An duine ba mhó a thug oidhreacht Ghaeilge Dheisceart Dhoire slán go glúin eile, don Athair Pádraig Ó hEaráin ina measc. Tá réimse a chuid oibre mar eagraí Chonradh na Gaeilge agus mar mhúinteoir clasaicí léirithe i mbeathaisnéis an tsagairt chéanna, Teacht den tSliabh Tráthnóna, 2006 le hAodh Ó Canainn. Tá an Irish News agus An Claidheamh Soluis breac ballach le tagairtí dá chuid gníomhaíochta mar chéad rúnaí chraobh Bhaile na Scríne de Chonradh na Gaeilge agus mar mhúinteoir agus dhíograiseoir Gaeilge sa tréimhse 1901/1920.

I mBaile na Scríne a rugadh é ar an 4 Meitheamh 1876, an cúigiú duine clainne ag John McNamee agus Matilda Kelly. Peadar Sheonaigh Mhiciltigh a thugtaí air. B’as Gleann Gamhna é an t-athair ach chaith sé formhór a shaoil i mBaile na Croise, áit ina raibh teach tábhairne aige. Rinne Diarmaid Ó Doibhlin amach go raibh gaol aige le Maolsheachlann Mac Con Mí atá luaite ag Seán Ó Donnabháin i litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis agus, dá réir sin, leis an fhile Seán Mac Con Mí a mhair san 16ú haois. Más fíor sin, d’fhéadfadh sé gur de mhuintir Ghiolla Bhríde Mac Con Mí, file den 13ú haois, é Peadar. Bhí a mháthair Matilda ina rúnaí ar chraobh na háite den Ladies’ Land League a thug Anna Parnell ar cuairt go Baile na Scríne.

De réir Dhaonáireamh na bliana 1901, bhí Gaeilge ag gach duine den mhuirín agus glacadh leis san áit go raibh Peadar ina chainteoir dúchais Gaeilge. Dúirt sé ag cruinniú amháin, áfach, go raibh dul an Bhéarla ar a chuid Gaeilge murab ionann is seandaoine sa lucht éisteachta. De réir taighde sa leabhar Teacht den tSliabh Tráthnóna bhí formhór na dteaghlach sa cheantar éirithe as clann a thógáil le Gaeilge faoi lár seachtóídí na naoú haoise déag ach dealraíonn sé go raibh eisceachtaí ann. Ar aon nós, choinnigh cuid den dream óg greim ar an teanga de bharr a ndáimh le seantuismitheoirí nach raibh Béarla acu.

Chuaigh Peadar go Coláiste Phádraig, Maigh Nuad, sa bhliain 1895 ach d’fhág sé é sa bhliain 1897. Ba bheag slí beatha a bhí le fáil faoin bhaile agus ní fios ar fáilte nó a mhalairt a cuireadh roimhe. Ba é a ndícheall ag tuismitheoirí fir óga a sheoladh bealach Mhaigh Nuad agus ní dócha go mbeadh fáilte mhór roimh ‘breakdown priest’ mar a thugtaí ar a leithéid.

Ba é a rinne Peadar scoil chlasaiceach a bhunú inar múineadh Laidin, Gréigis, Béarla, Fraincis agus Gaeilge do bhuachaillí a bhí ag brath dul go Coláiste Cholm Cille agus, ina dhiaidh sin, go Maigh Nuad. D’éirigh thar barr le Pádraig Ó hEaráin, duine amháin dá chuid scoláirí, agus d’fhoghlaim seisean scileanna an bhailitheora béaloidis uaidh. Murach sin, ní bheadh saibhreas Gaeilge Chéití Uí Chléiricín ar lámh shábhála san Acadamh Ríoga inniu. Níl cuid lámhscríbhinní Pheadair féin ar fáil ach, ar a laghad, tá na litreacha a scríobh sé chuig Pádraig Ó hEaráin san Acadamh. Is iontu atá fíorscoith Ghaeilge Mhuintir Luinigh.

De bharr turais a thug Eoin Mac Néill ar na Speiríní sa bhliain 1900, cuireadh Tomás Bán Ó Conceanainn ó thuaidh an bhliain dár gcionn le dlús a chur faoi obair an Chonartha i gceantar Shliabh Speirín. Bhí an chéad chraobh bunaithe ó mhí Eanáir i Machaire Fíolta agus bhí Peadar ar dhuine de na bunaitheoirí. In éineacht leis bhí Lughaidh Breathnach, Proinsias Ó Fearáin, Peadar Ó Ceallaigh agus J.J. Ó Scolláin. Ba ghairid go raibh Lughaidh Breathnach agus Peadar ina gcomhghleacaithe ag Tomás Bán i gceantar Mhachaire Rátha. Bhí alt in An Claidheamh Soluis i mí Meán Fómhair 1901 faoin dul chun cinn sa cheantar: ‘Maghera in the near future will dispute the capitalship of Irish Ireland with Ballyvourney’.

Phós Tomás Bán Helena, deirfiúr Lughaidh, ar ball. Bhí Peadar sa ghlór sna blianta sin, ag eagrú craobhacha, ag múineadh Gaeilge, ina mholtóir ag feiseanna, ag scríobh aistí do chomórtais agus ag cruinniú saíochta na sean. Nuair a d’fhoilsigh Aoidhmín Mac GréagóirFréamhacha na hÉireann is do Pheadar a bhí sé tíolactha. I mBaile na Croise a bhí Aoidhmín ina chónaí san am agus is dócha gurb é Peadar a thug cuid mhór den eolas dó faoi Ghaeilge an cheantair. Thugadh Peadar cuidiú do dhuine ar bith a chuir suim i saíocht Ghaeilge na dúiche agus sholáthair sé ábhar don leabhar Seanfhocla Uladh a d’fhoilsigh Énrí Ó Muirgheasa.

Bhí suim aige riamh sna logainmneacha agus tá a fhianaise sin le fáil sna litreacha a scríobh sé chuig Pádraig Ó hEaráin sa bliain 1920. Scór bliain ina dhiaidh sin, bhí dúil aige sna logainmneacha i dtólamh agus nuair a scríobh Ó hEaráin aiste faoi bhailte fearainn Bhaile na Scríne, chuir sé na logainmneacha faoi bhráid Pheadair. Níor aontaigh sé le tuairimí Pheadair ar fad ach thaispeáin sé an-ómós dó. Níorbh amhlaidh don tsagart scolártha, Tomás Ó Brolcháin, a choinnigh comhfhreagras suimiúil faoi logainmneacha le Pádraig Ó hEaráin.

Théadh sé go minic tigh Sheáin Mhic Dhiarmada a d’fhoghlaim Gaeilge uaidh agus a thóg clann le Gaeilge. Tá leid le fáil i litir a scríobh seisean chuig Coimisiún Béaloideasa Éireann go raibh Peadar éirithe confach i ndeireadh a laethanta. Mhol sé don Choimisiún eolas a lorg ó Pheadar ach gan a rá leis cé a mhol. Níor phós Peadar riamh. Fuair sé bás ar an 28 Meán Fómhair 1956. (Tá na húdair buíoch d’Aodh Ó Canainn a sholáthair an cuntas seo).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú