Ach oiread le Pádraig Ó hEaráin, bhí Seán Mac Diarmada ina dheisceabal ag Peadar Mac Con Mí i mBaile na Scríne, Co. Dhoire. Is uaidh a d’fhoghlaim sé Gaeilge agus is uaidh a fuair sé ionspioráid lena raibh fágtha d’oidhreacht Ghaeilge an cheantair a chruinniú. Thóg sé clann le Gaeilge i gceantar nach bhfacthas a leithéid le leathchéad bliain roimhe sin. An rud is iontaí faoi sin gur in Albain a rugadh is a tógadh é. Is ar leathanaigh An tUltach ba mhó a rinneadh cur síos air agus is orthu sin a d’fhág sé lorg a láimhe féin faoin dá ainm cleite, ‘Scota’ agus ‘Seán as Albain’.

Rugadh ar an 25 Bealtaine 1890 in Uphall in Albain é. Ba é an chéad duine clainne é ag Patrick McDermott agus ag Ellen McCabe. In Éirinn a rugadh an t-athair agus ba sclábhaí tógála é. Ba de bhunadh Éireannach an mháthair a rugadh in Albain. Agus é ag fás aníos in Uphall, chuir Seán aithne ar chainteoirí Gaeilge as Rann na Feirste a bhí ag obair sa cheantar.

Fuair an t-athair bás sa bhliain 1899 agus rinne clann den sloinne Murray uchtáil air féin agus ar a dheartháir Patrick. Ba iadsan a chuir Seán ar an eolas faoi Bhaile na Scríne. Thug sé cuairt ar an cheantar don chéad uair sa bhliain 1916 agus é ar saoire ó Arm na Breataine. Faoin am a raibh an Cogadh Mór thart bhí sé i ndiaidh ceird an bhearbóra a fhoghlaim agus b’in é an tslí beatha a bhí aige nuair a tháinig sé a chónaí i mBaile na Scríne. D’fhoghlaim sé an teanga ó Pheadar Mac Con Mí, ón Athair Breathnach i Machaire Rátha, ó Phádraig Mac Giolla Bríde ar de bhunadh Ghaoth Dobhair é, agus ón mhúinteoir Pádraig Ó hÁgáin. Chuir sé snas uirthi nuair a thosaigh sé ag cruinniú Gaeilge na sean ó Anna agus Pheig Ní Mhuirí go mórmhór.

Phós sé Róise Nic Aodhagáin i mBaile na Scríne sa bhliain 1921. Ní raibh Gaeilge aicise ach thóg siad seachtar clann leis an dá theanga. Ba chuimhin le duine den chlann, Máire, go mbíodh Gaeilgeoirí an cheantair, ar nós an tsagairt paróiste, Dean McGlinchey, agus an Athar Pádraig Ó hEaráin, ar cuairt aige. Mar gheall ar ghnó an bhearbóra, bhí áiméar aige bheith ag éisteacht le Gaeilge na seanfhear ar theastaigh bearradh uathu Dé Sathairn le haghaidh an Domhnaigh. Mar a chéile leis an siopa nuachtáin a bhí ar ball aige agus, nuair a ceapadh ina fhear a’ phoist é, chrom sé ar bhailiú na Gaeilge i gceart.

D’fhoilsigh sé sraith altanna, ‘Brosgar agus Trosgar’, ar An tUltach faoi Ghaeilge Bhaile na Scríne. Dáiríre is é seo an cineál foilseacháin a mbeitheá ag dréim leis ó pheann Phádraig Uí EaráinPheadair Mhic Con Mí. D’fhoilsigh sé alt faoi Anna Ní Mhuirí a áirítear mar an duine deireanach de na cainteoirí maithe Gaeilge fá Mhóin na nIonadh. D’fhág sé nótaí ríspéisiúla faoin chanúint agus dréacht d’fhoclóir ag a iníon Mary atá básaithe le cúpla bliain. De réir mar a bhí na seanGhaeilgeoirí i Móin na nIonadh ag fáil bháis, ba mhó de Ghaeilge Neidí Frainc Mhic Grianna i Rann na Feirste a bhreac Seán sna nótaí.

Bhí sé ar dhuine de bheirt chomhfhreagróirí a bhí ag an Choimisiún Béaloideasa i gContae Dhoire agus, i measc na seod atá ar thaifead uaidh, tá cur síos ar ghnó an phoitín agus ar dhéantús an innealra chuige, tionscal a raibh scil ag gaibhne Bhaile na Scríne ann. Thug sé eolas faoi stair déanta pící sa cheantar agus véarsa druileála lucht pící i nglanGhaeilge. Mhol sé don Choimisiún ábhar a lorg ó Pheadar Mac Con Mí ach chuir sé fainic orthu gan a rá gurb eisean a mhol. Ba é Pádraig Ó Baoighill a thug ar a thuras deireanach ar Neidí Frainc i Rann na Feirste é. In Padaí Láidir Mac Culaidh agus Gaeltacht Thír Eoghain, 2009 tá eolas breise air ag Pádraig Ó Baoighill. Fuair sé bás ar an 10 Márta 1956. Mhair a chéile, Róise, go dtí an 23 Eanáir 1992 nuair a bhí sí cúig bliana agus céad. (Tá na húdair buíoch d’Aodh Ó Canainn a sholáthair an cuntas seo).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú