Bhí sí ar dhuine den triúr ban a bhí ina leasuachtaráin ar Chonradh na Gaeilge sa chéad dá scór bliain dá stair. Bhí sí ina huachtarán tamall ar an bhFáinne.

In Oldbridge i bparóiste Ghleann Dá Loch, Co. Chill Mhantáin, a rugadh í. John Smith a bhí ar a hathair agus ba í Elizabeth Doyle a máthair. Nuair a d’éag an t-athair dúradh faoi in The Wicklow People go raibh sé ‘... highly cultured, conversant with local history and the traditions of 1798’. I nDaonáireamh 1901 thug sé le fios gur maor seilge é ach i 1911 feirmeoir ba ea é. Níor luadh go raibh Gaeilge ag John ná Elizabeth ná ag aon duine den seisear clainne a bhí ag cur fúthu sa teach oícheanta na nDaonáireamh. Ní raibh Caitlín ann. Deichniúr a rugadh don lánúin agus 16 bliana a bhí ag an duine ba shine díobh i 1901. De réir Dhaonáireamh 1911 bhí na daoine seo a leanas ag cur fútha i nDromad, Co. Liatroma: Seaghán Ó Beirn (30); Eithne, Bean Uí Bheirn (38); Caitlín Nic Gabhann (27). Caitlicigh an triúr sin. I nGaeilge a líonadh isteach na sonraí seo: go raibh Gaeilge agus Béarla ag Seághan Ó Beirn agus faoi Chaitlín Nic Gabhann, gur bean singil í, gur múinteoir Gaeilge í, agus gurbh i gContae Chill Mhantáin a rugadh í.

Ní raibh fáil ar theastas breithe Chaitlín agus b’fhéidir nár cláraíodh an bhreith. Thosaigh sí ag foghlaim Gaeilge i Londain i 1903 agus an bhliain chéanna bhí sí ar ardchoiste Chonradh na Gaeilge ansiúd. Tuairiscíodh rólanna a bheith aici in An Cleamhnas le Dubhghlas de hÍde agus in An Deoraí le Lorcán Ó Tuathail i 1905. Bhí sí i láthair mar theachta ó Londain ag Ardfheiseanna 1907 agus 1908. In aiste aici in Inis Fáil, Meán Fómhair 1908, thagair sí do 500 páiste a bhí ag foghlaim Gaeilge i Londain agus i 1909 bhí sí i bhfeighil naonúir díobh sin ar feadh coicíse i gCloich Chionnaola.

Ceapadh ina múinteoir taistil i ndeisceart Liatroma í an bhliain chéanna agus dúradh in An Claidheamh Soluis 15 Eanáir 1910: ‘The London Gaelic League has justified its existence, if in no other way, by the number of exceptionally fine workers it has given back to Ireland.... We doubt, however, if any worker in the London Gaelic League ever earned the enthusiastic praise of her fellows more fully than Caitlín Nic Ghabhann. She is one of the miracles of the League. She is a miracle of character, self-sacrificing, thorough, ardent, devoted to an ideal. Brought up without a knowledge of Irish, she has mastered it so well that she both speaks it as fluently as though it were her native tongue and writes it flawlessly, and with distinction. That strict grammarian Dr Mac Énrí told us on one occasion that many of our best writers, even among the native speakers, make slips in their grammar, but Caitlín Nic Ghabhann never makes a mistake’. Tá deimhniú air sin ag Mac Énrí in aiste in Freeman’s Journal 16 Iúil 1917: ‘... and Miss Kathleen McGowan, a Wicklow lady, writes with a remarkable grasp of Connacht idiom as readers of the Freeman have lately been able to see for themselves’.

Bhí sí ag múineadh nó ag timireacht anseo is ansiúd go ceann ocht mbliana: i gCois Fharraige, i gColáiste Chonnacht (An Spidéal), i gCloich Chionnaola, i gCill Scíre i dTír Eoghain, i gColáiste Laighean, i gColáiste Alexandra, agus i gContae Mhaigh Eo. Tá tuairim ag a muintir go ndeachaigh sí isteach in ord crábhaidh i nGaillimh ar feadh tamaill de 1916. Bhí ‘Miss Kathleen MacGowan’ ar dhuine de na ‘principal persons’ a bhí i láthair ag comhdháil 1 Iúil 1916 in Óstán Gresham chun Conradh na Gaeilge a leasú (ibid. 8 Iúil 1916). Tuairiscíodh ar 25 Samhain na bliana sin go raibh sí ina ball de choiste Chraobh an Chéitinnigh. D’éirigh sí as an mhúinteoireacht taistil in Iúil 1918 nuair a bhí sí i gceantar Acla (An Claidheamh Soluis 20 Iúil 1918). I 1920 bhí sí ina hardmháistreás ar Choláiste Gaelach na Leanaí i gCeann Chlochair, Droichead Átha (Misneach 21 Lúnasa 1920). I gColáiste Dhún Chéirí a bhí an post deireanach aici chomh fada agus ab eol do Mhuiris Ó Droighneáin (Taighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge ó 1882 anuas, 1936).

Bhí spéis ar leith aici sa Ghaeltacht. Choinníodh sí dialann i dtaobh imeachtaí na teanga i gCois Fharraige (An Claidheamh Soluis 1 Feabhra 1913 et seq.). An bhliain chéanna bhí sí ar dhuine den triúr a scríobh tuarascáil i dtaobh úsáid na teanga sna heaglaisí in oileáin Chonamara (ibid 21 Meitheamh 1913). Bhí fiabhras forleata sa cheantar sin ag an am agus in Misneach 25 Feabhra 1922 chuimhnigh sí siar ar a raibh feicthe aici.

Bhí sí an-ghníomhach i gcúrsaí na teanga anuas go 1928: baint aici leis an bhFáinne ó 1920 amach agus ina huachtarán 1924/5. Bhí sí ina ball de Choiste Gnó an Chonartha ó 1921 amach agus bhí ina leasuachtarán i 1924/5. Ba í a chuidigh le rún Liam Uí Bhriain go dtabharfaí le chéile ar 8 Eanáir 1925 comhdháil de Ghaeil na hÉireann (Fáinne an Lae 20 Nollaig 1924). Tuairiscíodh san iris chéanna 21 Feabhra 1925 go raibh sí féin, Peadar Mac Fhionnlaoich agus an Dr Seán Mac Énrí le dul chun cainte le comhlacht Lady Dudley faoi ghearán nach raibh Gaeilge ag formhór na máistreás a bhí i mbun na scoileanna lásadóireachta faoi Aireacht na hIascaireachta, agus ar 13 Meitheamh 1925 go raibh sí ina ball thar ceann an Chonartha den chomhdháil a chuir an Roinn Oideachais ar bun chun clár an bhunoideachais a bhreithniú. Tá tuairisc ‘faoi rún’ a chuir sí chuig Ard-Rúnaí an Chonartha, Proinsias Ó Fathaigh i gcló ag Aindrias Ó Muimhneacháin inDóchas agus duainéis: scéal Chonradh na Gaeilge 1922–1932.

I 1928 bhí sí ina rúnaí ar an Ard-Chraobh agus tá an nóta seo fúithi in An Tír, Meitheamh 1928: ‘D’éirigh Caitlín Nic Ghabhann as rúnaíocht na hArd-Chraoibhe tá cúpla mí ó shin le iomlán a cuid ama a thabhairt do Dhia amháin. Is mór agus is an-mhór an obair a rinne sí ar son na Gaeilge le seal fada agus ar son na hArd-Chraoibhe mar an gcéanna’. Bhí tuairim ann go ndeachaigh sí isteach i gclochar i gContae na Mí. Chuir údair an chuntais seo litreacha chuig clochair sa Mhí agus i ach ní bhfuair aon eolas i dtaobh cad a bhain di. Ní raibh toradh ar litreacha a cuireadh chuig na nuachtáin náisiúnta ná ar achainí a craoladh ar Raidió na Gaeltachta. Níor chuimhin lena nia aon ní ina taobh. Fuair an mháthair bás 26 Feabhra 1914 (An Claidheamh Soluis 7 Márta 1914) agus an t-athair 12 Nollaig 1934 ach níor luadh a hainm sna tuairiscí ar na sochraidí sa Wicklow People, cé gur ainmníodh, i gcás an athar, an cúigear ainteanna a bhí aici san Ord Doiminiceach i gCabrach.

I 1914 fuair sí an chéad duais Oireachtais ar ‘Stair na hÉireann ón am ab fhaide siar go teacht na Normánach’. Is iad na leabhair a scríobh sí: Tíreolas na hEorpa, 1922; Eolaidhe na cruinne, 1924; Magh Ealta Éadair .i. stair Chontae Átha Cliath, 1926. Tá a cuid aistí agus scéalta le fáil in Inis Fáil, Bean na hÉireann, An Claidheamh Soluis.... Scríobh sí cúpla dráma do leanaí agus d’aistrigh scéalta ón bhFraincis. Leagan de ‘Chaisleán Uí Néill’ a bhí ag Caitlín atá ag Eileen Costello in Amhráin Mhuighe Seola. D’fhoghlaim an tAthair Tomás Ó Ceallaigh uaithi é agus thug do bhean i nGaillimh é agus thug sise é d’Eileen Costello.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú