Scríobhaí nótáilte ba ea é. Éamonn a bhí ar a athair. In Gadelica 1912–13 (‘Irish scholars in Dublin in the early eighteenth century’) deir Tomás Ó Rathile faoi: ‘It is remarkable, as showing how Irish was still spoken almost to the outskirts of Dublin city, to find that such a competent scribe as Risteard Tuibear was a native of Fingal. In 1717 Tuibear resided in “Baile Mhistéil” near Mulhuddart, in the parish of Castleknock and this may have been his birthplace.’ Baineann alt Uí Rathile leis an gciorcal liteartha ar chum Tadhg Ó Neachtain dán faoi. ‘Sloinfead scothadh na Gaoidhilge’, inar ainmnigh sé na baill. Ina measc bhí Tuibear, Aodh Bui Mac Cruitín, Cathal Ó Luinin, Proinsias Bhailis, Diarmuid Ó Conchubhair, Anthony Raymond, Aodh Mac Gabhráin, Cathal Ó Conchubhair, John Fergus agus gan amhras Seán Ó Neachtain. Is mar seo atá Tuibear luaite: ‘Tiobrach ionmhuin ó Fhine Gall, / Roisteard na searc ‘na suinneann; / bu béarlach Gaoidhiolgadh gille an ghrinn, / a suin na sean’s a scríbhinn.’ Deir Alan Harrison in Ag cruinniú meala..., 1988 go mba scríobhaithe cúig dhuine déag den chiorcal agus go raibh Tuibear ina measc. Áiríonn an t-údar céanna é mar bhall den ghrúpa inmheánach sin sa chiorcal a bhí gafa go mór le saothrú na lámhscríbhinní. Gan ach beagán samplaí a lua, ba é a rinne an chuid is mó de Leabhar Bhaile an Mhóta a chóipeáil, a rinne cóip de An Leabhar Muimhneach agus a rinne bailiúchán tábhachtach de théacsanna ginealais a bhfuil tagairtí ag Nollaig Ó Muraile dó in The celebrated antiquary: Dubhaltach Mac Fhirbhisigh (c.1600-1671) his lineage, life and learning, 1996. Tá léiriú beag ar a chumas mar fhile in Dán na mBráthar Mionúr [I], 1967 in eagar ag Cuthbert Mhág Craith; is cosúil gurbh é a chum ar 4 Deireadh Fómhair 1716 dán beag i gceann dá lámhscríbhinní i dtaobh Scáthán shacramuinte na haithridhe a bheith ar iasacht aige.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú