I Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, a rugadh é 14 Samhain 1881. Bhí a athair John Coleman ina phríomhoide bunscoile ansin. Ba í Mary Kate Murray ón gCúlóg, Co. Bhaile Átha Cliath, a mháthair; bhí siopa beag aici sa phríomhshráid i Sord. Bhí seisear deartháireacha agus triúr deirfiúracha ag Tomás. Tar éis dó a bheith ina mhonatóir i scoil a athar cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Bhí sé ag múineadh scoile i mBaile Brigín. Faoi 1908 bhí sé ina rúnaí ar Chumann Dátheangach Chontae na Gaillimhe agus bhí alt i gcló aige, ‘Cois Fhairrge as a resort for Gaels’ (An Claidheamh Soluis 11 Iúil 1908). Is amhlaidh a mhalartaigh sé poist le múinteoir sna Forbacha, Co. na Gaillimhe, i dtreo go mbainfeadh sé amach líofacht sa Ghaeilge. Toghadh é ina bhall de choiste an Oireachtais (idem 13 Feabhra 1909). Léigh sé dán le Alice Furlong ag an searmanas i gCois Fharraige nuair a nochtadh leacht Mhichíl Bhreathnaigh (idem 11 Meán Fómhair 1909). Bhí sé ag iarraidh go mbunófaí an Cumann Dátheangach ar bhonn náisiúnta. Rinneadh sin ag Oireachtas 1909 agus ceapadh é ina rúnaí (idem 21 Lúnasa 1909).

Scríobhadh sé aistí agus scéalta faoin ainm cleite ‘Colm na Scoile’ in The Irish Nation sna blianta 1909-10. Bhain sraith díobh leis an oideachas dátheangach. Bhí sé ina ollamh cúnta i gColáiste Chonnacht sa Spidéal i 1910 agus ina bhainisteoir stáitse ag Feis Chonnacht. Ghlac sé páirt freisin sna drámaí a léiríodh ag an bhFeis, An Deoraí le Lorcán Ó Tuathail agus Áine agus Caoimhín le Tomás Mac Domhnaill (idem 2 Meán Fómhair 1910).

Bhí sé ina phríomhoide sna Forbacha go fóill i bhFeabhra 1912 agus gairid ina dhiaidh sin d’aistrigh sé go dtí an Spidéal. Chuaigh Michéal Ó Droighneáin i gcion go mór ar a chuid Gaeilge le linn dó a bheith thiar. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Choláiste Chonnacht sa Spidéal. D’fhan sé ann gur ceapadh é ina thimire Gaeilge faoin mBord Náisiúnta Oideachais i 1912 (An Claidheamh Soluis 19 Deireadh Fómhair 1912). Rinne cigire de an bhliain dár gcionn agus pósadh é 8 Meán Fómhair 1915 le Síle Ní Mhuirthile ó Phort Mhic Aoidh, Co. Chiarraí, san Ardeaglais i gCill Airne; Sord a sheoladh ag an am (idem 18 Meán Fómhair 1915). Bhí triúr mac agus triúr iníonacha acu.

Deartháir dó an Risteard a d’éag i bpríosún Usk 9 Nollaig 1918. Tuairiscíodh an bás sin in Fáinne an Lae 21 Nollaig 1918 agus dúradh gurbh i mBaile Átha Cliath, ar nós a dheartháireacha, a d’fhoghlaim Risteard Gaeilge, go raibh sé sa troid i gCill Dhéagláin i 1916, gur daoradh chun báis é ach gur seoladh go príosún Lewes é. Scaoileadh amach é um Meitheamh 1917 agus chabhraigh sé le hÉamonn de Valera sa Chlár. Bhí sé ar dhuine díobh sin a bhí ar stailc ocrais le Tomás Ághas.

Ceapadh Tomás ina chigire scoile faoin Saorstát i 1922 (Misneach 25 Feabhra 1922). Bhí sé gníomhach i gConradh na Gaeilge sna 1920idí: bhí sé i láthair ag an mórchomhdháil ar 8 Eanáir 1925 nuair a féachadh leis an eagraíocht a chur ar ais ar a bonnaibh; bhí sé ina bhall de choiste ceantair Bhaile Átha Cliath (Fáinne an Lae 21 Eanáir 1925) agus ó 1926 go 1930 ina bhall den Choiste Gnó. Fuair sé bás ar 3 Aibreán 1949. Ba é a chum an t-amhrán ‘Hóró mo bháidín! Ag snámh ar an gcuan!’. Thug sé roinnt amhrán do Eileen Costello,‘Ceardcha Antoine Dhuibh’ (‘I got this song from my friend Mr Colman, Inspector of National Schools. It was taken down by him in Spiddal ...’), ‘Máire Inis-Seirc’, agus ‘Bímís ag ól’, a d’fhoghlaim sé ó Phádraig Mór Mac Donncha, Ros a’ Mhíl.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú