Nuair a d’éag James George O’Keeffe dúirt an tOllamh Vendryes in Études Celtiques Iml. 3, Meitheamh 1938, go raibh sé ina shampla ag teangeolaithe amaitéaracha agus go raibh a shaothar inchurtha le haon rud a bhí á chur amach ag scoláiri gairmiúla.

I mBaile an Tobair taobh thoir de Cheann Toirc, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 21 Aibreán 1865. Bhí feirm bhreá ag a athair Pádraig agus bhí cáil na Gaeilge agus an rince ar a mhuintirsean. Ba í Mary Collins a mháthair. Comharsa leo i mBaile Mhic Choirc ba ea an scríobhaí Domhnall Mac Cába. Tá ainm Dhomhnaill ar liosta ball Aontacht na Gaeilge in 1883. Agus bhí sé ag comhdháil Chonradh na Gaeilge i gCorcaigh ar 17 Aibreán 1895 agus dúirt ann: ‘He had personally been working up to his 78th year in the cause of the old tongue, and meant to continue working while he lived’ (Irisleabhar na Gaedhilge 1 Bealtaine 1895). Bhí bailiúchán breá lámhscríbhinní aigesean agus is ar an gcuma sin a chuaigh Séamus i dtaithí na teanga liteartha go luath ina shaol.

I ndiaidh meánoideachais i gColáiste na Carraige Duibhe fuair sé post cuntasóra in Oifig an Chogaidh i Londain. Bhí sé ina bhall den Irish Literary Society agus ar choiste Chraobh Londan de Chonradh na Gaeilge ansiúd, agus an teanga á múineadh aige sa chraobh. Scríobh Fionán Mac Coluim in Irish Book Lover XXVI Uimhir 2, 1935: ‘I remember his conducting a large Irish class for us at the rooms of the Irish Literary Society, Adelphi Terrace, soon after we started the Gaelic League at Chancery Lane. O’Keeffe’s class, owing to his own connection with the Irish Literary Society, was attended by many of its prominent members, including Miss Eleanor Hull, G. A. Greene, Miss Drury (now Mrs [Eileen] Costello of Tuam). J. G. O’Keeffe was an exceptionally gifted man with an attractive personality, being brilliant in conversation, full of wit and quick at repartee. His father was a considerable farmer living near Kanturk .... He inherited from his own people a fine Irish culture including an excellent knowledge of traditional Irish dancing of which he was a most graceful exponent’. In aiste in Céim: iris oifigiúil an Choimisiúin le Rincí Gaelacha, Meán Fómhair 1990, scríobhann Nicholas Carolan: ‘At first the dancing practiced in the London Gaelic League was mostly stepdancing ... Their three chief exhibition dancers were Seamus O’Keeffe from Kanturk, Kathleen O’Brien from Limerick and Liam O’Looney from Clare’. Shocraigh Mac Coluim ansin go múinfeadh O’Keeffe agus Kathleen O’Brien na rincí aonair i Madames Gerees Ballet Dance Parlours, Cearnóg Leicester. Bhí Mac Coluim, O’Keeffe agus Edith Drury ag Feis Bhaile Bhuirne in 1899 agus chuaigh siad a fhoghlaim seanrincí foirne i nGleann Beithe agus i gCill Orglain. I 1902 foilsíodh an chéad eagrán de Rince Gaodhalach – a handbook of Irish dances with an essay on their origin and history, le Séamus Ua Caoimh agus Art Ua Briain. Deir Breandán Breathnach in Ceol agus rince na hÉireann, 1989: ‘Go leor de na damhsaí a dhéantar ag céilithe fós ba iad an bheirt seo a chuir ó bhaol a gcaillte iad’.

Aístríodh go Baile Átha Cliath é timpeall 1902 agus cheangail sé le Craobh an Chéitinnigh. Bhí sé ina chisteoir ag Sparán na Scillinge, beartas le cabhrú le feiseanna na Mumhan. Ag an gcéad chruinniú mhol Séamus ‘go mbunófaí coláiste ar leith chun múinteoirí Gaeilge a oiliúint agus go mbainfí feidhm as an airgead a bhí bailithe acu dochum an chuspóra sin’ (An Duinníneach, 1958 le Proinsias Ó Conluain agus Donncha Ó Céileachair).

Cé go raibh ardspéis aige sa chuid ab éadroime d’imeachtaí an Chonartha bhí sé ina chisteoir ag Cumann na Scríbheann Gaeilge ó thús. Go luath i ndiaidh dó a theacht go Baile Átha Cliath is ea a cuireadh Scoil Ard-Léinn na Gaeilge ar bun (1903). Dúirt Shán Ó Cuív in Irish Book Lover, XXVI Uimhir 2 1938: ‘He was one of the first to realise the importance of scholarship in connection with the Irish language and for ten years or more was one of the active spirits in the School of Irish Learning’. Bhí sé ina chisteoir ag an scoil. Tá clár a shaothair ag Colm Ó Lochlainn san uimhir chéanna úd den IBL. I gcomhar le John Strachan chuir sé eagar ar Táin Bó Cuailgne from the Yellow Book of Lecan, 1912. Foilsíodh an chéad eagrán de Buile Suibhne i 1913 agus an dara heagrán i 1931. Bhí sé ina chomheagarthóir ar Anecdota from Irish MSS agus ar Irish Texts.

Aistríodh as Baile Átha Cliath é i 1912. Nuair a bhris an Cogadh Mór amach cuireadh go dtí na Stáit Aontaithe é agus deirtear go raibh baint aige leis na socruithe airgeadais a rinneadh nuair a tháinig na Stáit isteach sa chogadh. Go 1926 nuair a d’éirigh sé as obair bhí sé ina ionadaí airgeadais sna Stáit agus i gCeanada agus ina dhiaidh sin i Mesopotamia. Le haitheantas dá ndearna sé i rith an Chogaidh Mhóir bronnadh CBE air i 1926. D’éag sé 6 Nollaig 1937 ina theach cónaithe, 1 Dynevour Road, Richmond, Surrey. Tuairim 1902 phós sé Elsie Millard, ar dheirfiúr í leis an mbanaisteoir cáiliúil Evelyn Millard, agus bhí mac agus iníon acu. Péintéir ba ea a bhean agus tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 28 Feabhra 1906 go raibh pictiúir dá cuid ar taispeáint sa Leinster Lecture Hall. Bhí pictiúir aici freisin i dtaispeántas an Oireachtais an bhliain sin (idem 11 Lúnasa 1906). Ag 12 Ascaill Ráth Loirc, Ráth Maonais, a bhí cónaí orthu roimh 1912.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú