‘The last and perhaps the greatest of Ireland’s hereditary historians’ a thug Aubrey Gwynn, staraí, air. Tá gach gné dá shaol agus dá shaothar pléite go mion ag Nollaig Ó Muraíle in The Celebrated Antiquary, Dubhaltach Mac Fhirbhisigh (c.1600–1671): His Lineage, Life and Learning, 1996. Tá gearrchuntas ag an údar céanna in Nua-Léamha: gnéithe de Chultúr, Stair agus Polaitíocht na hÉireann c.1600–c.1900, 1996 in eagar ag Máirín Ní Dhonnchadha (‘“Aimsir an Chogaidh Chreidmhigh”. An Dubhaltach Mac Fhirbhisigh a lucht aitheantais agus polaitíocht an seachtú haois déag’). I Leacán i seanlimistéar Thír Fhiachrach agus in aice le hInis Crabhann, Co. Shligigh, a rugadh é. Is ann a bhí Clann Fhir Bhisigh le tamall fada; bhí caisleán acu ann in aimsir an Dubhaltaigh agus d’fhan cuid bheag éigin den talamh ina seilbh anuas go dtí lár an 19ú haois. Duine díobh, Giolla Íosa Mór, a chuir le chéile tuairim 1400 Leabhar Leacáin agus Leabhar Buí Leacáin. Ba é Giolla Íosa Mór (d’éag 1643) athair an Dubhaltaigh; b'iníon le Eoghan Gruama Mac Diarmada í a mháthair agus bhí lúb ghaoil aici le Brian Mac Diarmada a chuir Annála Loch Cé le chéile. Bhí triúr deartháireacha aige agus, b’fhéidir, cúpla deirfiúr. Níl a fhios ar phós sé. Ba é an duine deiridh é de Chlann Fhir Bhisigh a chuaigh le léann.

Níl aon lua air go dtí 1643 nuair a bhí sé i mBaile Mhic Aogáin, Tiobraid Árann, agus dlús á chur aige ann le Dúil Laithne, gluais Laidine (i gcló ag Whitley Stokes in Goidelica in 1872), agus annála á gcóipeáil aige (i gcló ag J.N. Radner faoin teideal Fragmentary Annals of Ireland, 1978). Tá fianaise Chathail Uí Chonchubhair againn gur sa scoil cháiliúil chéanna sin ar bhruacha Loch Deirgeirt a thug Flann agus Baothghalach Mac Aogáin teagasc sa dlí dó. Fuair sé oiliúint mar fhile freisin ach is meas breithimh agus seanchaí a bhí aige air féin. Meastar gur fhoghlaim sé Béarla, Laidín agus beagán Gréigise sa scoil a bhí ag Alasdar de Linse nó ag Séamus de Línse i nGaillimh agus gur lena linn sin, b’fhéidir, a chuir sé aithne ar John Lynch.

I dtús na 1640idí, b’fhéidir, a scríobh sé Chronicum Scotorum (in eagar ag W.M. Hennessy 1886). Tuairimíonn Ó Muraíle gur don Línseach a rinne sé an obair sin. Roimh dheireadh na 1640idí chuir sé Foclóir Féineachais le chéile, saothar nach bhfuil ar fáil de inniu ach blúire. I nGaillimh a bhí cónaí air 1645–c.1652. Tréimhse an-chorraithe ann ba ea í sin: an t-easaontas idir lucht tacaíochta Rinuccini agus leantóirí Mharcas Urmhumhan; an phlá bhúbónach a mharaigh na sluaite cathróirí; an chathair faoi léigear ar feadh sé mhí ag fórsaí Chromail. Lua ar an mórchlaochlú seo ní dhéanann Mac Fhirbhisigh, é i dteach an choláiste in Eaglais San Niocláis cuid mhaith den tréimhse sin, 1649–50 go háirithe, ag gabháil do Leabhar Mór na nGenealach. Saothar é atá inchomórtais ar a éachtaí agus ar a fhad le Foras Feasa ar Éirinn . D’fhoilsigh Éamonn de Búrca, foilsitheoir, The Great Book of Irish Genealogies, 2004, é in eagar agus aistrithe ag Nollaig Ó Muraíle i gcúig imleabhar. Breis is tríocha bliain a chaith Ó Muraíle leis an saothar sin. Mar éacht eagarthóireachta, scoláireachta agus foilsitheoireachta cuirtear é ar aonléibhéal tábhachta le Annála Ríoghachta Éireann, 1848-51 in eagar ag John O’Donovan [Seán Ó Donnabháin). ‘By far the largest and fullest body of Irish genealogical lore’ a thug Eoin Mac Néill air. Le linn a thréimhse i nGaillimh d’aistrigh sé go Gaeilge rialacha a bhain le hOrd San Clára, a raibh clochar acu sa chathair (i gcló ag Eleanor Knott in Ériu, 15, 1948: ‘A seventeenth century Irish version of the Rule of St. Clare’). Sa cholafon deir sé: ‘Dá dtugadh an treas ní dá aire, mar atá simplíocht nó bacaí na Gaeilge a chuireas orthu seo: ní trí ghainne na Gaeilge tig sin, ach trí easpa a heolais ar chách, ionnas gurb usa leo focail choimhthíocha a thuiscint ná focail fhíora na Gaeilge’ (litriú na haimsire seo ag na húdair); mná rialta an oird, ar de bhunadh sean-Ghall a mbunáite, atá i gceist aige le ‘cách’, ní foláir. Deirtear go minic gur mhúinteoir i gcoláiste San Niocláis ba ea é i rith a thréimhse i nGaillimh ach deir Ó Muraíle gur míthuiscint ar an mbrí áirithe a bhaineann le ‘college’ sa chás seo ba bhun leis an tuairim sin. B’fhéidir go gcaitheadh sé tamaill ina oide tí sa chathair nó sa chontae.

Tuairim 1653 bhí sé ar ais i dTír Fhiachrach. D’fheidhmigh sé mar chomhairleoir dlí agus mar fhinné sa chonradh pósta a rinne dhá chraobh de mhuintir Dhubhda, seanphátrúin Chlann Fhir Bhisigh, i 1656. Tá fianaise i dtuairisc cháin na toite (‘Hearth Tax’) i 1663 go raibh cónaí ar ‘Dudley Firbissy’ (an gnáthleagan Béarla den ainm) in Imleach Íseal i bparóiste Iascaigh, tuairim cúig mhile ar an taobh thoir thuaidh de Leacán. Is léir ar an gcáin a bhí sé a íoc gurbh fhearr as go mór é ná formhór mór an phobail.

Mhair an caidreamh a bhí aige leis an scoláire cáiliúil Sir James Ware ar feadh tréimhsí de 1665–6. B’fhéidir go raibh iomrá an Dubhaltaigh cloiste ag Ware i 1640 nuair a bhí sé ag fiosrú faoi uaimh thalún i dTír Fhiachrach nó b’fhéidir go bhfaca sé a ainm in Cambrensis Eversus (1662) John Lynch. Um Shamhain 1665 bhí Dubhaltach ag aistriú ón nGaeilge agus ag cur liosta d’easpaig i dtoll a chéile dó i Sráid an Chaisleáin, Baile Átha Cliath. Cuid inspéise de leabhar mór Uí Mhuraíle is ea na cuntais iomrallacha a scríobhadh le céad go leith bliain anuas de dheasca botúin shimplí a rinne Seán Ó Donnabháin agus é ag cur síos ar dháta scríofa an liosta sin: 1655 in áit 1665. ‘The confusion arising from this mistranscription or misprinting of a single digit was to last the best part of a century and a half and was to lead to the construction of some fantastic theories about the relationship between Mac Fhirbhisigh and Ware’ (Ó Muraíle). D’fhaightí de locht ar Ware an mhoill mhór a rinne sé sular ghabh sé buíochas leis an Dubhaltach!

D’fhág sé teach Ware roimh Nollaig 1665 agus faoi earrach na bliana dár gcionn bhí ar ais i dTír Fhiachrach agus é ag obair ar leagan gairid de Leabhar Mór na nGenealach ar ar thug sé ‘Cuimre cráobhsgaoileadh Cineadh Éreann accus Albanscot gona bprímhghéguibh genealaigh ó Ádhamh gus anois, 1666’. B’fhéidir go raibh sé ar ais i mBaile Átha Cliath faoi Mheitheamh 1666. Ar 6 Samhain na bliana sin bhí sé i dteach Ware ag aistriú na n-iontrálacha a bhaineann le 1443–68 in Annála Leacáin. Cailleadh an buntéacs, rud a chuireann go mór le luach na míre a d’aistrigh sé. Fuair Ware bás 1 Nollaig agus is dóigh gur go luath ina dhiaidh sin a d’fhill an Dubhaltach ar Thír Fhiachrach. Níl aon eolas eile ina thaobh go dtí gur dhúnmharaigh Thomas Crofton éigin é i dteach síbín in Eanáir 1671. Glacann Ó Muraíle leis gurbh fhéidir gur fíor de réir an bhéaloidis an chuid seo de chuntas Eoghain Uí Chomhraí: ‘He took up lodgings for the night at a small house in the village of Dun Flin.... While sitting and resting himself in a little room off the shop, a gentleman of the Crofton family came in, and began to take some liberties with a young woman who had care of the shop. She, to check his freedom, told him he would be seen by the old gentleman in the next room, upon which, in a sudden rage, he snatched up a knife from the counter, rushed furiously into the room, and plunged it into the heart of Mac Firbis.’ Tá Dún Fhlainn tuairim deich míle ar an taobh thoir theas d’Imleach Íseal, áit chónaithe an Dubhaltaigh. In Nua-Léamha deir Ó Muraíle faoina dhiscréidí a bhí Cathal Ó Conchubhair faoin gcéad chuntas ar an dúnmharú: ‘Tharlódh go raibh cúis aige leis an discréid a léirigh sé: ó mo thaighde féin, measaim go bhfuil seans láidir ann gur gharmhac é Thomas Crofton le duine de ghaolta Chathail – gur cosúil go raibh bean darbh ainm Onóra, iníon Ruaidhrí Uí Chonchubhair Dhoinn, ina seanmháthair aige.’ Ach is é focal scoir Uí Mhuraíle: ‘In the end, when all possible avenues have been explored, we are compelled to confess that the precise identity of Thomas Crofton who murdered Dubhaltach Mac Fhirbhisigh and the precise circumstances that provoked the crime are likely to forever remain a mystery.’ Scríobh scoláire eile Thír Fhiachrach, Owen Connellan, gur i gCill Ghlas, Co. Shligigh, a cuireadh é.

Déanann Ó Muraíle an suimiú seo ar ar fhág Mac Fhirbhisigh againn mar oidhreacht: ‘Murach é, bheimis gan saothair thábhachtacha éagsúla; ina measc sin... tá trí bhailiúchán annála, mar atá, Chronicum Scotorum, Fragmentary Annals of Ireland agus Annals of Ireland 1443–68 (iarsma d’Annála caillte Leacáin atá sa triú ceann acu sin); chomh maith leo sin, tá tráchtas an-tábhachtach dlí darb ainm Bretha Neimed Déidenach againn ón láimh... Is i Leabhar na nGenealach, áfach, atá an saibhreas is mó le fáil’ (Nua-Léamha).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú