Tá cuntas ar an sagart seo ag J. Coleman in Journal of the Cork Historical and Archaeological Society, an dara sraith, Iml. I, Uimhir III, Márta 1895. I bparóiste Chill Mhuire i gceantar Mhaigh Chromtha a rugadh é. Hallihan ba shloinne dá mháthair. Gaeilge amháin a bhí aige go dtí gur fhoghlaim sé Béarla ó mháistir scoile. Deirtear nach gceadaíodh a mháthair d’aon duine Béarla a labhairt leis sa teach. Is le linn dó a bheith i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, a d’aistrigh sé Imitatio Christi Thomas a’ Kempis go Gaeilge (Searc-leanmhain Chriost. A gceithre leabhraibh le Tomas A Cempis. Aisdrighthe ua’n Laidion mbunúdhasach agus Coimheasta go duthrachdach leis na mac-leabhraibh is fearr teisd agus is áirde céim a bhFraincis agus a Sagsbhearla leis an Athair Domhnald Ó Súilliobháin, 1822 i mBaile Átha Cliath). Don Dochtúir Seán Ó Murchú, Easpag Chorcaí, a thoirbhir sé é. Tríocha bliain ina dhiaidh sin dúirt Standish Hayes O’Grady in imleabhar a trí d’imeachtaí an Chumainn Oisínigh go raibh sé á mheas mar ‘ the best specimen of a translation from another language into Irish.’ Bhí sé ag obair i nDroichead na Bandan go 1845 nuair a ceapadh é ina shagart paróiste in Inis Céin. Bhí comhfhreagras aige le Philip Barron i gcló san iris Ancient Ireland in 1835: ‘To the study of the Irish language I have devoted much of my time from my boyhood as well from a respect for that venerable elegant language as with a view to make myself useful to the people to whom religious instruction can be communicated through no other medium. With slender means and very little encouragement my Irish library could not be very extensive. However, you have the catalogue of it on the other side and anything in it worthy of your attention is very heartily at your service !!’ San iris sin freisin tá litir ón Easpag Ó Murchú á mholadh go hard: ‘He is more deep and profound, and classical, in his knowledge of the Irish language, than any other person with whom I am acquainted.’ Faoin ainm ‘Sagart Ó Chúige Mumhan’ d’athfhoilsigh an tAthair Pádraig BreathnachSearc-leanmhain Chríost in 1887 tar éis gur spreag Seán Pléimeann chuige é. Chuir sé i gcló ann cuntas gairid ar shaol Uí Shúilliobháin agus beagán den véarsaíocht a cheap sé. Ba é a chum an comhrá a bhí ag Tadhg agus a mháthair i dtaobh lucht an tsúip: ‘Dé bheatha abhaile, Thaidhg / Thank you kindly, mother .../ But mother, wait a while, we’ll try to treat them civil / Nuair a fhásfaidh na prátaí nua / We’ll pitch them to the divil.’ Bhí sé ina bhall den Chumann Oisíneach. Nuair a d’éag sé tugadh ardmholadh dó in Cork Examiner 30 Lúnasa 1858.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú