I gcuntas cuimsitheach in Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 118, 1988 (‘John Fergus MD, Eighteenth-century Doctor, Book Collector and Irish Scholar’) deir Diarmaid Ó Catháin: ‘One could fairly say that Fergus as an active Irish language litterateur had contact with virtually all active Irish language literary circles during his lifetime, certainly in the northern half of the country.’ Is é a thug Sir John Gilbert, staraí, air: ‘The most eminent Roman Catholic Physician in Dublin in his day and a great collector of books and manuscripts’. Thug Séamus Ó Casaide eolas faoi in Irish Book Lover, Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1933. ‘Fearghus fial, an lia gan locht’ a thug a chara Tadhg Ó Neachtain air sa dán ‘Sloinfead Scothadh na Gaoidhilge Grinn’ (Gadelica, 1912–1913). I ndán eile thug sé fealsamh air; bhí dlúthghaol ag an bhfealsúnacht leis an leigheas anuas go dtí aimsir Uí Fhearghusa.

I nDumha Chaocháin, Cill Ghallagáin,Co. Mhaigh Eo, a rugadh é. Ba iad Uí Fhearghusa lianna oidhreachtúla Mháilligh Iarumhaill. Mac Raith ba ainm da athair – mar Sheán Mac Raith Ó Fearghusa a thagraítí do John Fergus. Deir Ó Catháin: ‘The status of the Uí Fhearghusa as such is witnessed by their inclusion by an Dubhaltach Mac Fhirbhisigh in a list of “leagha Éreann” in his “Ughdair Éireann go nAireamh”.’ Bhailigh Patrick Lynch (Loch an Oileáin) dán i gCathair na Mart in 1802. ‘Buaidh agus biseach ar chraoibh Mhuintir Fhearghuis’, agus luaitear ann cúigear dá mhuintir: ‘Na gruagaigh ba chliste ag léigheadh na harrainge, / Agus chuaigh go grinneall i ngliceas na healaine.’ Tuairimíonn Ó Catháin gur ar an Mór-roinn a fuair sé oiliúint dochtúra: dar leis gur fianaise air sin, b’fhéidir, gur mar ‘Johannes Fergus, M.D.’ a scríobhadh sé a ainm.

I measc na ndaoine a raibh aithne aige orthu bhí Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin a chum píosa ina onóir nach bhfuil fáil air anois. Rinne Muiris Ó Gormáin cóipeanna de Trí Biorghaoithe an Bháis le Seathrún Céitinn agus de lámhscríbhinní eile dó. Rinne Micheál mac Pheadair Ó Longáin (c.1693–1770), athair Mhichíl Uí Longáin, obair dó freisin. Bhí lámhscríbhinní ar iasacht aige ó Thadhg Ó Neachtain a bhfuil liosta díobh ag Alan Harrison in Ag Cuimilt Meala, 1988. Bhí Anthony Raymond i measc a chairde freisin.

Thart ar 1732 cheannaigh sé cuid de lámhscríbhinní an bhailitheora John Conry a raibh ina measc píosa de cheann de bhunchóipeanna Annála Ríoghachta Éireann. Thug Cathal Ó Conchubhair cóip de bhuncóip eile ar iasacht dó chun go ndéanfadh Aodh Ó Maolmhuaidh, scríobhaí, cóip agus i gcúiteamh a chineáltais sheol Fergus ar ais chuige í faoi cheangal úr. Deir Nollaig Ó Muraile go ndearna sé cúram nach mbearrfaí na ciumhaiseanna, ar eagla go gcaillfí nótaí Ruairí Uí Fhlaithbhearthaigh (Celtica 19, 1987). Is é a scríobh Ó Conchubhair ar an leabhar: ‘Seáan Ó Ferghusa mac Macraith ollamh orrdherc re leighes an Áth Cliath Duibhlinne ro chuir an leabhar so dhá chengal ar a chosdus féin anno 1735 accus thridh sin tuillidh buidhechus a thire ar cheana, & go madh buidhech Dia dhe’; agus scríobh i mBéarla ar ócáid eile: ‘It came in a wretched dress but the Doctor put it into good apparel and, as he well expressed himself, gave it vigour enough to outlive another century. I would omit no circumstance in which I might do justice to every merit in that gentleman.’ Ach d’fhuaraigh an seanchairdeas i 1753; bhí cloiste ag fear Bhéal Átha na gCarr gur líomhnaigh Ó Fearghusa air go ndearna sé bradaíl ar thuairimí liteartha a bhí nochtaithe aige féin. Deir Ó Catháin: ‘One wonders if O’Conor’s rising fame may have been perceived as a threat by the older man...’. Foilsíodh an bhliain chéanna sin leabhar Uí Chonchubhair, Dissertations on the Ancient History of Ireland.

In The Celebrated Antiquary, Dubhaltach Mac Fhirbhisigh [c.1600–1671], 1996 deir Nollaig Ó Muraíle go raibh seilbh aige ar Leabhar Mór na nGenealach ar feadh breis is tríocha bliain; déanann sé tagairt do ‘the characteristically untidy hand of the eighteenth-century book-collector and Irish scholar. Dr John Fergus ...’ agus do ‘Dr Fergus’s characteristically inelegant – but easily recognisable – hand’. Bhí ‘Liber Flavus Fergusiorum’, lámhscríbinn den 15ú haois ina sheilbh, agus ag a iníon agus a fear céile ina dhiaidh. Tá sé ag Acadamh Ríoga na hÉireann ó 1875. Thug Sir John Gilbert ‘The Yellow Book of Clann Fergus’ air agus is dóigh gur theideal mar ‘Leabhar Buí Clainne Fhearghusa’ a bhí air uair. Is é rud atá ann meascra ábhair a bhaineann le traidisiúin, le creideamh, le scéalta ón Laidin agus ón bhFraincis. Cheadaigh James Hardiman agus Thomas Leland é agus réitigh Eoghan Ó Comhraí innéacs.

Bhí mac amháin aige, Macarius, ar dhochtúir é freisin, agus iníon, Frances Arabella, a phós Thomas Kennedy, ceoltóir aitheanta i mBaile Átha Cliath. Dar le DIB gur éag sé idir 14 agus 21 Márta 1761. Bhí cónaí air i Rae Cavendish ag an am sin. Cuireadh ceant ar a bhailiúchán mór leabhar agus lámhscríbhinní ar 3 Feabhra 1766 i dteach an mhic (d’éag 1763) i Sráid na Mainistreach. 2,445 beart a bhí ann. Tá i gcló ag an gCathánach liosta de na leabhair Ghaeilge agus ainmneacha na ndaoine a cheannaigh iad.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú