Tá cuntas ar an léiritheoir raidió seo in Inniu 26 Meitheamh 1962. I nGaillimh a rugadh é 30 Nollaig 1915. Ba lena mhuintir an Old Malt House, teach tábhairne ar an Sráid Ard sa chathair sin. Bhí cónaí ar Phádraic Ó Conaire sa teach sin ar feadh tamaill. Ba iad Micheál Breathnach agus Agnes Cotter, arb as Bántrá, an Tulaigh, Conamara di, a thuismitheoirí agus bhí deirfiúr agus seisear deartháireacha aige. Dhúnmharaigh na Dubhchrónaigh a athair 9 Deireadh Fómhair 1920. Tá tagairt dósan ag Colm Ó Gaora in Mise, 1943: ‘Ba duine de na daoine ba mhó le rá sa gcathair an t-am úd é agus bhí gnaoi na ndaoine go léir air. Siopadáoir láidir a bhí ann a raibh maoin agus ollmhaitheas an tsaoil aige. Níor spíd leis an mhaoin sin a chaitheamh ar chúis na hÉireann, ná ar aon chúis eile a rachadh i dtairbhe do chall an duine bhoicht.’

Cuireadh oideachas ar Shéamus i Scoil Naomh Seosamh agus i gColáiste Iognáid i nGaillimh. Ba le linn dó a bheith i gColáiste Iognáid a thug Liam Ó Briain isteach sa Taibhdhearc é mar aisteoir i 1933, agus bhí na cultacha do na haisteoirí á ndéanamh aige; chaith sé tamall ina chisteoir ag an amharclann. Chuaigh sé go Londain agus fuair teastas an British Institute of Dress Designing. Nuair a d’fhill sé ar Ghaillimh chaith sé tamall eile sa Taibhdhearc. Chuaigh sé ina dhiaidh sin ag taisteal na tíre le Louis D’Alton (1900-51), drámadóir, agus a chompántas aisteoirí, agus ar ball le Equity Productions, compántas a raibh sé ina léiritheoir, ina bhainisteoir agus ina aisteoir acu. Chaith sé seal i Londain leis na Irish Players. Ansin bhí sé ag obair ar feadh bliana mar Thimire Drámaíochta do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. I 1947 fuair sé post comhléiritheora i Radio Éireann agus bhí ann gur shroich sé aois an phinsin. Ba é ba mhó a léiríodh drámaí Gaeilge agus anuas go dtí pointe éigin ama sna 1970idí ba mhinic go maith a chraoltaí a leithéidí. Bhí sé i mbun ‘The Foley Family’ freisin, an chéad sobal raidió, b’fhéidir. Deir a mhuintir gur fhan sé dílis riamh do bharrshamhail an phoblachtachais, agus gurbh é an Piarsach a rogha den laochra—sa mhéid gur cheannaigh sé teach in Ascaill an Phiarsaigh i nGaillimh! D’éag sé 18 Márta 2000. Bhí a dheartháir Fursa gníomhach i gConradh na Gaeilge i nGaillimh, i gCumann Cearta Sibhialta na Gaeltachta agus i gClann na Poblachta.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú