Tugadh ‘the best-known Irishman in America’ uair ar Patrick M. Haverty, foilsitheoir. I mBaile Átha Cliath a rugadh é, in 1827, dar le Séamus Ó Casaide in Irish Book Lover, Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1929. Is in An Gaodhal, Deireadh Fómhair 1901 a d’aimsigh sé an t-eolas sin agus ba í iníon Haverty, Geraldine, eagarthóir an pháipéir sin. 1824 atá in Devoy’s Post Bag, 1948 in eagar ag William O’Brien agus Desmond Ryan. Rinne sé a phrintíseacht sa siopa leabhar a bhí ag Brian Geraghty i mBaile Átha Cliath. Geraghty a d’fhoilsigh The Annals of the Four Masters, 1846 le Owen Connellan. D’imigh sé go Meiriceá in 1847 ach d’fhill chun páirt a ghlacadh in Éirí Amach 1848. D’fhill sé ar Mheiriceá go luath ina dhiaidh sin agus bhí ag obair i siopa leabhar i Nua-Eabhrac. Chaith sé tamall le hiriseoireacht agus le mianadóireacht óir i gCalifornia agus chuaigh go dtí Oregon ina dhiaidh sin. Ar ais i Nua-Eabhrac dó d’oscail sé siopa leabhar ag 110 Sráid Fulton. Phós sé Mary McShean in 1854. D’fhoilsigh sé roinnt leabhar Gaeilge. Ba é a eagrán de Bourke’s Easy Lessons an chéad leabhar Gaeilge dár foilsíodh i Meiriceá, deirtear. Ba é freisin a d’fhoilsigh an t-aistriúchán a rinne Seán Ó Mathúna ar Foras Feasa ar Éirinn agus deir Desmond Ryan gurbh é a d’iarr ar an Mathúnach tabhairt faoin obair (The Phoenix Flame, a study of Fenianism and John Devoy, 1937). Ach de bhrí gur fhoilsigh sé gan chead na nótaí a bhí ag Seán Ó Donnabháin in a eagrán-san de The Annals of the Four Masters níorbh fhéidir an leabhar a dhíol in Éirinn. D’fhoilsigh sé freisin an bailiúchán, 300 Irish Airs; ‘the most complete collection of Irish music ever issued’ ag an am ba ea é, dar le Séamus Ó Casaide. Nuair a bhris an Cogadh Cathartha amach chuidigh sé le Thomas Francis Meagher Briogáid na nÉireannach a bhunú agus ghlac sé páirt sa chogadh. Ar fhilleadh ar Nua-Eabhrac dó d’oscail sé siopa leabhar eile i Sráid Barclay i Manhattan, siopa a bheadh ina lárionad liteartha sa chathair. Deirtear gur bhuail sé le gach Éireannach mór le rá dár shroich Nua-Eabhrac. Ceapadh ina mheastóir cánach don chathair é agus bhí an post sin aige gur cailleadh é 17 Meán Fómhair 1901.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú