Deartháir le Cormac Breathnach. Bhí an Poblachtach seo gníomhach i gConradh na Gaeilge sna 1930idí agus bhí tamall ina bhall den Choiste Gnó; bhí baint aige le hathréimniú an Oireachtais. Sheas sé do Chlann na Poblachta i mBaile Átha Cliath Láir Thuaidh in olltoghchán 1948 agus ghnóthaigh an vóta ab airde (2708) de na hiarrthóirí nár toghadh; faoi 1951 bhí a vóta laghdaithe go mór. D’éag sé ar 14 Iúil 1985.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú