Bhí sé féin agus a mhuintir roimhe ina bhfilí ag Uí Néill Chloinne Aodha Buí. Chuaigh file díobh in éineacht le Seán Ó Néill an Díomais, más fíor, go cúirt Eilíse i 1562. Deir Tadhg Ó Donnchadha in Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, 1931: ‘Ní dóigh liom gur cheart a rá gurbh é dob ollamh d’Uíbh Néill Cloinne Aodha Buidhe. Dá mba ollamh ar aon chor é is ag Cloinn Domhnaill a bhí sé.... Fear Flatha féin dob é ceann na fine é, mar tugtar “Ó Gnímh” air.’ Níl a fhios go cinnte cá raibh cónaí ar a mhuintir i gContae Aontroma; in Éigse, fómhar 1950 tá mír i dtaobh Bhaile Uí Ghnímh in ‘Varia’ le hÉamonn Ó Tuathail agus tuairimíonn sé: ‘The exact position of Ó Gnímh’s place of residence has not been determined but there can scarcely be any doubt that it was in Co. Antrim and in the neighbourhood of Larne, chiefly in the barony of Upper Glenarm in the 17th century.’ Mar áit chónaithe ag filí atá Baile Uí Ghnímh luaite ag Piaras Feiritéar sa dán ‘Oide a ndréachtaibh an dreasfháil’ (in eagar ag Tomás Ó Rathile in Ériu XIII, 1942). Nasctar é freisin le Baile Uí Gheithligh in Aontroim. Pléann an Dr Séamus Ó Ceallaigh an cheist in Gleanings from Ulster History: Punann ó Chois Bhanna, 1951 agus deir sé: ‘On the whole, it seems as if Larne and the vicinity of Larne represented Ó Gnímh’s territory from some earlier period and that Ballygalley Castle on the cliff was the centre of his estate.’

Glactar leis gurb é an ‘Ferflatha Ogneiffe’ é ar tugadh pardún dó i 1602. Is le hAontroim a bhain na fir eile atá in aon liosta leis agus ina measc bhí Ognieff agus Bernard oge Ogneife. Is dóigh gurbh é an ‘Ognieff’ úd an ceann fine agus gurbh é sin an Brian Ó Gnímh céanna a scríobh dánta do mhuintir Néill agus Mhic Dhomhnaill sa tréimhse 1573–86. Glactar leis go minic gur Bhrian ab ainm d’athair Fhear Flatha. ‘Agnew’ an galldú a rinneadh ar an sloinne. Thuairiscigh Edward Lhuyd i litir um Nollaig 1699: ‘Near Larne in Antrim we met with one Eoin Agniw, whose ancestors had been hereditary poets, for many generations, to the family of the O Neals; but the lands they held thereby being taken away from his father, he had forsaken the Muses and betaken himself to the plow: So we made an easy purchase of about a dozen ancient manuscripts on parchment.’

Tuairim dosaen dán dá dhéantús a mhaireann agus is idir 1609 agus 1638 a chum sé iad. Is iad na cinn is minice a ndéantar trácht orthu: ‘Tairnig éigse fhuinn Ghaoidheal’ (i gcló in Nua-Dhuanaire I); ‘A Niocláis, nocht an gcláirsigh’, ‘Beannacht ar anmain Éireann’, ‘Cuimseach sin, a Fhearghail Óig’, agus ‘Mairg do-chuaidh re ceird ndúthchais’ (in eagar ag Osborn Bergin in Irish Bardic Poetry..., 1970); ag Tomás Ó Rathile in Measgra Dánta 11, 1927 tá ‘Mo thruaighe mar táid Gaoidhil’ agus ‘Beannacht ar anmain Éireann’; ag Láimhbheartach Mac Cionnaith in Dioghluim Dána, 1938 tá ‘Éireannaigh féin fionnLochlannaigh’. Is inspéise gur foilsíodh ‘Mo thruaighe mar táid Gaoidhil’ in Irish Magazine Watty Cox chomh fada siar le 1810, and in Irish Minstrelsy, 1831 le James Hardiman le haistriúchán J.J.Callanan. Chuir an tAimhirgíneach an bhliain 1609 le ‘Beannacht ar anmain Éireann’. Tá Imeacht na nlarlaí agus meath na n-uasal i gceist ann. Bhí tuairim á cur chun cinn gur dán coinbhinsiúnta é agus gurbh iad a phátrúin féin amháin a bhí i gceist ag Ó Gnímh. Taispeánann Breandán Ó Buachalla in New Perspectives on Ireland: Colonialism and Identity..., 1998 in eagar ag Daltún Ó Ceallaigh (‘Gaelic Response to Conquest’) gur bhain tábhacht chomhaimseartha leis an dán sin: ‘The fact that the poet perceives Ireland’s woe in an all-Ireland perspective and not in a provincial Ulster one is in itself interesting as is his claim that fear of “the foreign law” prevents him from elaborating on Ireland’s plight.’ In Irish Classics, 2000 pléann Declan Kiberd an dán ‘Mairg do-chuaidh re ceird ndúthchais’

In Aisling Ghéar..., 1996 meabhraíonn Ó Buachalla dúinn gur scríobh sé dánta seachas ‘na dánta dorcha dólásacha éagcaointeacha’ úd: ‘... scríobh sé freisin dánta suairce adhmholtacha do Sir Éinrí Ó Néill (Clainne Aodha Buí) is dá bhean Martha, iníon Sir Francis Stafford, dá macsan Art, do chéad iarla Aontroma, Raghnall Mac Dónaill, agus dán achainíoch ag lorg pátrúnachta do Sir Art Mag Aonghusa, tiarna Uíbh Eathach. Ba iad an triúr sin – Ó Néill, Mac Dónaill is Mag Aonghusa – iarmhar na huaisle dúchais in oirthear Uladh...– is bhí Fear Flatha Ó Gnímh ag fónamh dóibh mar ba dhual is mar ba dhleacht.’ Cuireann Marc Caball (Poets and Politics..., 1998) tábhacht leis na ceathrúna do Mhartha Uí Néill: ‘Martha’s status in this poem is predicated on her inculturation to Gaelic modes of civility and it presumes the occultation of her English identity.’ Sa dán ‘Gearr bhur gcuairt, a Chlanna Néill’ deir Ó Gnímh le muintir Néill go bhfuil deireadh lena ré toisc nár ghéill siad agus deir Ó Buachalla gurb é an dán is suimiúla uaidh é, más é a chum.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú