Le leabhair ar nós Fuinn na Smól agus Ceol ár Sinnsear ba é an tAthair Breathnach ba mhó, b’fhéidir, a tharraing aird an phobail ar amhráin na Mumhan sa leathchéad bliain i ndiaidh bhunú an Chonartha.

I mBuaile an Dísirt, timpeall dhá mhíle ón gCarraig Bheag, Co. Phort Láirge, a rugadh é 28 Márta 1848. Ba iad Maurice Walsh agus Juliana Cusack a thuismitheoirí. Ba le linn dó bheith ag freastal ar Scoil Náisiúnta Ráth Ó gCormaic a d’fhoghlaim sé Gaeilge ó Sheán Pléimeann. I ndiaidh tamall a chaitheamh i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, chuaigh sé isteach san Ord Uinseannach i gCaisleán Cnucha in 1871 agus bhí ag múineadh ann sular oirníodh é 1874 nó 1875. Leis an mhisinéireacht a chaithfeadh sé a shaol as sin amach go raibh sé ochtó bliain d’aois. Bhí cáil air mar sheanmóirí.

Ó 1875 go 1884 is sa mhainistir i mBaile Phib a bhí sé, thall i Lanark in 1884–5, agus is in 1885 a chuaigh sé go dtí mainistir Thobar Rí an Domhnaigh i gCorcaigh. Tá a ainm i measc síntiúsóirí Irisleabhar na Gaedhilge, Eanáir 1884. Bhí sé ina bhall de chomhairle Aontacht na Gaeilge in 1891.

I 1905 d’éirigh idir é féin agus sagart Uinnseannach eile darb ainm Gaynor (an fear a chuir an ceol le bailéad Kickham, ‘She lived beside the Anner’) ag comhdháil i dtaobh cheol na hÉireann. Cé nár luaigh Gaynor a ainm ba léir do Bhreathnach gurbh iad a leabhair féin a bhí an sagart seo a cháineadh. Is mar gheall ar an ngéardhíospóireacht sin a aistríodh Breathnach go Baile Phib i 1906.

Bhí sé ina bhall de Chraobh an Phléimionnaigh i gCorcaigh.

Bhí suim aige sa cheol óna óige. I litir chuig Séamus Ó Cathasaigh 19 Meitheamh 1921 thagair sé don phíobaire Ned Hurley a bhíodh ag seinm i gcomharsanacht na Carraige Bige go dtí gur chuir ‘a hot-tempered, unreasonable C.C.’ deireadh leis na rincí. Ag tabhairt misean anseo is ansiúd sa Mhumhain is ea a ghéaraigh ar an spéis a bhí aige sna hamhráin thraidisiúnta agus sa bhéaloideas a bhain leo. Chruinníodh sé amhráin i gContae Chorcaí agus i gContae Phort Láirge. Thug Pádraig Stúndún, scríobhaí Chorcaí, ‘a little manuscript of songs’ dó in 1887. Chaith sé laethanta saoire 1904 in iarthar Chorcaí: ‘... and I sought out the finest singers living west of Macroom. I have written most of the songs – both words and music – as the people have preserved them, west of Macroom’. Shíl sé tábhacht a bheith leis na bailéid Bhéarla freisin agus chuir sé foinn Ghaelacha lena lán acu.

Foilsíodh: Fuinn na Smól, 1913 – ‘This book will be real gold’, an rud a scríobh an tAthair Peadar Ó Laoghaire faoi; Songs of the Gael, 1915; Raint amhrán, 1916–7; Amhráin agus ceol ár dtíre féin, 1923; Ceol ár sinnsear, 1923; Ár gceol féinig (g.d.); Sidhcheol, 1924–6; An Chéirseach, 1926; Cnuasach beag amhrán (g.d.); An Smólach (g.d.); Mo cheolaidhe (g.d.); The Exile of Erin: who wrote it, Irishman or Scotsman?, 1921.

I réamhrá Fuinn na Smól, ghabh sé a bhuíochas le hÁine Ní Raghallaigh: ‘(She) deserves the principal share of the credit for rescuing from oblivion the lovely airs contained in this book’.

In 1887 as a phóca féin chuir sé athchló ar Searc-Leanamhain Chríost, a d’aistrigh an tAthair Domhnall Ó Súilleabháin in 1822. Ba é Seán Pléimeann a spreag chuige é. Níl a ainm féin le fáil sa leabhar. Do ‘Sagart ó Chúige Mumhan’ a thugtar an chreidiúint. Scríobh sé litir in Fáinne an Lae 26 Samhain 1898 ag cur in aghaidh an bhailiúcháin airgid a bhí á dhéanamh chun leabharlann a bhunú in Árainn. Dar leis nach raibh na Gaeilgeoirí sásta leabhair a cheannach. ‘To illustrate by one fact, take the case of the Irish Imitation of Christ. In 1886, when it was nearly impossible to get a copy of the first edition of that beautiful Irish classic, I undertook the labour and expence of bringing out a second edition of it. I spent nearly £100 of personal money on it and fixed the price at 1/6. This was a price so low for the amount of printed matter it contains that the edition only brought loss. This I did not mind as I only wanted to preserve the work from extinction, whilst putting into the hands of Irish students a book teeming with idiomatic Irish phrases. A large proportion of that edition remains unsold and for the past year and a half the Cork bookseller (Mulcahy) has not sold a single copy. Now this is a surprising fact when we remember that the man, Fr O’Sullivan of Enniskeam, who translated the Imitation into Irish, was the foremost Irish speaker of the century’.

D’éag Pádraig Breathnach 5 Feabhra 1930. Tá cuntais air ag C. Mulcahy, C.Í. in The Castleknock College Chronicle, 1926 agus 1930. Tá cuntas gairid air ag Íde Ní Choindealbháin in The Cork Historical and Archaeological Society Journal, XLVIII, 1943.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú