Tá cuntas ar an sagart dícheallach seo ag Éamonn Ó hÓgáin in Kilkenny: History and Society: interdisciplinary essays on the History of an Irish County, 1990 in eagar ag William Nolan agus Kevin Whelan (‘Scríobhaithe Lámhscríbhinní Gaeilge i gCill Chainnigh 1700-1870’). Ba iad William Walsh agus Bridgitte Nox a thuismitheoirí agus baisteadh é i Ráth Nua i bparóiste Shliabh Rua, Co. Chill Chainnigh, 6 Aibreán 1779. Síltear go raibh sé i gColáiste Chiaráin i gCill Chainnigh ó 1792 gur oirníodh é in 1809. Liostaíonn Ó hÓgáin na paróistí ina raibh sé ag obair mar shagart cúnta sa tréimhse 1814-1824: Dún Iomagáin, Ros Bearrcon, paróiste Mhuire i gCathair Chill Chainnigh, Muileann an Bhata / Cill Mhic Bhúithe. Ó 1824 go 1828 bhí sé ag obair in Bermondsey, Londain. Chaith sé ó Mheitheamh 1828 go ceann bliana, b’fhéidir, i gCora Finne, Co. an Chláir. Tuairimíonn Ó hÓgáin gur tugadh ar iasacht é do dheoise Chill Dalua toisc fearrasbarr sagart a bheith á n-oirniú in Osraí. Faoi Nollaig 1829 bhí sé sa Ráth Nua. Tamall éigin ina dhiaidh sin d’imigh sé go Meiriceá agus níl aon tuairisc air ina dhiaidh sin. Bhí a lámhscríbhiní tamall i seilbh duine in Chicago.

Bhí lámhscríbhinn ‘Eochairsciath an Aifrinn’ ina sheilbh in 1829 agus é geall le bheith aistrithe go Béarla aige; is dóigh leis an Ógánach gurb in í an lámhscríbhinn atá i Leabharlann na nÍosánach, Sráid Líosáin, Baile Átha Cliath, ach níorbh fhéidir leis an t-aistriúchán a aimsiú. I dTulachar i Ros Bearrcon a scríobh sé í in 1817. Scríobh sé i mBéarla tráchtas ar fhuaimeanna agus ar ortagrafaíocht na Gaeilge agus bhailigh filíocht. Is léir go mbíodh sé ag bailiú lámhscríbhinní. Bhí caidreamh aige go háirithe ar na scríobhaithe Séamas Ó Scoireadh agus Tomás Ó hIcí, ar James Hardiman agus Amhlaoibh Ó Súilleabháin. Ba é ba mhó a thug spreagadh d’Ó Scoireadh; thugadh sé obair dó le déanamh agus fuair post dó leis an Argadánach. Bhí ardmheas aige ar Thomás Ó hIcí agus b’fhéidir gur dó a scríobh Tomás ‘An Leabhar Dubh’, cnuasach filíochta; chuir sé ábhar as an lámhscríbhinn chuig an Argadánach i gcomhair an Irish Minstrelsy. Bhíodh sé ag tabhairt lámhscríbhinní ar iasacht don Súilleabhánach agus sin é an sagart ar thug an dialannaí cuairt air 27 Nollaig 1829 d’fhonn cleamhnas a dhéanamh lena dheirfiúr Máire (‘bean bhreá ard ghruadhearg, ghruaig fhionnrua, go dtóin triopallach, go mbrollach ard, go gcíocha crua cruinne cailce’).

Tá cuntas Éamoinn Uí Ógáin ar a thréimhse i Londain an-inspéise. Sclábhaithe fíorbhochta ó Éirinn a raibh an Ghaeilge coitianta ina measc ba ea formhór pharóisteánaigh Bhermondsey agus ar an mBreathnach a thit sé airgead a bhailiú d’fhonn scoileanna agus séipéal a thógáil. Ach níor lig sé an Ghaeilge i ndearmad. Lean sé air ag gríosadh Uí Scoireadh agus Uí Argadáin chun oibre, é ag iarraidh cabhrú chun costas foilsithe an Irish Minstrelsy a íoc. Scríobh sé litir chuig Domhnall Ó Conaill ag cur ar a shúile dó a riachtanaí a bhí sé an Tiomna Nua a thiontú go Gaeilge, litir nach í an chuid is lú spéis inti an léargas a fhaightear inti ar staid na teanga i gCill Chainnigh. Tuairimíonn Ó hÓgáin gurbh fhéidir go raibh de thoradh ar a litir gur thosaigh an tAthair Martin Loftus ag aistriú an Tiomna Nua i Maigh Nuad.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú