BREATHNACH, Síomón (1779–?) Síomón BREATHNACH 1779 ? M bailitheoir lámhscríbhinní sagart Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá cuntas ar an sagart dícheallach seo ag Éamonn Ó hÓgáin in Kilkenny: History and Society: interdisciplinary essays on the History of an Irish County, 1990 in eagar ag William Nolan agus Kevin Whelan (‘Scríobhaithe Lámhscríbhinní Gaeilge i gCill Chainnigh 1700-1870’). Ba iad William Walsh agus Bridgitte Nox a thuismitheoirí agus baisteadh é i Ráth Nua i bparóiste Shliabh Rua, Co. Chill Chainnigh, 6 Aibreán 1779. Síltear go raibh sé i gColáiste Chiaráin i gCill Chainnigh ó 1792 gur oirníodh é in 1809. Liostaíonn Ó hÓgáin na paróistí ina raibh sé ag obair mar shagart cúnta sa tréimhse 1814-1824: Dún Iomagáin, Ros Bearrcon, paróiste Mhuire i gCathair Chill Chainnigh, Muileann an Bhata / Cill Mhic Bhúithe. Ó 1824 go 1828 bhí sé ag obair in Bermondsey, Londain. Chaith sé ó Mheitheamh 1828 go ceann bliana, b’fhéidir, i gCora Finne, Co. an Chláir. Tuairimíonn Ó hÓgáin gur tugadh ar iasacht é do dheoise Chill Dalua toisc fearrasbarr sagart a bheith á n-oirniú in Osraí. Faoi Nollaig 1829 bhí sé sa Ráth Nua. Tamall éigin ina dhiaidh sin d’imigh sé go Meiriceá agus níl aon tuairisc air ina dhiaidh sin. Bhí a lámhscríbhiní tamall i seilbh duine in Chicago.

Bhí lámhscríbhinn ‘Eochairsciath an Aifrinn’ ina sheilbh in 1829 agus é geall le bheith aistrithe go Béarla aige; is dóigh leis an Ógánach gurb in í an lámhscríbhinn atá i Leabharlann na nÍosánach, Sráid Líosáin, Baile Átha Cliath, ach níorbh fhéidir leis an t-aistriúchán a aimsiú. I dTulchar i Ros Bearrcon a scríobh sé í in 1817. Scríobh sé i mBéarla tráchtas ar fhuaimeanna agus ar ortagrafaíocht na Gaeilge agus bhailigh filíocht. Is léir go mbíodh sé ag bailiú lámhscríbhinní. Bhí caidreamh aige go háirithe ar na scríobhaithe Séamas Ó Scoireadh[q.v.] agus Tomás Ó hIcí[q.v.], ar James Hardiman[q.v.] agus Amhlaoibh Ó Súilleabháin[q.v.]. Ba é ba mhó a thug spreagadh d’Ó Scoireadh; thugadh sé obair dó le déanamh agus fuair post dó leis an Argadánach. Bhí ardmheas aige ar Thomás Ó hIcí agus b’fhéidir gur dó a scríobh Tomás ‘An Leabhar Dubh’, cnuasach filíochta; chuir sé ábhar as an lámhscríbhinn chuig an Argadánach i gcomhair an Irish Minstrelsy. Bhíodh sé ag tabhairt lámhscríbhinní ar iasacht don Súilleabhánach agus sin é an sagart ar thug an dialannaí cuairt air 27 Nollaig 1829 d’fhonn cleamhnas a dhéanamh lena dheirfiúr Máire (‘bean bhreá ard ghruadhearg, ghruaig fhionnrua, go dtóin triopallach, go mbrollach ard, go gcíocha crua cruinne cailce’).

Tá cuntas Éamonn Uí Ógáin ar a thréimhse i Londain an-inspéise. Sclábhaithe fíorbhochta ó Éirinn a raibh an Ghaeilge coitianta ina measc ba ea formhór pharóisteánaigh Bhermondsey agus ar an mBreathnach a thit sé airgead a bhailiú d’fhonn scoileanna agus séipéal a thógáil. Ach níor lig sé an Ghaeilge i ndearmad. Lean sé air ag gríosadh Uí Scoireadh agus Uí Argadáin chun oibre, é ag iarraidh cabhrú chun costas foilsithe an Irish Minstrelsy a íoc. Scríobh sé litir chuig Domhnall Ó Conaill ag cur ar a shúile dó a riachtanaí a bhí sé an Tiomna Nua a thiontú go Gaeilge, litir nach í an chuid is lú spéis inti an léargas a fhaightear inti ar staid na teanga i gCill Chainnigh. Tuairimíonn Ó hÓgáin gurbh fhéidir go raibh de thoradh ar a litir gur thosaigh an tAthair Martin Loftus[q.v.] ag aistriú an Tiomna Nua i Maigh Nuad.