HAVERTY, Patrick M. (1827-1901) Patrick M. HAVERTY 1827 1901 Baile Átha Cliath M díoltóir leabhar foilsitheoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tugadh ‘the best-known Irishman in America’ uair ar Patrick M. Haverty, foilsitheoir. I mBaile Átha Cliath a rugadh é, in 1827, dar le Séamus Ó Casaide[B2] in Irish Book Lover, Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1929. Is in An Gaodhal, Deireadh Fómhair 1901 a d’aimsigh sé an t-eolas sin agus ba í iníon Haverty, Geraldine, eagarthóir an pháipéir sin. 1824 atá in Devoy’s Post Bag, 1948 in eagar ag William O’Brien agus Desmond Ryan. Rinne sé a phrintíseacht sa siopa leabhar a bhí ag Brian Geraghty i mBaile Átha Cliath. Geraghty a d’fhoilsigh The Annals of the Four Masters, 1846 le Owen Connellan[q.v.]. D’imigh sé go Meiriceá in 1847 ach d’fhill chun páirt a ghlacadh in Éirí Amach 1848. D’fhill sé ar Mheiriceá go luath ina dhiaidh sin agus bhí ag obair i siopa leabhar i Nua-Eabhrac. Chaith sé tamall le hiriseoireacht agus le mianadóireacht óir i gCalifornia agus chuaigh go dtí Oregon ina dhiaidh sin. Ar ais i Nua-Eabhrac dó d’oscail sé siopa leabhar ag 110 Sráid Fulton. Phós sé Mary McShean in 1854. D’fhoilsigh sé roinnt leabhar Gaeilge. Ba é a eagrán de Bourke’s Easy Lessons an chéad leabhar Gaeilge dár foilsíodh i Meiriceá, deirtear. Ba é freisin a d’fhoilsigh an t-aistriúchán a rinne Seán Ó Mathúna[q.v.] ar Foras Feasa ar Éirinn agus deir Desmond Ryan gurbh é a d’iarr ar an Mathúnach tabhairt faoin obair (The Phoenix Flame, a study of Fenianism and John Devoy, 1937). Ach de bhrí gur fhoilsigh sé gan chead na nótaí a bhí ag Seán Ó Donnabháin[q.v.] in a eagrán-san de The Annals of the Four Masters níorbh fhéidir an leabhar a dhíol in Éirinn. D’fhoilsigh sé freisin an bailiúchán, 300 Irish Airs; ‘the most complete collection of Irish music ever issued’ ag an am ba ea é, dar le Séamus Ó Casaide. Nuair a bhris an Cogadh Cathartha amach chuidigh sé le Thomas Francis Meagher Briogáid na nÉireannach a bhunú agus ghlac sé páirt sa chogadh. Ar fhilleadh ar Nua-Eabhrac dó d’oscail sé siopa leabhar eile i Sráid Barclay i Manhattan, siopa a bheadh ina lárionad liteartha sa chathair. Deirtear gur bhuail sé le gach Éireannach mór le rá dár shroich Nua-Eabhrac. Ceapadh ina mheastóir cánach don chathair é agus bhí an post sin aige gur cailleadh é 17 Meán Fómhair 1901.