I mBaile Mhic Cuirc i gceantar Bhántír, Co. Chorcaí, a rugadh é. Ba é aonmhac John McCabe agus Elizabeth Spence Dore é. Bhí ceathrar deirfiúracha aige. De sheanbhunadh na háite iad muintir Mhic Chába agus bhí feirm bhreá acu. Ba é seanchas na clainne gur maraíodh seanathair Dhomhnaill, William McCabe, i gCath Chnoc Fhiodh na gCaor i 1798. Píobaire maith ba ea é siúd (Seanchas Dúthalla 1978–79, 3.)

Bhí Domhnall ina chathaoirleach ar chraobh a cheantair féin de Chonradh na Talún agus gabhadh é go minic. Nuair a tháinig sé os comhair na cúirte in 1890, ba leasc leis an mbreitheamh seanfhear mar é a chur i bpríosún ach níor theastaigh ó Dhomhnall, más fíor, bheith ina dhíol trua ag a leithéid agus bhí sé daingean ina aigne go gcaithfí leis ar an gcaoi ar caitheadh lena chomrádaithe, rud a rinneadh. Cuireadh bailéad i gcló in Weekly News, Cork Daily Herald and Celt in 1888: ‘A wild cheer rang through the crowded court,/ And a pallor spread over the judge’s face,/ While the words that old man thundered forth/ Went straight to the hearts of the Irish Race,/ Men of Duhallow near and far / Sire and mother and youth and maid,/ Who bear the brunt of the social war,/ Answer the message of Dan McCabe’.

Bhí sé freisin ina chathaoirleach ar chraobh Cheann Toirc d’eagraíocht náisiúnta an Pháirtí Éireannaigh agus ina chathaoirleach ar feadh tríocha bliain ar Bhord na gCaomhnóirí sa bhaile sin.

Bhí sé ina bhall de Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge agus d’Aontacht na Gaeilge. Nuair a bunaíodh an chéad chraobh den Chonradh i nDúiche Ealla, i gCeann Toirc i Meitheamh 1895, ba é a bhí sa chathaoir. Tuairiscíodh in Irisleabhar na Gaedhilge 1 Bealtaine 1895 go ndúirt sé ag comhdháil den Chonradh i gCorcaigh ar 17 Aibreán 1895: ‘He had personally been working up to his 78th year in the cause of the old tongue and meant to continue working while he lived’. Conrathóir scolártha a ndeachaigh Domhnall go mór i gcion air ba ea a chomharsa óg James George O’Keeffe. Bhí bailiúchán de lámhscríbhinní aige. Bhí an fógra seo i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge 1 Aibreán 1895: ‘Irish ms. of Keating’s History of Ireland, property of Mr Daniel McCabe of Banteer, Cork, was accidentally left behind in a railway carriage at the Kingsbridge Terminus, Dublin, some months ago and has not since been heard of by the owner.’ Is é a scríobh ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’ síos ó Nóra Ní Shindhile tuairim 1850.

In 1864 phós sé Sarah O’Connell. Bhí mac acu, a cailleadh go hóg, agus iníon. D’éag Daniel McCabe áirithe i nDroim an Chomair 12 Nollaig 1903, 86 bliana d’aois a bhí sé de réir an teastais báis. Níl aon amhras ach gurbh é an Domhnall s’againne é. I nDaonáireamh 1901, chuir fear seo Dhroim an Chomair síos a ainm i nGaeilge (‘Domhnall Mac Cáib’) agus i mBéarla, dúirt go raibh ‘léamh agus scríbhinn Gaeilge agus Béarla’ aige, go raibh sé 84 bliana d’aois, go mba bhaintreach é agus feirmeoir ar scor.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú