Tá cur síos ar a bheatha agus a shaothar ag Éamonn Ó hÓgáin (‘Scríobhaithe Lámhscríbhinní Gaeilge i gCill Chainnigh 1700-1870’) in Kilkenny: history and society: interdisciplinary essays on the history of an Irish county, 1990 in eagar ag William Nolan agus Kevin Whelan, agus ag Eoin O’Kelly (‘In the Footsteps of an Irish Antiquary’) in Old Kilkenny Review, 1959. Áiríonn Ó hÓgáin é mar dhuine den cheathrar scríobhaí i gCill Chainnigh ‘a bhí ag bailiú agus ag cóiriú ábhair i gcomhair a fhoilsithe ... pé acu ar a son féin nó do phátrúin’. Chuir an leabhareolaí Séamus Ó Casaide spéis ann: ‘I have at least three publications of this Irish scholar from South Kilkenny, who wrote his name variously as Seamus O’Scurradh, James Scurry, etc., including the Dileagra (1825) which was printed in Irish type with the original English Pastoral . . . on alternate pages. John O’Donovan in his Irish Grammar (1845) gave some particulars about his friend Ó Scoireadh, who deserves more honour than has yet been given him’ (The Irish Book Lover, Samhain-Nollaig 1933).

Níl a fhios cathain ná cár rugadh é agus is beag má tá aon eolas ar a shaol roimh 1817. Feirmeoir le 35 acra i dTigh an Chnoic i bparóiste Chill Mhic Bhúith i ndeisceart Chill Chainnigh ba ea é. Bhí sé pósta ar bhean de na Dulachantaigh agus bhí beirt mhac acu. Níl a fhios ach chomh beag cár cuireadh oideachas air. Bhí idir Ghaeilge agus Bhéarla go maith aige agus breaceolas aige ar Ghréigis agus Laidin. Scríobh Seán Ó Donnabháin faoi: ‘ . . .he was a man of so vigorous a mind that he acquired an extensive knowledge of philology and general literature.’ Is dóigh leis an Ógánach gur sagart agus scríobhaí eile, an tAthair Síomón Breathnach, a spreag chun an léinn é le linn dó a bheith ag obair i bparóiste Chill Mhic Bhúith ó 1817 go 1824. In 1820 foilsíodh i bPort Láirge a aistriúchán ar Four Maxims of Christian Philosophy le Giovanni Battista Manni S.J., a bhí aistrithe ón Iodáilis, faoin teideal Cheithre Soileirseadha de’n Eagnuidheacht Chríostuidhe. Bhí ‘Introduction to the Irish Language’ istigh leis. Foilsíodh an dara heagrán in 1825. Cuireann sé síos i mBéarla ann ar chóras litrithe agus fuaimeanna na Gaeilge. Deir O’Kelly gur mar gheall ar dhrochstaid na feirmeoireachta i ndiaidh chogaí Napoleon ab éigean dó éirí as an bhfeirmeoireacht tuairim 1823; chaith an teaghlach tamall i bPort Láirge agus deir Ó hÓgáin gur chaill sé ceart seilbhe ar an bhfeirm agus ar a theach cónaithe. B’fhéidir gur lean rud amháin an rud eile. Tuairimíonn Ó hÓgáin gur mar mhalairt slí bheatha a chrom sé ar an scríbhneoireacht. An tAthair Breathnach a mhol dó bualadh le James Hardiman i mBaile Átha Cliath. Chóipeáil sé Annála Thighearnaigh dó. Faoi Lúnasa 1825 bhí cónaí air sa phríomhchathair agus é ag athscríobh dánta i gcomhair an Irish Minstrelsy a bhí á ullmhú ag Hardiman. Le linn dó a bheith ann a chuir sé Seán Ó Donnabháin in aithne don Argadánach. Bhí ardmheas acu beirt air.

In 1825 foilsíodh i mBaile Átha Cliath tréadlitir James Warren Doyle, easpag cáiliúil Chill Dara agus Leithghlinne, Pastoral Letter addressed to the Roman Catholic clergy of the deanery of Kilcock, mar aon le haistriúchán Gaeilge Uí Scoireadh. B’fhéidir a rá gur tugadh aitheantas dó mar scoláire nuair a iarradh air léacht a thabhairt do bhaill Acadamh Ríoga na hÉireann 2 Deireadh Fómhair 1826 (‘Remarks on the Irish Language, with a Review of its grammars, glossaries, vocabularies and dictionaries, to which is added a model of a comprehensive Irish Dictionary’ in imeachtaí an Acadaimh Iml. xv, 1828). D’éag sé i mBaile Átha Cliath in Aibreán 1828 agus cuireadh é le muintir a mhná i gCill Bhéacáin i Muileann an Bhata. Bhí inscríbhinn oghaim curtha aige féin ar an leac uaighe i gcuimhne ar thuismitheoirí a mhná, chomh maith le ceathrú a chum Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin agus véarsa i mBéarla. I 1959 chuir Cumann Seandálaíochta Chill Chainnigh leac ina chuimhne ar an uaigh. Is é an focal scoir ag Éamonn Ó hÓgáin ina thaobh: ‘Dhein Ó Scoireadh bunobair fhiúntach i gcúrsaí ortagrafaíocht, ghramadach agus fhoclóireacht na Gaeilge. Bhí an-tuiscint aige ar thábhacht Ghaeilge bheo na ndaoine mar bhun le staidéar a dhéanamh ar stair na teanga. Sa tslí sin bhí sé chun tosaigh go mór ar fhurmhór de lucht léinn a linne.’ Sa réamhrá a chuir sé lena aiste ar na scríobhaithe tuairiscíonn sé: ‘Deirtear gur dódh leabhair Ghaeilge agus páipéir le Séamas Ó Scoireadh tamall maith de bhlianta tar éis a bháis nuair a bhíothas ag iarraidh aicíd thógálach éigin a bhris amach sa teach ina raibh siad a ruaigeadh.’ Tá lámhscríbhinní a rinne sé sa Leabharlann Náisiúnta, i Leabharlann na Breataine agus i Leabharlann na nÍosánach (Baile Átha Cliath). Bhí a dheirfiúr pósta ar Phádraig Ó Néill.

In 2012 foilsíodh Amhail Fuaim Chogair Bhig: Teangeolas Shéamais Uí Scoireadh le Barra Ua Cearnaigh. Deir an foilsitheoir: ‘Ó Scoireadh agus a chuid teangeolais is ábhar dó. Bunús agus feidhm na teangan go ginearálta, agus nádúir na Gaeilge go sonrach, ba spéis leis an gCainneach san. Dhein Ó Scoireadh staidéar ar an ngramadach uilechoiteann agus ar chaint bheo a linne féin; de réir a chéile, d’fhéach sé le caighdeán teangan a leagan amach a mbeadh an Ghaeilge fé stiúir prionsabal fealsúnta; ba mhian leis go mbeadh an caighdeán san ina uirlis chumarsáide a d’fhóinfeadh do réimsí éagsúla an tsaoil, mar an creideamh, an pholaitíocht agus an litríocht. An spéacláireacht ar an nGaeilge mar theanga, traidisiún a bhí go láidir in Éirinn sa Luathré Chríostaí agus sa Mheánaois, is amhlaidh ná deaghaidh sí i léig sna haoiseanna ina dhiaidh ach gur mhair fé cheilt mar chuid den léann dúchasach ag an bpobal rúin. Oidhre ar a dtáinig roimis d’eagnaithe teangan ab ea Ó Scoireadh; réamhtheachtaí é, leis, dá mhacasamhail sa 20ú haois a d’fhéachfadh le hathréimniú na Gaeilge.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú