Bhí sé ar an bhFroinsiasach Éireannach ba chonspóidí lena linn. An fáth a dtuilleann sé iontráil anseo gur scríobh sé leabhar staire, A prospect of the state of Ireland, 1682, a bhí bunaithe ar Foras Feasa Sheathrúin Céitinn agus ar Cambrensis Eversus John Lynch. Deir Bernadette Cunningham (The World of Geoffrey Keating: history, myth and religion in seventeenth century Ireland, 2000) go bhfuil an oiread sin tagairtí téacsúla don Chéitinneach sa leabhar sin nach foláir nó mhéadaigh sé go mór ar líon na ndaoine ar mhaith leo leagan Béarla den Foras Feasa a léamh. Agus ag tagairt do leabhar scéalta le Sarah Butler a foilsíodh i 1716 deir an t-údar céanna: ‘Foras Feasa itself, together with that history as mediated through the writings of Roderick O’Flaherty and Peter Walsh, were her guarantee of the worthiness of Irish civilisation in past ages.’ Sa réamhrá lena leabhar scríobh Walsh: ‘In short, when I was a young man I had read Geoffrey Keting’s [stet] manuscript History of Ireland ...: I remembered how about four or five years since, the R.H. Earl of Anglesea, Lord Privy Seal, had been pleased to shew me another manuscript, being an English translation of that Irish history of Keting’s.’ B’fhéidir glacadh leis uaidh sin agus ó thagairtí eile go raibh léamh agus, is dóigh, labhairt na Gaeilge aige. Tá an cuntas ar a bheatha in Dictionary of national biography mion go maith. Tá cuntais freisin in Oxford companion to Irish literature agus in Oxford companion to Irish history: in Dún Mhuire, Killiney, 1945–95 Léann agus seanchas, 1995 in eagar ag Benignus Millett and Anthony Lynch.

I mBaile an Mhúraigh, Co. Chill Dara, a rugadh é. Tuairimíonn an DNB gur Phrotastúnach a mháthair; dar le John T. Gilbert (A history of the city of Dublin, 1861) gurbh é a tugadh air in The aphorismical discovery ‘a Protestant English slutt’s son’. Ag Gilbert freisin atá sé gurbh é a thug John Burke, easpag Thuama air: ‘sonne unto a poore and beggarley channtler in the Naase and one Goodie N, his mother, a Protestant, an English drabbe.’ Is dóigh nach gciallaíonn na maslaí sin ach go raibh fuath nimhe go forleitheadach ar Walsh. Níl a fhios cá ndeachaigh sé isteach sna Froinsiasaigh ach is i Lováin a cuireadh oideachas air agus a oirníodh é agus is ann a bhí sé ina léachtóir diagachta.

Cuireadh go dtí an choinbhint i gCill Chainnigh é i 1646 agus bhí sé ina léachtóir le fealsúnacht agus diagacht ann. As sin amach bhain cúrsaí a shaoil leis an aighneas tromchúiseach faoi Shean-Ghaill Chaitliceacha a bheith sásta neamhaird a thabhairt ar chumhachtaí teamparálta an Phápa mar mhalairt ar shaoirse creidimh. Eiriceacht ba ea a leithéid, dar le nuinteas an Phápa, Rinuccini, agus bhí Gaeil agus cuid de na Sean-Ghaill ag tacú go tréan lena sheasamh. Bhí idir cháinte agus choinnealbhá i gceist. Ghlac Walsh príomhról san aighneas. B’éigean dó Cill Chainnigh a fhágáil agus a bheith ina ghéibheannach tamall i gcoinbhint i nDíseart Diarmada. Chuir an nuinteas ina leith gur naomhaithiseoir sacrailéideach é, ‘one who vomited forth in one hour more filth and blasphemy than Luther and Calvin together in three years.’ Bhí seal thuas agus seal thíos aige as sin go dtí gur ghabh Cromail Cill Chainnigh um Márta 1650. Bhí sé tamall ó Iúil 1648 ina ghairdian ag Froinsiasaigh Chill Chainnigh sularbh éigean dó teitheadh uathu. Bhuail sé den chéad uair le Marcas Urmhumhan (1610–88) i gCill Chainnigh i bhfómhar 1648 agus d’fhan dílis dó an chuid eile dá shaol.

Bhí cúrsai go hainnis aige ó 1650 bhí an oiread sin den chléir Chaitliceach ina aghaidh. Ligeadh dó dul go Londain i 1552. Dhá bhliain ina dhiaidh sin chaith sé dhá mhí ‘i ngéibheann’ ag Froinsiasaigh in Maidrid. Níor fhéad a chairde san Ollainn é a chosaint ar fhíoch na Róimhe ansiúd. D’fhill sé ar Londain nuair a athchuireadh an rí agus bhí ag gníomhú ann thar ceann easpaig na hÉireann. Nuair a ceapadh Diúc Urmhumhan mar Fhear Ionaid an Rí d’fhill sé ar Éirinn agus bhí cónaí air i gCúirt an Chinnéidigh in aice le hEaglais Chríost. Thosaigh sé arís ar an ‘Remonstrance’ a chur chun tosaigh i measc chléir agus tuath, arbh éard a bheadh ann ráiteas ó Chaitlicigh na hÉireann ag dearbhú gurbh é Séarlas II a rí ceart dlisteanach, an rí a gcaithfidís a bheith umhal dó ar neamhchead d’éilimh an phápa. Faoi 1666 bhí teipthe glan ar an iarracht nua sin. Tá an slíocht seo i gcló ag J.T. Gilbert: ‘Archbishop Peter Talbot, his “violent political opponent” accused him of dressing in “fine dress and ribands”; and of singing and dancing. He accused him of frivolity: “Call you suffering to see your spiritual children [the Remonstrants] return home to you with money in your purses and treat you and your Commissary [Fr. Redmond Caron] very splendidly at the sign of the Harp and Crown in Dublin, almost every night, with good cheer, dancing and danes [dána], or Irish Cronans; especially the famous Maquillemone, which was styled in a letter to Rome, ‘cantio barbara et agrestis’; and called by the soldiers of the guard in Dublin (hearing it every night at midnight) Friar Walsh and Friar N. singing of psalms? Call you suffering to see your grave Remonstrants dance giggs and countrey dances to recreate yourself and the Commissary, who was as ready and nimble at it as any of his collectors? but indeed it’s said you danc’t with a better grace than any of the company.’

Ó 1669 is i Sasana a bhí cónaí air. Bhí pinsean aige ó Dhiúc Urmhumhan le tamall maith roimhe sin agus ina dhiaidh. I 1670 chuir na Froinsiasaigh féin faoi choinnealbhá é de bharr leabhair a fhoilsiú gan chead an oird. D’éag sé i Londain 15 Márta 1688; beagán laetha roimhe sin, i scríbhinn a shínigh sé agus a cuireadh chun na Róimhe, tharraing sé siar cibé rudaí a shíl an Róimh a bhí earráideach. Cuireadh é in eaglais St. Dunstan-in-the-West. Ba é Anthony Gearnon an cúl taca agus an cara ba mhó aige ó aimsir Chomhchomhairle Chill Chainnigh ar aghaidh. I measc na leabhar eile a scríobh sé tá: The history and vindication of the loyal formulary of Irish remonstrance, 1674 agus Causa Valesiana, 1684.

Chum Dáibhí Ó Bruadair cúpla dán ‘do shagart áirithe a thréig a chuing ar chlaonchreideamh’. Tá an líne ‘púca péill péatair nó píotar práis’ i gceann díobh agus deir an t-eagarthóir Eoin Mac Fhir Léinn in Duanaire Dháibhidh Uí Bhruadair, 1910–17: ‘The words péatar (pewter) and píotar seem to be a play upon the name Peter in its English pronunciation. The only prominent person named Peter in Ireland at this time who would suit the context here is Peter Walsh.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú