D'áirigh Peadar Ó hAnnracháin é mar dhuine de cheannairí Chonradh na Gaeilge i gCionn tSáile i dtús an 19ú haois (Fé bhrat an Chonnartha, 1944). Ba é an duine ba shine é sa chlann a bhí ag Edward Walsh, saor cloiche, agus Ellen Cramer. In Butchers Row, Cionn tSáile, a bhí an teaghlach lonnaithe agus i ndiaidh bunoideachais chuaigh Séamas le ceird an athar. Bhí Edward ag obair i gceantar Phontypridd sa Bhreatain Bheag nuair a d'éag sé in aois 44 dó in 1896. Chaith Séamas tamall sa tír sin freisin ach d'fhill ar Chionn tSáile i 1904. Bhí sé féin agus a thriúr deartháireacha bainteach leis an gConradh agus i 1905 chaith sé seachtain i bPríosún Chorcaí i mí na Samhna i ngeall ar gan íoc as ceadúnas madra mura bhféadfadh sé é a shíniú i nGaeilge. Nuair a scaoileadh saor é, murab ionann agus Éamonn Ó Néill (1882-1954), 'ní raibh aon bhuíon cheoil ag an stáisiún roimis, ná ní raibh aon chruinniú sa tsráid, ná níor deineadh aon chaint phoiblí ar an ngníomh a dhein sé' (Ó hAnnracháin).

Bhí sé ina bhall de Shinn Féin agus de na hÓglaigh agus bhí cairdiúil le Traolach Mac Suibhne, Diarmuid Lynch agus Liam de Róiste. Faoi 1921 bhí sé ina chathaoirleach ar an mBord Bardachta i gCionn tSáile nuair a gabhadh é. Bhí sé ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh agus tugadh coimisiún leifteanaint san Arm dó mar oifigeach eolais ina cheantar féin. Chuir an Cogadh Cathartha lagmhisneach air agus ní bheadh aon bhaint aige leis an bpolaitíocht feasta. I 1926 ceapadh é ina oifigeach leasa shóisialta (Home Assistance Officer). D'éag sé 10 Márta 1944 agus tá sé curtha in Tigason.

Bhí dúil ar leith aige i stair Chionn tSáile agus scríobh an leabhrán On the Ramparts of Kinsale, 1911, agus ó 1902 amach bhí aistí aige i nuachtáin cúigíocha agus náisiúnta agus in Cork Historical and Archaeological Journal. Fágadh di fhostaithe é i 1910, rud a bhrostaigh chun na hiriseoireachta é.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú