I Londain a rugadh í ar 27 Meitheamh 1870, de réir ráitis scríofa a thug a hiníon Nuala do Chiarán Mac Mathúna dá ghnéchlár raidió “In the shades of Knockma”. “My father was a native of Co. Limerick and my mother was Welsh. I was educated in London and became a teacher under the London Educational Department. Later I became Head of St. Michael’s Church of England School in Buckingham Palace Road”. Edith Drury a hainm agus an t-aon Edith Drury a rugadh i Londain ar 27 Meitheamh 1870 agus a bhfuil teastas beireatais ar fáil di ná an iníon a rugadh do Michael Drury, freastalaí, agus dá bhean Agnes Hopton sa Strand Union Workhouse, Cleveland Street, St. Pancras.

Is dóigh gur mar gheall ar an gcúlra Éireannach a chuir sí spéis an chéad lá sa Ghaeilge agus i gceol na hÉireann. Bhí sí ina ball den Irish Literary Society agus in 1896 cheangail sí le Conradh na Gaeilge nuair a bunaíodh craobh thall. Bhí sí ar na baill ab fhuinneamhaí ann agus an t-aon bhean amháin ar choiste na craoibhe ag an am. In éineacht le scata eile, bhí sí ina hionadaí thar ceann Chraobh Londan ag Ard-Fheisan Chonartha i mBealtaine 1902. Chaith sí tamall ina rúnaí cúnta ag Cumann na Scríbheann Gaeilge agus mar rúnaí acu ar Fhochoiste an Fhoclóra. Cheana féin bhí sí ag bailiú na n-amhrán. Tá fhios againn gur bhreac sí “Neillí Bhán” síos ó Mhicheál Breathnach ar a mbealach abhaile ar an traein ó Woolwich mar a raibh siad ag bunú craoibhe den Chonradh.

I Samhradh 1902 bhí sí ar saoire in Oileáin Árann agus d’eagraigh sí féin agus Úna Ní Fhaircheallaigh aeraíocht ann. Cibé masla a shíl an sagart paróiste a tugadh dó bhí go leor conspóide i dtaobh na haeraíochta in An Claidheamh Soluis níos deireanaí sa bhliain.

Chaill sí a post nuair a d’iontaigh sí ina Caitliceach. Deirtear gur ag an am sin a chaith sí uaithi Edith mar ainm. Eibhlín a thabharfaí uirthi feasta. I 1903 tháinig sí go hÉirinn in éineacht le hEibhlín Ní Ghliasáin agus a deirfiúrsan Máire Mhic Chormaic, beirt de bhunaitheoirí Chuallacht Dhun Emer. Deir sí ina cuntas féin gur thug Sir Joseph Glynn cuireadh chun Tuaim di agus gur fhostaigh Clochar na Toirbhirte í agus gur mar sin a tharla gur casadh an Dr Thomas Bodkin Costello uirthi. Phós siad i Samhain 1903 agus chaith mí na meala sa Róimh. Ba é an scéal ba rómánsaí in annála na hathbheochana go nuige sin é. Ach tá fianaise go leor go raibh aithne acu ar a chéile sular tháinig sí go hÉirinn. Bhí siad mar ionadaithe ag comhdhálacha agus ag feiseanna. Ba í Eibhlín a bhronn na duaiseanna ar na buaiteoirí ag an bhFeis i dTuaim ar 15 Lúnasa 1902. (“Miss Drury, London, presented the prizes; and a pretty incident was the presentation of a beautiful bouquet of flowers by Master Sheridan when the prizes had been given” – An Claidheamh Soluis 23 Lúnasa 1902.) Maggie Hession a bhain an chéad duais san amhranaíocht i roinn na gcailíní. Bhí Máirtíneach Thul Aighre ann ar chuireadh ón Dochtúir Ó Coisteala. Pearsana móra in obair an Chonartha Tomás, Eibhlín agus Sir Joseph Glynn agus dhealródh sé gur ag déanamh eadrána a bhí an ridire cóir. Tá grianghraf d’Ardchoiste Chraobh Londan nuair a bhí Eibhlín ag imeacht go hÉirinn i gcló in Capuchin Annual 1944 agus an teideal seo air: “Ardchoiste, Gaelic League, London, 1903: this picture was taken on the occasion of Eibhlín Ní Dhrúraigh’s return to Ireland to marry Dr T. Costello of Tuam”.

Thosaigh sí ag bailiú na n-amhrán i gceantar Thuama i 1904. Theadh sí timpeall leis an dochtúir i mbun a ghnó agus chuir sí aithne ar na seandaoine go léir agus ar scoth na bhfonnadóirí. Ba mhinic ina suí i bhfuinneog an tí i dTuaim í ag faire go bhfeiceadh sí amhránaí dá cuid ag teacht isteach ón tuaith. Bhailigh sí neart amhrán freisin sa dúiche idir Tamhain agus Caol Sháile Rua. Thug an Dr Conchubhar Maguidhir agus a bhean amhráin di a bhí bailithe acu i gContae Mhaigh Eo. I 1912 chuir sí “Tiocfaidh an Samhradh” chuig Charlotte Milligan Fox agus foilsíodh é in Iml X den Irish Folk Song Society Journal. Mhisnigh sin í chun ceithre scór amhrán a roghnú as a raibh bailithe aici agus chun comhairle Charles Wood agus an Athar Bewerunge a iarraidh. Mhol siad di an cnuasach a fhoilsiú. Ba iad an triúr eile a thug cúnamh di an tAthair Malachi Eaton, Coláiste Iarlatha, a sholáthraigh an lomaistriú ar na focail, an tAthair Pádraig de Brún, a chum na haistriúcháin fhileata, agus Colm Ó Lochlainn. Foilsíodh an cnuasach mar Iml. XVI den Irish Folk Song Society Journal i 1918. Foilsíodh é mar leabhar ann féin i 1923 faoin teideal Amhráin Mhuighe Seola.

Bhí sí ar an dream beag a bhunaigh Coláiste Chonnacht i 1905. Bhí sí mar ionadaí ag coiste an Choláiste ag comhdháil na gcoláistí samhraidh Satharn na Seachtaine Móire, 1916. Shíl sí gur ceapadh an lá sin d’aon toisc chun go mbeadh Neilí Ní Bhriain agus Seán Nunan i mBaile Átha Cliath don Éirí Amach. B’éigean di an tseachtain a chaitheamh san Óstán Gresham agus chonaic sí go leor dár tharla. Ar an Domhnach tháinig an chéad charr isteach i Sráid Uí Chonaill tar éis na troda agus ba iad an Dr Tomás agus Sir Joseph Glynn a bhí tagtha chun Eibhlín agus a hiníon Nuala a thabhairt abhaile.

Le linn Chogadh na Saoirse bhí sí tamall ina Cathaoirleach ar Choimisinéirí Baile Thuama agus ina ball de Chomhairle Cheantar Tuaithe na Gaillimhe Thuaidh. Ceapadh í ina breitheamh sna cúirteanna poblachtacha. Fir a bhí ar a gcoimeád ba mhinic ar dídean ina teach iad agus thug na Dúchrónaigh ruathar ar an teach oíche gur bhris go leor dá bailiúchán luachmhar de sheanghloine Phort Láirge. Ceapadh Eibhlín ina seanadóir sa chéad Seanad.

I dTuaim in 1864 a rugadh a fear céile, Thomas Bodkin Costello. Cháiligh sé mar dhochtúir san Ollscoil Ríoga in 1888. Chaith sé cúpla bliain sa Daingean agus bhí cleachtas aige ina bhaile dúchais ar feadh 60 bliain. Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge ó thosach agus i 1903 bhain sé duais Oireachtais le Foclóir an Leagha. Bhí sé ar bhunaitheoirí an Bibliographic Society of Ireland agus an Irish Book Lover. Bhí eolas maith aige ar sheandálaíocht agus ar stair iarthar na hÉireann. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Galway Archaeological and Historical Society agus an Old Tuam Society freisin. Bhí an méid seo i gcló sa Galway Archaeological and Historical Society Journal 1954/6 : “The contacts offered by a widespread practice gave Dr Costello welcome opportunities for the study of local antiquities, history and folklore, and his consulting rooms became, in effect, the most important archaeological information bureau and clearing-house in the West. His generous cooperation with University College, Galway, and with the National Museum saved, not only many important finds, but also that information as to the location and circumstances of discovery which is so often of vital importance. Distribution maps such as those issued in the 1945 issue of our Journal owe much to Dr.Costello’s unselfish help. Every field-worker in the West availed of his guidance, assistance, and genial hospitality. His knowledge of local history was quite extraordinary”. D’éag sé ar 14 Iúil 1956 agus d’éag Eibhlín ar 14 Márta 1962. Scríobh a n-iníon Nuala an bheathaisnéis John McHale, Archbishop of Tuam, 1939.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú