Ba é an chéad bhreitheamh dúiche é dár cheap an rialtas dúchais i 1922. Mhaíodh sé gurbh é féin an chéad bhreitheamh ó plandáladh Ulaidh a rinne a chúirt a stiúrú trí Ghaeilge ar fad.

I Machaire Rátha, Co. Dhoire , a rugadh é ar 11 Meán Fómhair 1880. Bhí teach ósta sa bhaile sin ag a athair Louis. B’as Machaire Fíolta dá mháthair Elizabeth Donnelly. Bhí ceathrar deirfiúracha aige ar dhuine díobh Helena, seanadóir, bean chéile Thomáis Bháin Uí Choncheanainn (d’éag sí ar 27 Feabhra 1952), agus beirt deartháracha.

I ndiaidh bliana i gColáiste Cholmcille i nDoire bhí sé ar scoil ag na Cairmilítigh i dTír an Iúir. Nuair a bhí sé ag réiteach do Mháithreánach na hOllscoile Ríoga thosaigh sé ag freastal ar rang Gaeilge do mhic léinn ollscoile a bhí á stiúradh ag Pádraig Mac Piarais agus Seoirse Ó Muanáin. I measc na bhfoghlaimeoirí eile bhí a dheirfiúr Helena, Seoirse Mac Fhlannchaidh, Máire Ní Mhaicín, Séamus de Chlanndiolúin agus Patrick Merriman, an fear a bheadh ina uachtarán ar Choláiste Ollscoile Chorcaí ar ball. Bhíodh sé ag taithí An Stad, siopa Chathail Mhic Gharbhaigh i Sraid Fheardorcha Thuaidh, oícheanta Shathairn timpeall an ama seo.

Bhí baint aige leis an L & H (an cumann litríochta agus staire) sa Choláiste Ollscoile agus bhuaigh sé bonn óir an Uachtaráin ar óráidíocht in 1898–9. Bhí James Joyce san iomaíocht. Agus ba é Joyce an t-iarrthóir eile nuair a d’éirigh le Lughaidh de thoradh vótála bheith ina chisteoir ag an gCumann. Is é sin-seanathair Amelia Walsh é, agus scríobh sise ‘Louis J. Walsh – a Contribution to Irish History’ in Donegal Annual: Bliainiris Dhún na nGall, 56, 2004. ‘However Joyce had his revenge when he featured Walsh in a particularly uncomplimentary manner in the guise of Mac Alister in Portrait of the Artist as Young Man and Hughes in Stephen Hero.’ Bhí sé ar dhuine de na mic léinn a bhí ag tógáil raice san Ancient Concert Rooms i dtaobh dhráma Yeats The Countess Kathleen ar 10 Bealtaine 1899.

Bhain sé céim B.A. amach i 1902 agus cháiligh sé mar aturnae i 1905. Bhí sé ag obair i mBaile an Chaistil, Co. Aontroma, anuas go 1920 agus ansin i mBaile na Croise, Co. Dhoire. Bhí sé ina bhall de Choiste GnóChonradh na Gaeilge ar feadh tréimhse. Phós sé Mary McKenna as Machaire Rátha i 1907. Rugadh seachtar clainne dóibh.

Sheas sé do Shinn Féin i nDoire Theas in olltoghchán 1918 agus in Aontroim i 1921. I 1920 toghadh é ina bhall de Chomhairle Chontae Aontroma i dtoghlach Bhaile Mhonaidh. Bhí sé gníomhach sa troid in aghaidh coinscríofa agus ina bhreitheamh sna cúirteanna poblachtacha. B’éigean dó dul ar a choimeád i Meán Fómhair 1920. Chaith sé tamaill i bpríosún i nDoire agus i mBaile Coinnleora. Scríobh sé On my keeping and in theirs, 1921 faoi na heachtraí a bhain dó. Nuair a scaoileadh saor é chuaigh sé i mbun a ghnó i mBaile na Croise ach b’éigean dó teitheadh go Baile Átha Cliath. D’iarr Paddy Hogan (1891–1936) air dul i mbun an chleachtais dlí a bhí aige i mBaile Locha Riach. D’fhan sé ann gur tairgeadh post breithimh dó i nDeireadh Fómhair 1922. In oirthear agus in oirthuaisceart Dhún na nGall a bhí cúraim an phoist le déanamh.

I 1923 bhí sé ina bhall de Choimisiún Ghlenavy a dhréachtaigh rialacha na gcúirteanna dúiche. Ba é ba thúisce a rinne cás i nGaeilge a shonrú don Ard-Chúirt. Deirtear go dtugadh sé le fios do dhlithithe gur bhuntáiste dóibh ina chúirteanna Gaeilge bheith acu.

Scríobh sé go leor leabhar agus drámaí i mBéarla. Is dóigh gurb é The Pope in Killybuck an ceann is iomráití dá dhrámaí. Deir Amelia Walsh faoin dráma sin: ‘What is unique about his work is that he illustrates the core issues of Ireland’s modern history and still appeals to all audiences. The Pope in Killybuck, for example, was performed under the title The Auction in Killybuck for Protestant audiences. It earned the rare distinction of provoking Orange audiences to believe it was a skit on Nationalists while Nationalists took a totally opposite interpretation.’ Scríobhadh sé aistí seachtainiúla don Derry Journal agus ina dhiaidh sin don Irish Weekly i mBéal Feirste. An t-ainm cleite ‘Cormac Mac Airt’ a úsáideadh sé.

Luann Amelia Walsh go raibh sé beartaithe ag Coimisiún na Teorann go mbeadh Inis Eoghain agus píosa mór sin den Lagán i gContae Dhún na nGall ina gcoda de Thuaisceart Éireann agus gur sa Saorstát a bheadh coda bochta d’Fhear Manach agus d’Ard Mhacha, dhá chontae a raibh móramh ag Caitlicigh iontu. ‘When William T. Cosgrave, head of the Irish Government at the time, travelled to London to discuss the subject, the British Premier, Baldwin, produced a letter that had been received from a magistrate concerned “with the peace and order of Co. Donegal” – Louis J. Walsh. In his letter, Walsh had warned the Premier that if the proposed recommendations were to be implemented, he feared that it could lead to a state of civil war. This letter came as huge shock and Sir James Craig subsequently stated that it “changed the minds of members of the Commission”. … Walsh had undoubtedly saved Donegal from dismemberment.’

D’éag sé ar 26 Nollaig 1942.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú