Bhí sé ar dhuine de cheannairí Chonradh na Gaeilge i gConnachta nuair ba threise don eagraíocht sin. B’as Doire Loinn, Co. Fhear Manach, dá athair Edward (tuairiscíodh a bhás in An Claidheamh Soluis 25 Bealtaine 1907). Cháiligh seisean mar dhochtúir in 1859 agus chaith dhá bhliain ag obair i gColáiste na Ríona i nGaillimh. Deir garchlann Chonchubhair gur le linn do Edward bheith ina dhochtúir íoclainne ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe, a rugadh Conchubhar (Conor O’Loughlin a baisteadh air) ansiúd. Ó Lochlainn ba shloinne dá mháthair. Bhí deirfiúr amháin aige. Phós an t-athair faoi dhó agus d’fhág sin go raibh leasdeartháireacha aige, ar dhuine díobh Edward a bhí tráth ina eagarthóir ar an Irish Independent.

Ní raibh toradh ar chuardach a rinneadh i dtaifid bheireatais na Ceathrún Rua agus pharóistí chathair na Gaillimhe. D’aistrigh an t-athair ón gCeathrú Rua go Conga agus an Fhairche. Is ansiúd a chuir an Tiarna Ardilaun as seilbh a thí é toisc baint rómhór a bheith aige le náisiúnachas.

Cháiligh sé mar dhochtúir i gColáiste na Banríona, Gaillimh, in 1882 agus bhí ina dhochtúir íoclainne i gConga, Co. Maigh Eo. go 1891 nuair a d’aistrigh sé go Clár Chlainne Mhuiris. Phós sé Florence O’Neill. Mhaíodh a clannsan go raibh siad síolraithe go díreach ó Eoghan Rua Ó Néill. Ba dheartháir léi an tÍosanach George O’Neill, file, a bhí ina ollamh le Béarla i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Bhí seisear mac acu. D’éag Conchubhar ar 23 Feabhra 1944.

Sa chuntas ar Chlár Chlainne Mhuiris sa Chlaidheamh ar 14 Deireadh Fómhair 1899 tá an tagairt seo ag Tomás Ó Concheanainn: ‘Níl Clár Chlainne Mhuiris chomh Gaelach leis an oíche úd a chodail Raiftearaí ann, ach muna bhfuil tá Gaeil mhaithe fós ann.... Tá seisear fear maith anseo, mar atá an Dochtúir Maguidhir...’. Bhí sé ina theachta ón gcraobh ó 1901 amach. Tuairiscíodh ar 14 Márta 1903 go raibh sé ar na craobhacha ba mhíleata i gConnachta. Léiriú ar sheasmhacht Chonchubhair is ea go raibh sé ina bhall den Choiste Gnó ó 1906 amach agus go raibh sé ina bhall arís i 1927. Toghadh é ina uachtarán ar Choiste Chontae Mhaigh Eo i 1907 agus bhí ina chathaoirleach ag cruinniú de Dháil Chonnacht i 1927. I rith na tréimhse sin go léir ba chrann taca ag Feis Mhaigh Eo é agus bhí i bhfeighil an airgid. Bhí sé ina bhall de choiste an Chumainn Leighis (IMA) sa chontae a ghlac le rún i 1904 ag tacú le polasaí an Chonartha gur Ghaeilgeoirí a cheapfaí mar dhochtúirí i gceantair Ghaeltachta. Bhí sé ina bhall de choiste Choláiste Chonnacht agus nuair a bhí Ardeaspag Thuama ag áitiú i 1909 gur aigesean amháin a bhí cearta chun príomhoide a cheapadh, tharla gur leis talamh an choláiste i bPartraí, bhí Conchubhar ar dhuine díobh sin a bhí ag seasamh go daingean ina aghaidh. Ba é a thug óráid an Oireachtais i 1908 (i gcló in An Claidheamh Soluis 15 Lúnasa 1908).

Bhí spéis aige sa bhéaloideas agus sna hamhráin tíre. Sholáthraigh sé amhráin ó Mhaigh Eo do Eileen Costello nuair a bhí Amhráin Mhaighe Seola á réiteach aici. Sholáthraíodh sé amhráin a bhí bailithe aige do An Connachtach, An Claidheamh Soluis, An Stoc... Tá tagairt in An Claidheamh Soluis 10 Nollaig 1904 do léacht ar bhéaloideas Mhaigh Eo a thug sé i láthair an Chumainn Liteartha Náisiúnta. Tá cúig scéal a bhailigh sé i gcló in New Ireland Review, Bealtaine 1906—Aibreán 1907 agus scéalta eile in Béaloideas, An Claidheamh Soluis, Timire Chroí Naofa Íosa.... Bhí sé ar dhuine den dream a chuir síntiúis chuig an gCraoibhín i 1900 chun go gcuirfí leacht suas ag uaigh Raiftearaí.

Chuir sé Gaeilge ar The Men of the West le Liam Ó Maolruanaidh. Bhuaigh an t-aistriúchán sin duais a thairg Frank Dorr ag Feis Mhaigh Eo i 1903 agus cuireadh i gcló é in Leabhráin Feise Mhuigheo I agus anseo is ansiúd sna hirisí. Socraíodh gurbh é a chanfadh roinn na mbuachaillí scoile i mórshiúl an Chonartha i mBaile Átha Cliath ar 12 Márta 1905. Chuir an tAthair Pádraig Breathnach amhrán a chum sé i gcló in Raint amhrán, 1916–7. Bhí aistriúchán a rinne sé ar The Cloud le Shelley in An Claidheamh Soluis 19 Deireadh Fómhair 1909.

Mac leis ba ea Conchubhar Alasdar Maguidhir (1889–26 Meán Fómhair 1971) a bhí ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge i 1962. Bhí seisean ina bhreitheamh sna cúirteanna poblachtacha agus chaith tamall i ngéibheann. Bhí sé ina Theachta Dála thar ceann Ollscoil na hÉireann 1932–36, ina Phríomh-Aighne i rialtas Fhianna Fáil i 1932, ina bhreitheamh san Ard-Chúirt ó 1936 agus ina Phríomh-Ghiúistís ó 1946. Ba é an chéad chathaoirleach é ar Chumann na Croise Deirge in Éirinn agus toghadh ina uachtarán ar chraobh na hÉireann den Chomhdháil Cheilteach é i 1956. Mac leis is ea Conor Patrick Maguire, breitheamh agus craoltóir, a bhí seal ina Stiúrthóir ar Oifig Chomhphobal na hEorpa i mBaile Átha Cliath.

Mac eile le sean-Chonchubhar ba ea Seoirse. Bíonn tagairtí dó in An Claidheamh Soluis: gur bhuaigh sé scoláireacht Mhic Ghiolla i gColáiste Choill Chluana Gabhann toisc a fheabhas a bhí na marcanna sa Ghaeilge aige (26 Deireadh Fómhair 1907); go raibh sé ina rúnaí ag Ciste na Teanga i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (31 Iúil 1909). Aturnae ba ea mac eile leis, Gearailt, agus maraíodh a mhac Aodh sa Fhrainc i gCogadh 1914–18. Fuair an bheirt mhac eile bás go hóg. D’fhág sé lámhscríbhinn ina dhiaidh agus is aisti a thóg Terence de Vere White cuntas barrúil a thug sé ar a chaidreamh ar Sir William Wilde agus atá i gcló aige in The parents of Oscar Wilde, 1967.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú