Ba é seo an Abbé Mac Geoghegan, údar Histoire de l’Irlande, ancienne et moderne, tirée des monumens les plus authentiques, 1758–63, saothar a raibh ardmheas ag náisiúnaithe an 19ú haois air; foilsíodh eagrán Béarla i Meiriceá in 1868 agus istigh leis bhí ‘A Continuation from the Treaty of Limerick to the present time’ le John Mitchel. Norman Moore a scríobh an cuntas ar an staraí Seacaibíteach seo in Dictionary of National Biography agus tá cuntas ag Richard Hayes in Biographical dictionary of Irishmen in France, 1949. San iris Eighteenth-Century Ireland, tá trí haiste ina thaobh: ‘A Jacobite History: The Abbé MacGeoghegan’s History of Ireland’ le Vincent Geoghegan (6, 1991); ‘An Early work by James MacGeoghegan ...’ le Vincent Geoghegan agus Yves Le Juen (8, 1993): ‘The Abbé MacGeoghegan dies’ le Yves Le Juen (13, 1998).

In Uisneach, Co. na hlarmhí, a rugadh é. Deir Moore go raibh sé gaolmhar le Conall Mac Eochagáin agus le Proinsias Ó Maolmhuaidh. Dar le Patrick O’Kelly, an té a d’aistrigh a stair go Béarla (The history of Ireland, ancient and modern, 1831–4) gur feirmeoir láidir deisiúil a athair agus gur cuireadh oideachas air in Reims; ann a oirníodh é. Bhí sé ag teagasc teangacha, Béarla ina measc, in Hamburg i 1730. Ann, ní foláir, a chuir sé aithne ar Dhonnchadh Mac Cárthaigh, larla Chlainne Cárthaigh; is dó a thíolaic sé Ouevres mêlées en Latin, Anglois et François sur divers sujets en prose et vers, 1730; ‘an early indication of MacGeoghegan’s abiding links with Jacobitism’ a thugann Geoghegan ar an tíolacadh. Is é a deir Geoghegan agus Le Juen faoin leabhar: ‘Oeuvres mêlées is often dull, and on occasion risible, but it is nonetheless a valuable document, in its detail as well as its informing beliefs, of an Irish clerical mind in early eighteenth-century Europe.’ Lean sé den staidéar in Ollscoil Pháras mar ar ghnóthaigh sé céim mháistir 15 Deireadh Fómhair 1733. Chaith sé tamall ag obair i bparóiste Poissy i ndeoise Chartres agus ansin toghadh é ina Provisor i gColáiste na nGael i bPáras i 1734. D’fhág sé an Coláiste nuair a tharla conspóid timpeall an toghcháin sin agus ceapadh é ina shéiplíneach in ospidéal Hotel-Dieu sa chathair. Tuairim 1736, bhí sé i Sasana agus chaith tamall in Éirinn. Chaith sé tréimhse ina shéiplineach i mBriogáid na hÉireann; is don Bhriogáid a thíolaicfeadh sé a stair. Ag am a bháis bhí beathúnas pharóiste Saint-Merri i bPáras aige. Cé go raibh sé go maith as, aithne aige ar dhaoine tábhachtacha, is léir ar an aiste úd ‘The Abbé MacGeoghegan dies’ go gcaitheadh sé thar a acmhainn; bhí fiacha troma air ar bhain cuid díobh le clóbhualadh Histoire de l’Irlande. Níor bhain fadhb leis an dá imleabhar tosaigh ó thaobh cinsireachta de ach i 1763 tháinig deireadh leis an gCogadh Seacht mBliana agus lagaigh an conradh leis an mBreatain tionchar an tSeacaibíteachais sa Fhrainc go mór. Níor thaitin cuid dá raibh sa triú himleabhar leis an gcinsire, ní raibh an deathoil ríoga le fáil aige, agus b’éigean a chur i gcéill gurbh in Amstardam a foilsíodh é i 1763. D’éag MacGeoghegan i bPáras 30 Márta 1764.

Pléann Geoghegan na foinsí ar tharraing sé astu: Peter Lombard, Seathrún Céítinn, Thomas Messingham, Pilib Ó Súilleabháin Béarra, Aodh Mac an BhairdMichél Ó Cléirigh, David Rothe, Seán Mac Colgáin, James Ussher, John Lynch agus Ruairí Ó Flaithbheartaigh. ‘MacGeoghegan also prided himself on his knowledge of the Irish language, and criticised a number of writers on Ireland on their inability to understand Gaelic.’ Dhealródh sé gur cheadaigh sé Leabhar Mór Leacáin i bPáras ach go bhfuair sé deacair é a léamh (Moore). Chaith sé tamall mar almsóir le Madame de Bignon i 1736; ba de mhuintir leabharlannaithe oidhreachtúla na ríthe í agus meastar gur thug sin cead oibre dó i leabharlanna móra na Fraince.

Tá an sliocht seo as an alt le J. Pope Hennessy, ‘What do the Irish Read?’ (1884), i gcló ag Geoghegan: ‘The Irish History that has the widest circulation is written by two men, the union of whose literary work is characteristic of the national spirit – the Royalist priest who was chaplain to James the Second’s army [sic], and the Ulster Protestant who was transported to Beirmiúda in 1848.’ Is é breithiúnas Geoghegan: ‘MacGeoghegan’s work thus achieved the status of a classic of Irish nationalism.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú