‘The first Anglo-Gaelic poetry’ a thug Aodh de Blacam ar dhéantús fileata Thomas Furlong agus an Challanánaigh seo (‘Two Poets who Discovered their Country’, Irish Monthly, 1946). Dar leis gur éirigh leo beirt teacht ar an náisiún aineoil. ‘Callanan was by far the greater poet: he was one of the most promising of all our lost men of genius’, a éilíonn sé orainn a chreidiúint. Scríobh B.G. McCarthy cuntas fada air in Studies, Meitheamh agus Meán Fómhair 1946. I gCorcaigh a rugadh é, i mBéal Átha an Cheasaigh, b’fhéidir. Ba dhochtúir a athair. Ó thosach bhí talamh slán déanta de ag a athair go mbeadh sé ina shagart; b’in é údar an mhífhortúin, dar le McCarthy. Chuaigh sé isteach i Maigh Nuad in 1814 ach d’fhág é tar éis dhá bhliain; bhí sé chomh cráite sin nár inis sé sin dá athair go ceann trí mhí. Fostaíodh é mar mhúinteoir baile ar feadh tamaill agus bhí in ainm is a bheith ag staidéar ar leigheas i gColáiste na Tríonóide ar feadh bliana. Thiomáin an t-éadóchas uair amháin é chun liostála san arm sa Chóbh agus chaith sé trí sheachtain in Inis Iocht sular éirigh lena chairde a shaoirse a cheannach. Bhí poist mar mhúinteoir nó mar oide baile aige i gCeatharlach, Sráid an Mhuilinn, an Sciobairín, cathair Chorcaí . . . ach níor fhan rófhada in aon phost díobh. Ní raibh aon bhuanseasmhacht ann. Bhí caidreamh aige ar scríbhneoirí agus ársaitheoirí aitheanta mar William Maginn (1793-1842), John Windele, agus Thomas Crofton Croker ach ní raibh sé sa nádúr aige tairbhe a bhaint as. Dán fada a scríobh sé in 1825 ach nár foilsíodh go 1830 is ea ‘The Recluse of Inchydoney’. Is é ‘Gougane Barra’ an dán is aitheanta dá dhéantús; chum sé é uair éigin in 1826 agus é ag foscadh ó stoirm thoirní san oiléan beag, más fíor.

D’fhoghlaim sé Gaeilge in Acadamh Reddington sa Chóbh, a oiread is a chabhródh leis feidhmiú mar shagart i bparóiste tuaithe; ag an am sin ba í an teanga ba choitianta í sna ceantair ar imeall chathair Chorcaí. ‘Callanan’s knowledge of Irish was now to be strengthened by his prolonged visits to West Cork. One would not say that it was ever very sound, but it gave him ample opportunity to develop those interests which had long attracted him and in which he was now to become absorbed. Traditions, legends, folklore, Gaelic poetry flowed into his ears through the language to which they were wedded’ (McCarthy). Deir McCarthy freisin gurbh i Sráid an Mhuilinn go háirithe a chuir sé lena eolas ar an teanga. Shíl sé gurbh fhusa dó cáil a bhaint amach trí amhráin na Mumhan a aistriú ná de bharr aon saothair bhunaidh. B’fhéidir freisin gurbh é cuairt Croker ar an Mumhain in 1821 a chuir ag machnamh ar an téad sin é. Ach duine éidreorach ba ea é agus níl againn dá leaganacha Béarla de dhánta Gaeilge ach naoi bpíosa. Ina measc tá ‘The Girl I love’ (‘Pé in Éirinn í), ‘The Convict of Clonmel’ (‘Príosún Chluain Meala’), ‘The Outlaw of Loch Lene’ (‘Muna bé an t-ól’), ‘O say, My Brown Drimin’ (‘Droimeann Donn Dílis’); The White Cockade’ (‘Bímse buan ar buairt gach ló’ le Seán Clárach Mac Domhnaill), ‘The Lament of O’Gnive’ (‘Mo thruaighe mar táid Gaodhil’), ‘The Dirge of O’Sullivan Bear’ (caoineadh ar Mhurtaí Óg Ó Súilleabháin) . . . . Foilsíodh sé cinn díobh in Blackwood’s Magazine in 1823 agus cuid eile in Bolster’s Quarterly Magazine idir 1826 agus 1828. Ceist chasta i gcás roinnt díobh is ea cad iad na bundánta; b’ fhéidir gur cailleadh cuid acu ó shin. Deir Robert Welch (‘J.J. Callanan: A Provincial Romantic’ in A History of Verse Translation from the Irish: 1789-1897, 1988): ‘In Callanan’s case it is almost as if the Irish poems rewrite themselves in another language, almost as if we encounter the impossible: Gaelic poetry in English.’ Rinne Donal O’Sullivan taighde ar fhoinsí an Challanánaigh in Journal of the Irish Folk Song Society i 1927.

Cibé ábhar a bhailigh sé agus é ag fánaíocht in iarthar Chorcaí, má bhailigh, níl fáil anois air. Deir Welch: ‘Those who knew Callanan personally or by repute tell us that he had a prodigious memory, and it is claimed that what he actually committed to writing was a fraction of what he had collected and composed.’ Chuir a sheiceadóir liteartha, Windele, an lámhscríbhinn ‘Literary remains of J. J. Callanan’ ar coimeád in Acadamh Ríoga na hÉireann.

Faoi shamhradh 1827 bhí sé beo bocht agus ní fhéadfadh a bheith ag brath feasta ar a chairde. Ag an bpointe sin fuair sé post mar oide ó Chorcaíoch i Liospóin. Ní raibh an tsláinte go maith aige um an dtaca seo agus d’fhóinfeadh aeráid na Portaingéile dó, shíl sé. Ach theip ar a shláinte dhá bhliain ina dhiaidh sin agus bhí sé ar bord loinge chun teacht go hÉirinn nuair ab éigean é a thabhairt go dtí an t-ospidéal. D’éag sé 19 Meán Fómhair 1829 i Liospóin agus cuireadh é i reilig São João sa chathair. ‘Writing from Lisbon in 1876, a correspondent of the Athenaeum stated that, owing to the destruction of church and cemetery, no trace of Callanan’s grave was to be found’ (B.G. McCarthy).

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú