D’fhág beirt Chorcaíoch a rian ar chúrsaí athbheochan na Gaeilge i gContae Chill Chainnigh: Eibhlín Ní Chróinín agus Tadhg Ó hAnnracháin agus ba é Tadhg a mhol an chéad lá gurbh í Eibhlín a d’fhostófaí mar mhúinteoir Gaeilge ann.

Sa Gharrán. Baile Mhistéala, a rugadh Tadhg. Ba de sheanbhunadh na háite sin a athair. Timothy. Johanna Williams ab ainm dá mháthair agus ba deirfiúr í le Liam Mac Uilliam (1820–1875), scoláire cáiliúil Gaeilge agus aturnae i nDún Garbhán. Deirtear gur fhreastail sé ar Scoil na mBráithre Críostaí ar dtús agus gur chaith sé tamall i gColáiste Cholmáin. Mainistir Fhear Maí. Bhí gaol leis ina chónaí i gcathair Chill Chainnigh agus nuair a bhí sé 17 bliana d’aois chuaigh Tadhg agus a dheartháireacha chun cónaithe ann. Chaith sé tamall i gColáiste Chiaráin. Bhí gnó bágúin ar siúl aige ag 13 An Baile Gaelach ina dhiaidh sin.

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chraobh Chill Chainnigh de Chonradh na Gaeilge Máirt Chásca 1897 agus toghadh é ina chisteoir (Irisleabhar na Gaedhilge, Bealtaine 1897). Ba é a cheannaigh agus a d’athchóirigh an t-áras Túdarach, Teach an Rútaigh, in 1898 agus a chuir ar fáil é mar cheanncheathrú agus mar ionad cruinnithe ag an gConradh agus ag an gCumann Seandálaíochta. Luaitear mar dhuine d’aisteoiri Chraobh Chill Chainnigh é in Fáinne an Lae, 26 Márta 1898. Deirtear go raibh eolas leathan aige ar stair, ar bhéaloideas agus ar sheandálaíocht Osraí. Bhí staidéar ar an Ogham déanta aige. Ba eisean a ghearr an leac cuimhneacháin atá in airde ar Theach an Rútaigh. Bhí dúil ar leith aige sa gharrraíodóireacht, sa snoíodóireact agus san aillireacht agus bhí sé an-oilte ar uirlisí an cheardaí: é féin a dhear agus a thóg an teach ‘Tilbury’.

Bhí sé ina bhall de choiste bainistíochta Ollscoil na Mumhan sa Rinn i 1909 agus ar dhuine de stiúrthóirí na muilte olla i gCill Chainnigh. Toghadh é ina chomhairleoir ar Bhardas Chill Chainnigh agus is ar a mholadh a ghlac an Bardas le rún go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar éigeantach i máithreánach Ollscoil na hÉireann (An Claidheamh Soluis, 16 Eanáir 1909). Bhí sé ina ghiúistís síochána. Bhí sé pósta ar Mary Barry Kainey ó Chontae Luimnigh agus bhí cúigear mac agus triúr iníonacha acu. D’éag sé 24 Feabhra 1949. Scríobh Micheál Ó Bolguidhir cuntas air in Feasta, Iúil 1949. Nochtadh plaic i gcuimhne Thaidhg agus Eibhlín Ní Chróinín i dTeach an Rútaigh 22 Samhain 1970 agus deirtear faoi Thadhg: ‘Gael agus náisiúnaí tiomanta, staraí agus seandálaí léannta ... a thug fialchúnamh airgid is saothair don Chraobh sin [Chill Chainnigh] is do ghluaiseacht na Gaeilge lena bheo’. In aiste dar teideal ‘Obair na hAthbheochana i gCill Chainnigh’ (Feasta, Bealtaine 1993) deir Seán Ó Briain nach raibh a dóthain Béarla ag Eibhlín Ní Chróinín ar theacht go Cill Chainnigh di agus gur chaith sí leathbhliain á foghlaim i gClochar na Toirbhirte. ‘Tadhg Ó hAnnracháin a ghlan na costaisí go léir agus a dhíol tuarastal di sna blianta tosaigh a mhúin sí ranganna don Chonradh go dtí 1923 nuair a fuair sí aitheantas mar ghairmmhúinteoir’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú