NÍ ANNRACHÁIN, Neasa (1922–2014)

Duaisaisteoir a chaith beagnach daichead bliain le hAisteoirí Raidió Éireann. Sa Sciobairín in iarthar Chorcaí a rugadh Neasa Ní Annracháin ar an 17 Deireadh Fómhair 1922, an dara duine de sheisear clainne a bhí ar Pheadar Ó hAnnracháin ón Sciobairín, agus a bhean, Máire Ní Dheasúna ó Chionn tSáile, Co. Chorcaí. Bhí feirm bheag ag a hathair agus post aige mar chláraitheoir breitheanna agus básanna, ach is mar Chonraitheoir ab fhearr aithne air. Scríobh sé mórán leabhar, ina measc cuntas dírbheathaisnéiseach, Mar mhaireas é (1953), ar a pháirt i gConradh na Gaeilge agus sa ghluaiseacht náisiúnach agus ar na tréimhsí a chaith sé i bpríosún in Éirinn agus i Sasana.

Bhí Máire, a bhean, i mbun an tí agus is le Gaeilge a tógadh an mhuirín, rud a bhí neamhchoitianta i gceantar an Sciobairín ag an am. Tráth Céad Chomaoineach b’éigean fios a chur ar shagart le Gaeilge mar ní leomhfadh an t-athair gur trí Bhéarla a d’ullmhófaí a chlann don tsacraimint. D’fhreastail Neasa ar bhunscoil Chlochar na Trócaire sa Sciobairín agus ar Ardscoil Threasa sa cheantar céanna. Bhí dea-chuimhní aici ar laethanta a hóige agus go háirithe ar bheith ag rothaíocht lena deartháir Fachtna agus a n-athair chun laethanta breátha gréine samhraidh a chaitheamh i gCuan Dor, Co. Chorcaí, fad a bhíodh Peadar i mbun Choláiste Chairbre. Bhí Neasa cúig bliana déag d’aois nuair a fuair Fachtna scoláireacht go Coláiste Chaoimhín i mBaile Atha Cliath agus cuireadh ise chuig an ardchathair leis, chun tosnú ar chúrsa rúnaíochta. Is beag caint a bhí ar oideachas ollscoile do chailíní an uair sin. Ba i dteach an tSeabhaic i nDomhnach Broc a bhí sí ar lóistín i dtosach, ach níorbh fhada gur shocraigh a tuismitheoirí an teach feirme sa Sciobairín a dhíol, agus an chuid eile den chlann a thabhairt go Baile Átha Cliath, chun go bhféadfaidís freastal ar Choláiste Mhuire agus ar Scoil Chaitríona. Fuaireadar teach ar cíos ar Bhóthar Haddington.

Ghlac an teaghlach páirt ghníomhach i saol na Gaeilge, go háirithe i gCraobh an Chéitinnigh de Chonradh na Gaeilge, mar ar ghlac Neasa páirt sa cheolfhoireann, sa chór agus, thar aon rud eile, sa ghrúpa drámaíochta. D’fhreastail sí ar ranganna i gColáistí Teicneolaíochta Ráth Maonais agus Dhroichead na Dothra agus i gColáiste an Cheoil, Sráid Chatham, mar ar sheinn sí an veidhlín. Is i gCraobh an Chéitinnigh a casadh uirthi an fear a phósfadh sí, státseirbhíseach agus Corcaíoch, Seán Ó Briain, a scríobh drámaí raidió do pháistí sna 1950idí. Bhí cáil na scoraíochta ar an teach, i mBóthar Haddington, agus fáilte í gcónaí roimh lucht amharclainne agus ceoil. Bhí deartháir Neasa, Ciarán Ó hAnnracháin (Kieron Moore), ina aisteoir in Amharclann na Mainistreach, agus ba cheoltóirí iad a deartháireacha, Fachtna agus Colm, agus a deirfiúr, Bláithín. Bean an-cheolmhar ba ea a máthair, Máire, agus rinne sí deimhin de gur cuireadh oideachas sa cheol ar an gclann ar fad.

Fuair Neasa post sa Choimisiún Muc agus Bagúin, mar a raibh a hathair ag obair, agus thosaigh sí ag freastal ar Scoil Drámaíochta Amharclann na Mainistreach. Nuair a phós sí in 1948, b’éigean di éirí as a post, ach tar éis cúpla bliain glacadh léi in Aisteoirí Raidió Éireann (ar a dtugtaí an Rep). Is ann a chaith sí an chuid eile dá saol gairmiúil agus í ag obair go príomha mar aisteoir. Bhíodh sí páirteach i ndrámaí i nGaeilge agus i mBéarla, cuid acu sna 1950idí agus 1960idí a craoladh beo. Bhí réimse leathan stíleanna aisteoireachta i gceist, ó Synge go John B. Keane, go Beckett agus Joyce. In 1975, bhuaigh sí Duais Jacob dá ‘outstanding contribution to a distinguished company of actors.’ In 1987, in aois a 65 bliain ghlac sí páirt Mommo sa chóiriú raidió de Bailegangaire le Tom Murphy. Ghlac sí páirt i gcláir eile – ag léamh litreacha ar Dear Sir or Madam, mar shampla, nó ag aithris filíochta, ar Mo cheol thú, curtha i láthair ag Ciarán Mac Mathúna. Lean sí leis seo blianta fada tar éis di dul ar scor ón Rep in 1988.

Ghlacadh sí páirt le hEoghan Ó hAnluain agus léitheoirí eile sna léamha filíochta a d’eagraíodh Seán Mac Réamoinn ag scoileanna samhraidh Merriman. Bhí grá faoi leith aici don fhilíocht agus a lán dánta de ghlanmheabhair aici.

In 2008, le bheith gar dá hiníon Nuala, d’fhág Neasa a teach cónaithe i mBeann Éadair, Baile Átha Cliath, agus thóg teach ar cíos a bhain le teach altranais lasmuigh den Sciobairín, lonnaithe, mar a tharla sé, ar an talamh céanna leis an seanteach feirme inar tógadh í. Faraor, bhuail stróc Neasa laistigh de bhliain, agus b’éigean di bogadh isteach sa teach altranais, mar ar cailleadh í ar an 18 Nollaig 2014.

Triúr clainne a bhí ar Neasa agus Seán – Doireann, Nuala agus Éanna.

Éilis Ní Anluain