Bhí sé ar dhuine de na hiriseoirí ba cháiliúla agus ba dhúshlánaí lena linn. Faoin gceannteideal ‘A Swiftian pen, the scourge of both hypocrisy and humbug’ bhí cuntas air in Irish Times 15 Márta 2003. Scríobh sé leabhar i nGaeilge i dtaobh thús na dtrioblóidí i dTuaisceart na hÉireann, Géarchéim in Éirinn, 1970. Sa Chreatalach, Co. an Chláir, a rugadh é ar 29 Deireadh Fómhair 1937. Bhí a athair Seán ina phríomhoide sa scoil náisiúnta ansiúd agus ba í Pauline McNamara a mháthair; ba é an duine ba shine de cheathrar é. Tar éis meánoideachais i gColáiste Mhainchíne, Luimneach, thosaigh sé ag obair sa Clare Champion agus d’aistrigh ar ball go dtí Scéala Éireann. I Londain d’oibrigh sé i nuachtáin áitiúla agus ar ais in Éirinn dó bhí sé ag scríobh don Connacht Tribune sular ceapadh é ar fhoireann an Irish Times i 1968. Ceapadh é ina chomhfhreagraí polaitíochta i 1973 agus ina eagarthóir polaitíochta i 1985. Scríobh sé péire leabhar i 1986: In the party: inside Fianna Fáil agus Des O’Malley: a political portrait. Ar feadh cuid mhaith dá shaol bhí spondailíteas air agus níorbh annamh i mbaol báis é. D’éag sé ar 11 Márta 2003. Bhí sé pósta ar an iriseoir Ruth Kelly agus bhí beirt iníonacha acu.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú