Bhí an múinteoir Gaeilge seo difriúil sa mhéid gur státseirbhíseach é a ghlac páirt sa chéad Chogadh Mór, i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Cathartha. Sa Bhóithrín Bocht, Camas, i bparóiste an Bhóthair Leathain, Co. Thiobraid Árann, a rugadh é ar 5 Márta 1890. Ba é John Walsh, feirmeoir, cliamhain isteach, arbh as Cláirín sa dúiche sin é, a athair agus ba í Catherine Hayes, Camas, a mháthair. Rugadh trí dhuine dhéag clainne dóibh ach níor mhair ach ochtar.

Bhí cúpla seanchainteoir dúchais Gaeilge i gCamas go fóill. Scríobhfadh Pádraig cúpla scéal ó dhuine díobh, Ned Strappe. Foilsíodh iad faoina ainm cleite ‘An Fánuidhe Aerach’ in An Claidheamh Soluis 2 Bealtaine agus 5 Meán Fómhair 1914. Ach is dóigh gurbh é an fáth áirithe ar chuir Pádraig spéis sa teanga go raibh an tAthair Maitiú Ó Riain tagtha mar shagart paróiste Chnoc an Bhile agus Dhún na Sciach. Mhaíodh sé freisin go raibh cainteoirí dúchais ó na Déise ag tógáil an bhóthair iarainn ó Chrois an Ghúlaigh go Caiseal nuair a bhí sé ag fás suas agus go n-éalaíodh sé féin agus a dheartháir Jim soir chun a bheith ag comhrá leo. Bhí an uair sin freisin neart bóithreoirí a raibh togha na Gaeilge acu. Tar éis tamaill i Scoil na mBráithre i gCaiseal d’éirigh leis post a fháil sa státseirbhís i Londain i 1907. I mBanc Taisce Oifig an Phoist ann a bhí sé ag obair ar dtús agus ansin sa Roinn Talmhaíochta agus ó Mheán Fómhair 1910 go dtí Aibreán 1911 in Oifig Theach an Chustaim, Londain. Aistríodh é i 1911 go dtí an Roinn Talmhaíochta i mBaile Átha Cliath. I nGaeilge a líon sé isteach a shonraí i nDaonáireamh 1911. Ag 42 Sráid Goldsmith, Cé na nÓstaí, Baile Phib, a bhí cónaí air. Chaitheadh sé laethanta saoire i gCamas agus lena linn in éineacht le Piaras Mac Canna thugadh se cuairt ar an Rinn, Co. Phort Láirge.

Ag am lóin ar 20 Lúnasa 1914, in éineacht le compánaigh oifige, liostáil sé in Arm na Breataine. An raibh deoch ólta aige? Ar Réamonnach é? Ar theastaigh uaidh éalú tamall ón státseirbhís? Ceisteanna iad nach bhfuil freagraí le fáil orthu anois. Gheofar cuntas ar chuid dar tharla dó ina dhiaidh sin i gcomhad ‘2002/40/263 Ref.no. 263 No.G/1678 Private P.Walsh’ sa Chartlann Náisiúnta agus é mar theideal air ‘Civil Servants dismissed for political reasons.’ Ní go dtí 2004 a bhí a fhios ag a mhuintir go raibh a leithéid de chomhad ann. Is amhlaidh a cuireadh sall go Swansea é le bheith ina bhall d’Fhiúsailéirí Ríoga na Breataine Bige. In 1916 cuireadh ar ais go Swansea tinn é ó Gallipoli na Tuirce. ‘Éagruas’ a thugann sé ar an tinneas i litir Ghaeilge sa chomhad sin. Cuireadh ansin é chun na hÉigipte mar bhall d’fhórsa sluaíochta. Nuair a d’éirigh sé tinn arís cuireadh abhaile go hÉirinn é mar bhall de scata saighdiúirí a bhí ag gardáil an stáisiúin teileagrafaíochta i nDairbhre, Co. Chiarraí. Is dóigh go bhfágfaí ansin é murach gur dúradh leis na saighdiúirí san oileán go mbeadh orthu an tsíocháin a choimeád ag cruinniú mór de chuid Shinn Féin i gCathair Saidhbhín ar 4 Samhain 1917. Seans go mbeadh air a ghunna a dhíriú ar scata Éireannach. Ghléas sé é féin in éadach iascaire agus d’éalaigh go dtí ceantar sléibhtiúil thuaisceart Thiobraid Árann ar 3 Samhain 1917 agus bhí ar a choimeád faoin ainm ‘Paddy Dwyer,’ é ag obair mar oibrí feirme le muintir Uí Riain Leacain in aice le Crois na Rae agus ag múineadh ranganna Gaeilge ann. D’fhan cuimhne air mar an té a thug isteach an ‘Cashel set’ ann an chéad lá. Níorbh eol do rinceoirí an cheantair go nuige sin ach an ‘Ballycommon’!

Tuairim 1918 fuair sé post múinteora faoi Chonradh na Gaeilge, post a bhí ag Séamus Ó Maoileoin roimhe, agus bhí sé chraobh sa cheantar timpeall ar an Drom Bán agus an Teampall Uachtarach ina chúram. Mhúineadh sé Gaeilge, druileáil, garchabhair, rincí céilí agus amhráin. Ó 1918 amach bhí sé páirteach i gCogadh na Saoirse agus tá an cuntas seo ag Ernie O’Malley air in Raids and rallies (1982):

Below Mauherslieve, An Fánuidhe Aerach, as Paddy Walsh was called, had taught Irish classes, for years relying ... on the kindness of the people and the safety of the mountains, when some other areas between 1917 and 1919 had made ample use of their tongues. I had spent many an hour with him as he puzzled out the derivations of surrounding place names, for that was his delight. He it was who had instructed some of the Upperchurch men in the use of a rifle which they had captured in Kilcommon. He had been conscripted [sic] in England, but had deserted from a garrison in Cahirciveen [sic] in 1917 and had brought his rifle with him. He was a good balladmaker and his verses gave an additional incentive to the singing word’

B’fhéidir gurbh iad ‘At Soloheadbeg the war began,’ ‘Seán Treacy’ agus ‘The Barracks at Rea’ na bailéid is mó dá dhéantús a bhí i mbéal na ndaoine i dTiobraid Árann Thuaidh. Ba bhall é den 6ú Cathlán de Chéad Bhriogáid Thiobraid Árann ach bhí sé páirteach i luíocháin agus i ruathair le briogáidí eile Thiobraid Árann agus le Briogáid Luimnigh Thoir. I ndeireadh 1920 gabhadh é faoi airm agus bhí sé i bpríosún in Swansea go dtí gur saighneáladh an conradh síochána. I rith an Chogaidh Chathartha bhí sé i bpríosún i bPort Laoise agus i dTeampall Mór. Thuilleadh sé a bheatha le colún Gaeilge agus Béarla in The Nenagh Guardian ach tamall roimhe sin is cosúil nár leasc leis féin agus le seanchomrádaí cogaidh a bheith ag díol poitín thíos ar an míntír.

I mí Lúnasa 1925 rinne sé iarracht ar dhul ar ais sa státseirbhís agus sin gan a nochtadh gur ghlac sé páirt mar phoblachtánach sa Chogadh Cathartha. Ba iad P.S. Ó hÉigeartaigh agus Walter Doolin, ardstátseirbhíseach, a scrúdaigh a chás. B’fhurasta dóibh gan amhras eolas a fháil ar a pháirt sa Chogadh Cathartha. Go dtí go ndeachaigh teachtaí Fhianna Fáil isteach sa Dáil ar 11 Lúnasa 1927 is cosúil gurbh é polasaí intuigthe an rialtas, ach sin faoi thost acu, nach bhfostófaí poblachtánaigh. Dúirt an bheirt nár chreid siad scéal Phádraig. Is é a dúirt Doolin (é i gcló sa chomhad sin): ‘I am inclined to attribute his desertion to other motives promoted and made possible by the disturbed state of affairs here, which to our knowledge afforded an ample cloak to hordes of fly boys.’ Bhí gan amhras cuntais ar an gcruinniú sin i nuachtáin Chiarraí gairid i ndiaidh 4 Samhain 1917 ach ní léir gur ceadaíodh iad. Bhí ardmheas ar Doolin mar státseirbhíseach a raibh na blianta anuas go 1922 caite aige ag obair i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Bhí sé pósta ar iníon le Sir James McMahon, duine de lucht ceannais an Chaisleáin agus fear a thuilleann cuntas fabhrach in DIB i ngeall ar ar an bpáirt a bhí aige chun teacht ar réiteach ag deireadh 1921.

Cháiligh Pádraig mar mhúinteoir Gaeilge sa Rinn in 1925 agus bhí ag múineadh faoi scéim na gComhairlí Contae san Aonach agus i gCaiseal. San oíche go rómhinic a bhí sé ag obair, rud nár chabhraigh leis chun socrú síos i ndiaidh ar ghabh sé tríd. D’fhág sé an post i gCaiseal agus bhí díomhaoin ar feadh bliana nach mór i rith 1928-29. Bhí dán Gaeilge i gcló aige in Fáinne an Lae, Meán Fómhair 1929, faoin teideal ‘In ísle brí’ agus túgann sé leid de shaol seachmallach na haimsire sin: ‘Is cuimhin liom gorta is gátar is fós gach uile lá bocht/ A chaitheas ar na hardchnoic i gcuideachtain mórghníomh/ Ach b’aoibhne liomsa lá díobh ná ráithe ar na sráidibh/ Gan gáire san dtigh tábhairne ina sciobtaí uainn ár gciall’. Ach faoi 5 Deireadh Fómhair bhí post múinteora Gaeilge faighte aige i mbaile Chill Mhantáin, post a bhí ag Tomás Ó Cléirigh roimhe. Bhí glactha ag teachtaí Fhianna Fail lena suíocháin faoi 1927 agus thug sé iarracht eile i 1929 ar dhul ar ais sa státseirbhís. Tairgeadh post nua dó ann i 1931 ar choinníoll go síneodh sé dearbhú dílseachta agus go mbeadh tréimhse thástála de bhliain ag gabháil leis an gceapachán nua seo. In Oifíg Sheirbhísí na Gaeltachta is mó a bhí sé. D’éag sé ar 26 Meitheamh 1939 agus tá sé curtha i seanchill Bhaile na hInse cois na Siúire. Phós sé Maggie Purcell, iníon tábhairneora sa Teampall Uachtarach, Tiobraid Árann, i 1927 agus bhí mac agus iníon acu. Scríobh Séamus J. King aiste ar a shaol in The Tipperary Star 28 Meitheamh 1986, tá iontráil faoi in A biographical dictionary of Tipperary (1999) le Martin O’Dwyer. Thug a mhac Diarmuid cuntas air in Scríobh 5, 1981. Le linn dó a bheith ag fánaíocht i dTiobraid Árann bhailigh sé go leor dá raibh cloiste aige d’fhocail Ghaeilge i ngnáthchaint na ndaoine agus tá cuid mhór díobh i gcló ag Diarmaid Ó Muirithe in A Dictionary of Anglo-Irish: words and phrases from Gaelic in the English of Ireland, (2000).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú