Is é an staraí Sir John Gilbert a scríobh an iontráil in Dictionary of National Biography. In Irish Ecclesiastical Record, Feabhra, 1930 tá ‘The Last of our classic historians: Roderic Ó Flaherty (1629–1716)’ le Patrick L. O’Madden. Tá nóta fada ina thaobh ag an Athair Mac Domhnaill in Dánta is Amhráin Sheáin Uí Ghadhra, 1955. Tá cuntas air ag Tomás Ó Raighne in Dóchas I, uimhir 2, 1964 agus tá eolas ina thaobh ag Nollaig Ó Muraíle in The Celebrated Antiquary Dubhaltach Mac Fhirbhisigh ..., 1996.

Shíolraigh Flaithbheartaigh ó Eochaidh Muighmheadhoin, rí na hÉireann. Bhí caisleán ag athair Ruairí, Aodh Ó Flaithbheartaigh, ‘captain of the nation of the O’Flahertys,’ i Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, mar a raibh réimse mór talún ag a mhuintir, agus is ann a rugadh é. Ba é oidhre dílis Aodha é agus ba í Elizabeth D’Arcy a mháthair; bhí ceathrar deirfiúracha aige. Ghéill seanathair Ruairí don bhanrion Eilís agus rinne conradh leis an bhfear ionaid i 1585. Nuair a d’éag Aodh ar 20 Deireadh Fómhair 1631 rinneadh coimircí faoin gcoróin de Ruairí. Cuireann Ó Muraíle in amhras na nithe a scríobh James Hardiman, sa réamhrá a chuir sé le leabhar Ruairí, A Chorographical Description of West or H-Iar Connaught..., 1846, faoin oideachas a cuireadh ar an bhFlaithbheartach, go raibh sé ag freastal ar scoil John Lynch i nGaillimh. Níl aon deimhniú go raibh scoil riamh ag an Línseach sin. Luann Gilbert agus O’Madden scoil Alexander Lynch, ach bhí éirithe as an múinteoireacht aigesean sular shroich Ruairí aois scoile. Agus maidir le James Lynch, múinteoir cáiliúil eile, bhí seisean éirithe as múineadh scoile tuairim 1638. Ach deir Ó Muraíle i dtaobh a chaidrimh ar an Dubhaltach Mac Fhirbhisigh: ‘It is very possible, then, that he [Mac Fhirbhisigh] obtained employment as a private tutor to the children of some of the merchant families and also to the children of Gaelic gentry in the vicinity of the town [Galway] – such as Roderick O’Flaherty from Moycullen ....’ Rud nach bhfuil amhras air is ea go mba chairde an bheirt.

Coigistíodh talamh Uí Fhlaithbheartaigh i ndiaidh Chromail ach tugadh cuid ar ais dó nuair a rinne sé achainí os comhair Choimisinéirí Bhaile Átha Luain agus Bhaile Locha Riach i 1652. An bhliain chéanna sin phós sé iníon leis an gCoirnéal Murchadh na dTuagh Ó Flaithbheartaigh. Deir Gilbert gur tugadh a thuilleadh den talamh ar ais dó i 1677. Tá scéal ann go raibh eagla air i ndiaidh Chogadh an Dá Rí go dtógfaí an talamh uaidh aris agus go ndearna sé socrú le comharsa agus cara leis, an dlíodóir Richard Martin (‘Nimble Dick’), go gceannódh seisean an talamh, mar dh’ea; ansin, nuair a bhí baol an choigistithe thart, d’iarr sé ar ais é agus ní thabharfadh an Máirtíneach dó é. Deir Nollaig Ó Muraíle in Oxford DNB gur chaith Ruairí 1696-7 i bpríosún i nGaillimh i ngeall ar fhiacha gan ghlanadh agus le cabhair dlí gur éirigh lena mhac cuid dá dtalamh a fháil ar ais ó na Máirtínigh. Deir Vincent Morley (DIB) go raibh a aonmhac, Micheál, ina oifigeach in Arm na hOstaire. Cuireadh Ruairí ina ghabháltas féin i dteach beag sa Pháirc in aice an Spidéil agus is ann a chaith sé an chuid eile dá shaol – is é shíl a mhac go gcuirfeadh sin lena chearta úinéireachta. Is ann a thug Edward Lhuyd cuairt ar Ruairí. I litir chuigesean i 1704 thug an Flaithbheartach eolas i dtaobh lámhscríbhinní. In Archaeologia Britannica molann Lhuyd léann an Éireannaigh. In Aibreán 1709 thug Sir Samuel Molyneux cuairt air: ‘I went to visit old O’Flaherty who lives in a miserable condition at Parke, some three hours’ journey west of Galway.... I expected to have seen here some old Irish manuscripts, but his ill-fortune has stripped him of these as well as his other goods, so that he has nothing now left but some few pieces of his own writing, and a few old rummish books of history, printed’ (i gcló ag Gilbert).

Scríobh sé litir ar chroineolaíocht staire na hÉireann do John Lynch i 1665. D’ionsaigh sé Edmund Borlase, staraí, in Observations on Dr. Borlase’s Reduction of Ireland, 1682. I 1684 scríobh sé a chuntas cáiliúil ar IarChonnacht (A Chorographical Description of West or H-Iar Connaught..., 1846). Ba é a mhórshaothar Ogygia, seu rerum Hibernicarum chronologia, 1685. Deir O’Madden faoi: ‘This was his magnum opus, and remains for all time a lasting monument of his learning and genius. Written in classical Latin... it immediately attracted the attention and aroused the interest of European scholars, and gained for the learned author an international reputation.’ Deir Gilbert: ‘His work was the first in which Irish history was placed in a scholar-like way before readers in England and it found its way into many good English libraries of the period.’ Seo é an suimiú a dhéanann Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar..., 1996: ‘Is í breith atá déanta ag staraí de chuid na linne seo ar shaothar an Fhlaitheartaigh gurb é atá ann “the most learned exposition of Gaelic loyalty to the Stuart dynasty and to the concept of the Kingdom of Ireland...” [New History of Ireland III, 1976 in eagar ag Moody]. Is fíor sin, is dócha, ach ní tráchtas léannta acadúil amháin a bhí sa leabhar aige ach achainí chomh maith. Sa tiomna a scríobh sé don Diúc [York], mhínigh an Flaitheartach a chás anróch féin agus a aontoisc – ainriocht na tíre.’

Ní raibh Albanaigh sásta le rudaí a bhreac sé i dtaobh na hAlban agus scríobh Sir George McKenzie leabhar á bhréagnú. D’fhreagair Ruairí é le Ogygia Vindicata. D’fhoilsigh Cathal Ó Conchubhair é i 1775 faoin teideal Ogygia vindicated against the objections of Sir George MacKenzie . Foilsíodh drochaistriúchán Béarla den Ogygia i 1793. Ba dhóigh le Cathal Ó Conchubhair go raibh sé ag obair le fada ar ‘Ogygia Christiana’; bhí de thuairim ag Walter Harris (1686–1761) go raibh an lámhscríbhinn ag muintir Fhlaithbheartaigh ach níl tuairisc air inniu. Foilsíodh i mBaile Átha Cliath i 1688 dán Laidine a scríobh sé ar ócáid bhreithe Shéamuis, Prionnsa na Breataine Bige (Serenissimi Walliae Principis, Magnae Brittaniae et Hiberniae, cum appendicibus dominiis haeredis conspicui Genethliacon), ina bhfuil léirithe aige gur shíolraigh Rí Séamus ó sheanríthe Gael. Tá fianaise slán ón Ollamh Richard Sharpe, a bhfuil leabhar ar litreacha Uí Fhlaitheartaigh curtha in eagar aige agus atá le foilsiú ag Acadamh Ríoga na hÉireann i 2012, gur cailleadh An Flaithbheartach sa bhliain 1716: 'Seán Ó Gadhra gives the correct year of O Flaherty's death as 1716 (in code) in the penultimate line of his poem In obitum doctissimi Rogeri O F.'Dúirt Gilbert: ‘A collection of unpublished letters of O’Flaherty is now being prepared for the press by the author of the present notice.’ InThe Penal Laws, 1691–1760, 1967 tá cuntas ag Maureen Wall ar fhiagaithe sagart agus go háirithe ar an bhfear ba mhíchlúití díobh, Edward Tyrrell. Deir sí go raibh sé pósta ar iníon Ruairí Uí Fhlaithbheartaigh. Crochadh é i ngeall ar bhiogamaíocht i mBealtaine 1713.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú