair sé post in Acadamh Ríoga na hÉireann ag clárú lámhscríbhinní. D’éag sé 18 Lúnasa 1866.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú