Ar feadh breis is leathchéad bliain bhí sé ar na pearsana ba mhó cáil in Éirinn mar chraoltóir agus mar bhailitheoir den cheol traidisiúnta agus d’amhráin tíre na hÉireann. I gcathair Luimnigh a rugadh é ar 26 Samhain 1925 agus ba é an duine ab óige é de sheisear, cúigear buachaillí agus cailín. Ba iad a thuismitheoirí Séamus Mac Mathúna agus Christina Forde. Bhí Séamas ina ardmháistir i Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig, Luimneach. Sa Phort Nua, Co. Thiobraid Árann, a rugadh é in 1875 agus chaith sé cuid dá óige sna White Walls, ceantar tuaithe cúpla míle soir ón bPort Nua. Bhí Gaeilge Shéamais chomh maith sin go mbíodh sé á múineadh sa choláiste Gaeilge i gCarraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir sa samhradh. Bhí spéis aige i rince agus i gceol na tuaithe agus níorbh ionadh gur tháinig Ciarán faoina thionchar. Níor fhan aon chuimhne ag Ciarán ar a mháthair, Christina Forde. Fuair sise bás in ospidéal de dheasca anlucht clórafoirm agus gan ag Ciarán ach dhá bhliain d’aois. I gcathair Luimnigh a rugadh Christina ach b’as an gceantar sin idir Tuath Ó gConaíle agus Tuaim Gréine sa Chlár dá tuismitheoirí, Thomas Forde agus Margaret Neville. Uncail le Ciarán ba ea Liam Forde, ardaidiúnach san IRA i Luimneach i rith Chogadh na Saoirse. D’fhan Ciarán ceanúil riamh ar an dá cheantar sin arbh iontu a bhí a sheanmhuintir lonnaithe.

D’fhreastail sé ar Bhunscoil Chlochar na Toirbhearta i gcathair Luimnigh agus ina dhiaidh sin ar Mheánscoil na mBráithre Críostaí i Sráid Uí Sheasnáin. Ghlacadh sé páirt ann sna ceolchluichí. Sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath dó bhí sé gníomhach sa Chumann Gaelach agus sa Chomhchaidreamh agus bhain MA amach ar deireadh le tráchtas ar théamaí na n-amhrán tíre. Chaith sé tréimhsí gearra ag múineadh sa cheardscoil i bhFionnradharc agus i gColáiste Chaisleán Cnucha i mBaile Átha Cliath sular ceapadh é ina oifigeach sa Choimisiún Logainmneacha. Is sa phost sin dó, agus é ag fiosrú i dtaobh Gaeilge logainmneacha Chreachmhaoil in oirthear na Gaillimhe, a chuir sé aithne ar fhear a bhí eolach ar a leithéid, Máirtín Furey (1877–1963), Manainn Ard, Creachmhaoil, Gaeilgeoir a bhí i láthair ar 26 Lúnasa 1900 nuair a cuireadh cloch ar uaigh Raiftearaí. Ar an láthair freisin an lá sin bhí Yeats, an Bhantiarna Gregory , Dubhghlas de hÍde, Edward Martyn agus daoine móra le rá eile. Bhí clann mhór páistí ag Máirtín agus ba í Dolly (Delia) an duine ab óige díobh. Ba é Tomás de Bhaldraithe a mhol do Chiarán cuairt a thabhairt ar Mháirtín. Pósadh Ciarán agus Dolly in 1955. Thabhaigh sise clú di féin ar ball, ní hamháin le binneas a hamhránaíochta, ach le háilleacht a cló agus le hanamúlacht a meanman. Iníon agus beirt mhac a rugadh dóibh, Deirdre, Pádraig, agus Ciarán, ar ceoltóirí an triúr acu.

Bhí Radio Éireann fágtha ag Séamus Ennis in 1951 agus tá de thuairim ann nach ligfeadh an Roinn Airgeadais don stáisiún aon cheapachán nua a dhéanamh. Tuairim eile a nochtar gurbh é a fheabhas a bhí ag éirí le clár BBC Ennis, As I roved out, a spreag RÉ ar deireadh chun an folúntas a líonadh in 1954. Ach thabharfaí as Forty years of Irish broadcasting (Gorham 1967), gurbh é fáth na moille a dheacracht a bhí sé cómhaith Ennis a aimsiú. Ar deireadh cuireadh comórtas ar bun in 1954 agus chuir Ciarán isteach air. Ba é Sean óg Ó Tuama a ceapadh, fear a raibh cáil air mar phoblachtach, mar iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus go háirithe mar dhuine a bhí fíoreolach ar amhráin na Gaeilge agus an Claisceadal a bheith á stiúradh aige in Acadamh an Cheoil le tamall de bhlianta. Múinteoir matamaitice an cheird a bhí aige agus i gceann tamaill ghairid ba léir dó féin nach n-oirfeadh an post dá mheon agus chuaigh ar ais ag teagasc matamaitice. Ciarán a bhí sa dara háit sa chomórtas agus is ar an ábhar sin a fostaíodh é i dtreo dheireadh 1954. Cuireadh é isteach i measc na mball foirne a dtugtaí ‘Scriptscríbhneoirí’ orthu, a raibh ina measc craoltóirí cáiliúla mar Phroinsias Ó Conluain, Seán Mac Réamoinn, P.P. Maguire agus Norris Davidson. Bhí Comhaltas Ceoltóirí Éireann ann faoin am seo agus bhí na Fleánna Ceoil ar siúl le ceithre bliana anuas ach ní gur thosaigh Ciarán ag craoladh A job of journey work idir 1957 agus 1970 agus Ceolta tíre idir 1955 agus 1970 a thug pobal mór na hÉireann aird orthu. Ba ghairid gur éirigh an mórphobal taithíoch ar ainmneacha mar Elizabeth Crotty, Willie Clancy, Tommy Potts, Junior Crehan, Johnny O’Leary, Peadar O’Loughlin agus na scórtha eile. B’fhéidir a mhaíomh gurbh iad na taifid a rinne Ciarán ag an bhFleá Cheoil in Inis, Co. an Chláir, in 1956 a mhéadaigh go mór ar an tinreamh ag na Fleánna as sin amach. Rud a chabhraigh go mór le Ciarán gur thaitin sé go mór leis na ceoltóirí. Gan amhras bhain dua le Ciarán a bheith ina shuí moch déanach ag éisteacht le ceol agus lena bheith go síoraí ag taisteal bhóithre na hÉireann.

Deir Breandán Breathnach in Folk music and dances of Ireland (1971) gurbh é an MRU (mobile recording unit) sna 1950idí a d’athraigh agus a chaomhnaigh oidhreacht cheoil a bhí ag dul i léig le ceithre scór bliain, nó gur mhaolaigh sé ar an meath. Luann sé Ciarán, Ennis, Mac Réamoinn agus Ó Conluain mar bhailitheoirí sa dara ré órga seo. Deir Richard Pine in Music and broadcasting in Ireland (2005:327):

Mac Mathúna has become synonymous with both the presentation and representation of Irish music, and listeners to his programmes soon become aware that he has spent a lifetime not only in listening to, and recording, music in all kinds of venues, but also in reaching an understanding of what it is, and how it relates to other areas of Irish civilisation. In this pursuit, Mac Mathúna has a place in the genealogy of Irish folklorism, the first modern figures of which were Bunting and Petrie.

Fear déanta clár faisnéise ba ea é freisin agus cuimhnítear ar na cláir amhránaíochta a rinne sé, breis is leathchéad díobh, i dtaobh na n-amhrán Gaeilge go léir a shlánaigh Fionán Mac Coluim, ar an gclár beathaisnéise faoin mbailitheoir mór eile úd, Eileen Costello, ar na turais a thug sé ar cheoltóirí na Breataine, na Sualainne agus Mheiriceá. Chuaigh sé ar pinsean in 1991 ach b’fhéidir a rá go raibh cláir cheoil á gcraoladh aige ar feadh nach mór caoga bliain. Bhí Proinsias Mac Aonghusa ag cabhrú leis sa chéad chlár a rinne sé riamh i Sráid Anraí agus bhí sé sa láthair arís ina chlár deiridh mar bhall foirne, clár i dtaobh Éigse Uí Ríordáin i mBaile Bhuirne um Shamhain 1991 (Mac Aonghusa 2001). Ba mhinic sraitheanna de chláir theilifíse aige ó 1961 amach. Cuimhnítear go háirithe ar ‘The humours of Donnybrook’, a chraoltaí ó chaisleáin agus ó thithe móra, agus ar ‘Reels of memory’ (i bpáirt le Pádraigín Ní Uallacháin). Ach b’fhéidir a rá gur mhó mar éacht chraolta ná aon rud eile a rinne sé an clár raidió sin Mo cheol thú a lean ó 1970 go 2005 agus a mbíodh pobal mór Éireann ag éisteacht leis gach maidin Domhnaigh.

Scríobhadh sé ailt agus léirmheasanna in Comhar minic go maith idir 1950 agus 1955 agus bhí sé orthu sin a scríobh cuntais ar sheacht gcinn de bhailéid mhóra na hÉireann in Ireland of the Welcomes. Ba é an síorthaisteal agus é fostaithe ag RTÉ a bhac air mórán eile a fhoilsiú. Bhí sé gafa go mór le Cumann Merriman, é ina bhall den choiste ón tús idir 1967 agus 1968 agus ina chathaoirleach air ar feadh cúig bliana sna 1980idí. Is le linn an téarma áirithe sin a tháinig fás mór ar an tinreamh ag na scoileanna, go háirithe tar éis dó an Scoil Samhraidh a lonnú den chéad uair i Lios Dúin Bhearna in 1985. Bhí sé ina bhall tamall de Chomhar Cultúra Éireann.

Bhronn Ollscoil na hÉireann agus Ollscoil Luimnigh dochtúireachtaí oinigh air go luath sna 1990idí agus rinneadh saoirseach de Chathair Luimnigh de. D’éag sé ar 11 Nollaig 2009. Ag aifreann na sochraide i séipéal Choláiste Thír an Iúir, Baile Átha Cliath, bhí Cór Chúil Aodha i láthair le hómós cuí a thabhairt chomh maith le scata de na ceoltóirí is aitheanta in Éirinn. Tar éis an aifrinn ba iad Seamus Heaney, príomhfhile Éireann, Cathal Goan, Ceannasaí RTÉ, Muiris Ó Róchain, Sráid na Cathrach, Co. an Chláir, bunaitheoir Scoil Willie Clancy, agus mac Chiaráin, an Dr Pádraig Mac Mathúna, a thug léargais cheiliúrtha ar ar bhain Ciarán amach i rith a shaoil.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair