Tugann Tadhg Ó Donnchadha ‘an chéad scoláire Ceilteach’ air in Seán na Ráithíneach, 1954. Scríobh Seán Ó Murchadha na Ráithíneach dán molta, ‘Bíodh nár Ghaedheal Éadbhard’. Maítear gurb é a leabhar Archaeologia Britannica, 1707 an chéad mhórshaothar i dtaobh an léinn Cheiltigh dár cuireadh i gcló. Ceannródaí ba ea é freisin sa tseandálaíocht, sa luibheolas, sa logainmníocht, sa gheolaíocht, b’fhéidir, agus i mbailiú lámhscríbhinní. Tá cuntas air in Dictionary of National Biography. D’fhoilsigh Gwasg Prifysgol Cymru Edward Lhuyd F.R.S. 1660–1709, 1971, cuntas i mBreatnais agus i mBéarla le Frank Emery. Baineann imleabhar XIV de Early Science in Oxford, 1945 le R.T. Gunther lena shaol agus a litreacha. Leabhar eile ar a shaothar éachtach is ea Edward Lhuyd in the Scottish Highlands 1699–1700, 1963 le J.L. Campbell agus Derick Thomson. In Glan Ffraid i bparóiste Llanfihangel i gCardiganshire sa Bhreatain Bhig a rugadh é. Edward ab ainm dá athair agus ba í Bridget Pryse a mháthair. Leanbh tabhartha ba ea é. Bhí a mhuintir ar an dá thaobh go maith as. Deir R.T. Gunther nár theastaigh uaidh ‘Lloyd’, an leagan den sloinne ba rogha lena athair agus a leas-deartháireacha, a úsáid; b’fhearr leis ar aon nós cloí le seanlitriú na Breatnaise agus ‘Lhwyd’ an sloinne a chuireadh sé lena litreacha; ach is é ‘Lhuyd’ atá le Archaeologia Britannica.

Chaith sé a óige sa chuid Bhreatnach de Shropshire, is é sin le rá i gcomharsanacht Oswestry. Bhí eolas as an ngnáth aige ar luibheanna agus ar stair aigeanta sula ndeachaigh sé isteach i gColáiste Íosa, Oxford, i 1682 chun staidéar a dhéanamh ar dhlí. Níor chaith ach dhá bhliain ann agus ní bhfuair céim. Ó 1684 bhí sé ag obair i Músaem Ashmole in Oxford, ina fhochoimeádaí ar dtús agus ó 1690 amach ina choimeádaí. De réir iontráil an Dictionary of National Biography ní raibh teacht isteach aige ón bpost sin ach amháin cibé beagán a thugadh cuairteoirí chun an Mhúsaeim dó. Ba é a bhailigh ábhar sa Bhreatain Bhig le haghaidh an eagráin úir de Britannia William Camden (1551–1623) i 1695. Chuir sin a ainm mar scoláire in airde agus d’iarr cuid d’uaisle na Breataine Bige air stair aigeanta na tíre sin a scríobh. As sin a d’fhás an smaoineamh go dtabharfadh sé faoi shuirbhé ar na tíortha Ceilteacha go léir. ‘This survey was to comprise natural history, geology, history, archaeology and philology, the last because Lhuyd was very sensibly aware that a knowledge of the Celtic languages was indispensable for anyone who proposed to approach the study of the antiquities, literature, place-names, and natural history of the Celtic countries’ (Campbell agus Thomson), Bhí sé féin agus complacht bheag ag taisteal agus ag bailiú ar feadh cúig bliana. Meastar gur 3,000 míle a chuir siad díobh. Chaith sé tamaill in Éirinn agus in Albain. Bhíothas drochamhrasach air in áiteanna; sa Bhriotáin ceapadh gur spiaire é agus chaith sé 18 lá i bpríosún; sa Chorn cuireadh gadaíocht ina leith; in Pembrokeshire síleadh gur chleasaithe draíochta é féin agus a chúntóirí.

Scríobh sé i mí Dheireadh Fómhair 1694 agus é in Oxford: ‘I am now at some spare hours learning Irish, that I may be the better critic in the British, in case I should ever be concerned in the History of Wales. But I can not learn that there is any Dictionary, Vocabulary or Grammar of that language extant, nor one man in this town that can read it; which makes the task somewhat difficult.’

I litir a scríobh sé um Nollaig 1699 tugann sé cuntas ar Bhrú na Bóinne. Sa litir chéanna deir sé: ‘Near Larne in Antrim we met with one Eoin Agniw [Ó Gnímh], whose ancestors had been hereditary poets, for many generations, to the family of the O Neals; but the lands they held thereby being taken away from his father, he had forsaken the Muses and betaken himself to the plow: So we made an easy purchase of about a dozen ancient manuscripts on parchment.’ In Éirinn dó casadh Ruairí Ó Flaithbheartaigh air agus bhí teagmháil aige le Tadhg Ó Rodaighe.

Bhí cloiste aige gur foilsíodh foclóir i Lováin tamall roimhe sin. Tugadh Vocabularium Latinum et Hibernum – Foclóir Lainne agus Gaoidheilge, lámhscríbhinn fhoclóir Risteaird Pluincéad, ar iasacht dó chun go mbainfeadh sé féidhm as san fhoclóir in Archaeologia Britannica. Tugann Tomás de Bhaldraithe neart samplaí de na focail a bhfuil glacadh leo sa Ghaeilge anois i ngeall ar an gcóipeáil bhotúnach a rinne sé (‘An Pluincéadach – Ceannródaí Foclóireachta’ in Teangeolas, earrach 1987). Bhain sé leas freisin san fhoclóir as Foras Feasa ar Éirinn, as Focloir no Sanasan Nua... Mhichéil Uí Chléirigh a foilsíodh i Lováin i 1643, as Tiomna Nua Uilliam Uí Dhomhnaill, as Sean-Tiomna Bhedell agus as Grammatica Latino-Hibernica le Proinsias Ó Maolmhuaidh. Chuir foclóirithe a tháinig ina dhiaidh an stór focal sin chun tairbhe.

Foilsíodh an t-eolas a bhailigh sé ar na teangacha Ceilteacha sa chéad imleabhar de Archaeologia Britannica: an account of the Language, Histories and Customs of Great Britain, from collections and observations in Travels through Wales, Cornwall, Bas-Bretagne, Ireland and Scotland. Vol. I Glossography, 1707. Chuir sé réamhrá Gaeilge leis an bhfoclóir Gaeilge. Bhí sé réitithe le haghaidh cló aige faoi 1703 ach bhí clódóirí na hollscoile ag obair ar a mbogstróc. Níor foilsiodh saothar a bheadh inchomórtais leis gur cuireadh Grammatica CelticaKaspar Zeuss ar fáil in 1853. Ag lorg ceartúchán dó, chuir sé cóipeanna den fhoclóir chuig scoláirí in Éirinn agus in Albain. Is é a bhí i gceist go mbeadh an stair aigeanta agus an tseandálaíocht sa dara himleabhar ach níor foilsíodh é. Bhí Sliabh Phartraí, Sléibhte Mhám Toirc, Binn Ghulbain agus Néifínn dreaptha aige ar thóir bláthanna agus luibheanna. ‘His activities in the “mountain woods” near Killarney in Kerry were curtailed by the tories or outlaws, who “frustrated our curiosity here” in July 1700. Hence we cannot be sure if he ascended Carrauntual.... Even so, his collection of plants were a landmark in Irish botany.... Among his more interesting discoveries were the Irish sandwort. St Patrick’s cabbage, bearberry, and shrubby cinquefoil. His contribution to the mountain flora of Ireland was unchallenged for a hundred years’ (Emery).

Fuair sé post ollscoile in Oxford gairid roimh a bhás de phliúrasaí i Músaem Ashmole 30 Meitheamh 1709. Deirtear go raibh sé traochta ag an síorobair agus gurbh i seomraí taise an Mhúsaeim a théadh sé a luí. Ní raibh aon fhonn ar Choláiste Íosa ná ar Leabharlann Bhodley a chuid leabhar agus lámhscríbhinní a cheannach. ‘About four years after his death they were offered for sale both to the university and to Jesus College, but owing to a quarrel which Lhuyd had with Dr Wynne, then fellow of Jesus... the purchase was declined, and they were sold [i 1713] to Sir Thomas Sebright...’ (DNB). ‘Few lost opportunities are more regretted at Oxford today, for besides Lhuyd’s notes and journals, his papers comprised many valuable Welsh and Gaelic manuscripts which he had acquired in his grand tour’ (Campbell agus Thomson). Mac le Sir Thomas, Sir John Sebright, a bhronn na lámhscríbhinní Gaeilge, Leabhar Leacáin agus an Leabhar Laighneach ina measc, ar Choláiste na Tríonóide i 1786. Cailleadh páipéir eile agus lámhscríbhinní Breatnaise i ndóiteán i Londain. Deir Emery: ‘Of the harvest of early Irish manuscripts collected when he was in Ireland in 1699–1700, and now in Trinity College, Dublin, it is said that they rank with Archaeologia as “the most notable surviving witnesses to his greatness”.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú