Ó FLAITHBHEARTAIGH, Tom Bheartla Tom (1926–2013)

Donncha Mór

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00
Eisithe ar Blaiseadh (1995). Le caoinchead Cló Iar-Chonnacht.

Ag tráth den saol ina ndeachaigh os cionn milliún duine ar imirce, bhain an seanchaí agus an scéalaí as Cois Fharraige, Tom Bheartla Tom Ó Flaithbheartaigh, leis an nglúin dheireanach a mhair, a shaothraigh agus a thóg a gclann agus iad ag brath go hiomlán ar an ngabháltas beag talún a bhí acu féin agus ag a muintir rompu – ina chás siúd ar an Tulach Rua i mbaile an Locháin Bhig, i gCois Fharraige, Conamara.

B’ansiúd a rugadh Tom Bheartla Tom ar 15 Lúnasa 1926, an cúigiú duine de naonúr clainne a bhí ar Bheartla Ó Flaithbheartaigh, feirmeoir beag as an mbaile sin, agus ar a bhean Máire Ní Chonghaile arbh as an Trá Bháin di. Bhí ceathrar deirfiúracha ag Tom a bhí níos sine ná é agus deartháir agus triúr deirfiúracha ní b’óige.

D’fhreastail Tom ar Scoil Náisiúnta Sailearna i bParóiste an Chnoic agus nuair a bhí a théarma istigh sa rang ab airde ansiúd, chuaigh sé a chúnamh dá athair ag saothrú an ghabháltais, sa gharraí, sa chladach, ar an sliabh agus ar an phortach.

Obair ab ea í a raibh an-luí aige léi agus de réir mar a bhí sé ag éirí aníos, bhí sé ag bailiú an eolais a roinn sé go minic ina dhiaidh sin le héisteoirí Raidió na Gaeltachta, nuair a tháinig an stáisiún sin ar an aer in 1972. An áit agus an uair ba chóir an cur a dhéanamh agus an fómhar a bhaint, mianach an tsíl a d’fheil do thalamh ar leith agus an cineál feamainne ab fhearr mar leasú ar bharra éagsúla.

D’fhoghlaim agus chleacht sé freisin na ceirdeanna agus na scileanna éagsúla eile a theastaigh ón bhfeirmeoir beag: tuíodóireacht, cladóireacht, beagán caoladóireachta agus tréidliachta.

Sa bhiain 1958 phós sé Eibhlín Ní Neachtain as Cnoc na hAille agus bhí cúigear clainne orthu – beirt mhac agus triúr iníonacha, Tomás, Bertie, Máire Áine, Ellen agus Bríd.

Teach cuartaíochta agus airneáin ba ea teach a mhuintire agus é ag éirí aníos agus ba de bharr sin a thosaigh Tom Bheartla ag cur suim sa seanchas a bhí ag a athair agus ag cur cuid de na scéalta a bhí aige siúd de ghlanmheabhair. Bhí blianta ina dhiaidh sin ann sular thosaigh sé féin á n-aithris go poiblí ag éigsí, i gcomórtais agus ar Raidió na Gaeltachta. Sa bhliain 1989 bhain sé an dara háit amach sa chomórtas scéalaíochta ag Oireachtas na Gaeilge i nGleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall, agus fuair an chéad áit an bhliain dár gcionn in Inis, Co. an Chláir. An bhliain dár gcionn arís, roinneadh an phríomhdhuais idir é féin agus a chomharsa béal dorais Tom Pheaidí Mac Diarmada.

Ba nós leis an mbeirt acu agus le scéalaí eile de chuid an cheantair, Jimmy Chearra, freastal a dhéanamh ar na hoícheanta seanchais a bhíodh á n-eagrú ag Cumann Béaloidis Chonamara a bunaíodh in 1987 agus d’eisigh Cló Iar-Chonnacht caiséad dá gcuid scéalta in 1992. Seo iad na scéalta de chuid Tom atá ar an gcaiséad: ‘An t-am a raibh Fionn Mac Cumhaill ina pháiste’, ‘An Gobán’, ‘An craiceann agus a luach’, ‘Ruaidhrí Caoir Ó Flatharta’, ‘Triúr clainne na barrscolóige’ agus, an scéal ab ansa leis féin, ‘Donnchadha Mór,’ an ceann a d’aithris sé do Mháirtín Tom Sheáinín ar an gclár Comhrá ar TG4 in Aibreán na bliana 2007.

Scéalta fada Fiannaíochta ba ea cuid de na scéalta ab fhearr a bhí ag Tom Bheartla Tom, cuid acu os cionn uair an chloig ar fhad, ach iad a insint ó thús go deireadh, leithéidí ‘Triúr clainne na barrscolóige’ agus ‘Céatach Mac Fhinn Mhic Cumhaill.’ Ar na cinn eile a d’insíodh sé bhí ‘Glóir mhac rí in Éirinn,’ ‘An t-am ar tháinig Oisín as Tír na nÓg,’ ‘An Chailleach Bhéarra agus an bhó,’ agus ‘Alastar mac an Impreora.’ I dteannta na scéalta, bhí seanchas go leor aige freisin a bhain leis na seanfhéilte, Lá Bealtaine agus Oíche Fhéile Mártan, cuir i gcás.

Bhí Tom Bheartla Tom páirteach freisin i gcláir a craoladh ar Raidió na Gaeltachta agus ar TG4 faoina sheanuncail Larry Saile Ó Flaithbheartaigh, a thug a bhean agus a chlann as an Lochán Beag chuig Minnesota na Stát Aontaithe in 1880, le héalú ón nGorta Beag. An bhliain chéanna sin a chonacthas an geimhreadh ba mheasa a chonacthas i Minnesota le cuimhne na ndaoine, rud ar beag súil a bhí ag na himircigh leis ná mórán réitigh déanta acu faoina choinne. Ansiúd inniu, tá rainse cúpla mile acra ag sliocht Larry agus ag daoine muinteartha Tom Bheartla agus cur síos déanta ag duine acu, Bridget Connolly, ar an scéal ar fad sa leabhar Forgetting Ireland (2003). Ó Tom féin a bhailigh sí cuid den eolas agus í ag cur an leabhair le chéile. Bhásaigh Tom Bheartla Tom Ó Flaithbheartaigh ar 12 Samhain 2013 agus tá sé curtha ar an Aill Fhinn, i Reilig an Chnoic.

Mártan Ó Ciardha