Ó hANNRACHÁIN, Stiofán Breandán (1930–2014)

Dornán blianta sulár bhásaigh sé ghlaoigh Stiofán Ó hAnnracháin ar a chara dílis Diarmuid Breathnach agus thug sé le fios dó nár theastaigh uaidh go mbeadh aon chuntas scríofa ar a shaol tar éis a bháis. Thug Diarmuid le fios dó go soiléir nach bhféadfadh sé geallúint dá leithéid a thabhairt agus go dteastódh óna mhuintir agus ó dhaoine eile amach anseo teacht a bheith acu ar chuntas ar a shaol. Fágadh an scéal mar sin ach léiríonn sé an umhlaíocht a bhain le Stiofán mar dhuine a rinne gaisce foilsitheoireachta. Go deimhin, ba é a chuir in eagar agus a chéadfhoilsigh formhór mór na mbeathaí atá ar an suíomh seo. Ba spéis leis litríocht na Gaeilge go lá a bháis. Agus é ar leaba a bháis d’iarr sé go dtabharfaí chuige leabhar Dhiarmuid Bhreathnaigh Titim agus éirí (2012), agus b’in an leabhar deireanach a léigh sé. D’iarr sé go sonrach freisin nach ndéanfaí aon adhmholadh iarbháis air.

I bhfearann an oideachais, an léinn agus na foilsitheoireachta a shaothraigh Stiofán Ó hAnnracháin. Bhain sé amach a shlí bheatha mar oide Gaeilge meánscoile ar feadh bliana i dtosach san Ardscoil a bhí lonnaithe i Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, an uair sin, agus ó 1960 go 1963 i gColáiste Wesley a bhí ar Fhaiche Stiabhna; ansin mar léachtóir i Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach ó 1963 go dtí 1972 nuair a ceapadh chuig post an chláraitheora é. Scor sé ón bpost sin in 1995 ach lean an dlúthcheangal leis an gcoláiste ina dhiaidh sin agus é ina bhall den chéad bhord rialaithe ó 1997 go dtí 2002 agus an coláiste aitheanta faoin am sin mar choláiste de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath faoin gconradh nasctha 1993. Bhronn Ollscoil na hÉireann dochtúireacht oinigh, honoris causa, air i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, ar an 24 Meitheamh 1996.

Duine ar leith ab ea Stiofán, mar ab fhearr aithne ag an bpobal i gcoitinne air, ach Breandán a thug a chlann agus a ghaolta riamh air. Ar an 12 Meitheamh 1930 i nDroim Conrach, Baile Átha Cliath, a rugadh é. Ba as Ard Uachtair sa Bhaile Dubh in iarthuaisceart Chontae Chiarraí a athair, Michael Hanrahan, agus a mháthair, Bridget Leen. Bhí a athair fostaithe ag Córas Iompair Éireann i mBaile Átha Cliath. Deartháir amháin a bhí aige, Patrick Joseph, a bhí ina Easpag sa Bhrasaíl agus beirt dheirfiúracha, Eileen agus an tSiúr Bríd d’ord Naomh Lughaidh. D’fhás sé aníos i nDroim Conrach agus chónaigh i dtuaisceart na cathrach.

Ar Scoil Phádraig i nDroim Conrach a fuair sé a chuid bunscolaíochta agus in Inis Córthaidh ar scoláireacht a chuir sé isteach na chéad bhlianta ar an meánscoil. D’aistrigh sé ansin chuig Scoil Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath agus, ina dhiaidh sin, bhain céim BA amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. An Ghaeilge a roghnaigh sé mar ábhar do chéim MA. Chaith sé roinnt mhaith ama le linn a óige i gceantar dúchais a thuismitheoirí agus bhí a lorg sin air – b’ábhar iontais dá lucht aitheantais a fháil amach gur Bhaile Átha Cliathach é. Bhí sé mórtasach as gach dár bhain lena dhúchas Ciarraíoch agus thugadh cuairteanna rialta ar dhúiche a mhuintire. Mar is léir ar a leabhar, Caint an Bhaile Dhuibh (1964), bhí eolas fairsing aige ar an dúchas sin. Bhí sé pósta le Nuala Moloney as Dubháth i gCiarraí thuaidh agus ise ina céile ionúin agus ina crann taca dílis aige. Fuair Nuala bás ar 29 Aibreán, 2015. Bhí ceathrar iníonacha de mhuirín acu.

Bhí an grá tíre, an mórtas cine agus an dúchas de dhlúth agus d’inneach ann agus níor fágadh aon duine in amhras riamh faoina shaoldearcadh ná na cúiseanna arbh fhiú leis iad. Orthu sin bhí tábhacht Choláiste Phádraig mar ionad oiliúna d’oidí bunscoile agus ba mhinic a chuir sé in iúl a dhóchas astu i dtaca le hoideachas, óige agus saol na tíre. D’fhéach sé chuige go mbeadh áit lárnach ag an nGaeilge agus ag an tsaoithiúlacht Ghaelach ina gcuid oiliúna. Is í an teist a bhí ag comhghleacaithe, mic léinn agus a lucht aitheantais air gur dhuine uasal, cumasach, soilíosach é a bhí umhal agus cuiditheach agus nach ndearna an dá leath dá dhícheall riamh.

D’fhás dlúthchairdeas idir Stiofán agus Séamas Ó Mórdha, a bhí ina cheann ar Roinn na Gaeilge nuair a ceapadh ina léachtóir é, agus bhí páirt nach beag ag an mbeirt acu san fhás agus san fhorbairt a tháinig ar an gcoláiste mar ionad oideachais agus léinn ó na 1960idí amach. Ba cheannródaithe iad ar an ré órga a bhí i ndán do Roinn Gaeilge an choláiste i dtaca le teagasc, taighde agus cothú na Gaeilge. An aisling sin d’oideachas agus d’oiliúint oidí bunscoile a chothaigh Stiofán i bpáirt le Séamas agus le Dónal Ó Criagáin C.M., uachtarán Choláiste Phádraig idir 1957 agus 1976, bhí sí ag teacht leis an leagan amach a bhí á mholadh ag John Henry Newman. Sa tréimhse sin, cuireadh foirgnimh bhreátha nua agus árais chónaithe leis an gcoláiste, d’ardaigh líon na mac léinn ó dhá chéad fear go dtí naoi gcéad idir fhir agus mhná, cáilíocht céime a bheadh ag na hoidí feasta, agus bunaíodh an Foras Taighde Oideachais, Roinn don Oideachas Speisialta agus an Irish Journal of Education sa choláiste. Bhí an iris léinn Studia Hibernica á foilsiú ó 1961. An fhadbhreathnaitheacht ba thréith do Stiofán, an chríochnúlacht ba nós leis, agus an cumas eagrúcháin agus ceannaireachta ba thaithíoch leis, sheas siad leis i bpost an chláraitheora. Chomh maith lena liacht cúram eile: mar phríomhoifigeach acadúil na hinstitiúide bhí sé freagrach as iliomad cúram maidir le caighdeáin teagaisc agus oiliúna, scrúduithe, riaradh agus seasamh an choláiste. D’éirigh trí ócáid mhóra i saol Choláiste Phádraig lena linn ar a rabhthas buíoch as a chumas ar cheannaireacht acadúil, pleanáil straitéiseach agus bainistiú athraithe: polasaí a bheartú maidir le hoscailt an choláiste do mhná agus iad a ghlacadh isteach de réir a chéile ó 1971 ar aghaidh; bliain a chur leis an gcúrsa oiliúna agus aitheantas a ghnóthú faoi scáth an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, do chéim bhaitsiléara san oideachas in 1974 mar cháilíocht d’oidí bunscoile, socrú a sheas go dtí 1995; aitheantas a ghnóthú do Choláiste Phádraig trí nascadh institiúideach le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath in 1993 a d’fhág Coláiste Phádraig ina choláiste de chuid na hollscoile sin feasta, socrú a cheadaigh céim bhaitsiléara sna healaíona agus réim leathan de chúrsaí iarchéime a thairiscint sna healaíona agus san oideachas, amach suas go dtí cáilíocht dochtúireachta.

Seo a leanas tuairisc a chomhghleacaí John Canavan, ceann roinn oideachais an choláiste ag an am, ar pháirt Stiofáin san fhorbairt deiridh sin:

Stiofán had a far-seeing vision for St Patrick’s College, its place in Ireland and its role in education. He was nominated to lead the St Pat’s team to negotiate a possible linkage with Dublin City University. The team substantially adopted Stiofán’s vision as a basis for the negotiations. This included St Pat’s retaining its position as an independent autonomous College and its integrity intact; continuing to be financed directly by the Department of Education; have its own Governing Body and structures; appoint its President; and appoint its staff. It would continue its Catholic Christian ethos, its deep commitment to the Irish language and its sporting and other traditions. (It was the policy of the College to admit students from other denominations, religions, or none and to provide exemptions and special instruction for these students).

Anuas ar na dualgais throma eile a bhí air, chuidigh sé go mór le foirne peile, iomána agus camógaíochta an Choláiste. Bhí sé ina chathaoirleach ó 1965 amach ar Chumann Peile agus Iomána Choláiste Phádraig, agus ar Dhóchas Éireann/ Erin’s Hope, cumann na n-ábhar oidí a d’imríodh i gcomórtais pheile agus iomána faoi choiste Bhaile Átha Cliath, agus ní raibh a shárú ann i dtaca le tuiscint ar mhianach na gcluichí, foirne a ullmhú agus a spreagadh, chomh maith le taicticí imeartha a bheartú agus a chur i bhfeidhm.

Thuig sé dúil na mac léinn sna cluichí dúchasacha agus a bhfonn deiseanna imeartha a sholáthar dá ndaltaí sna scoileanna. Lom dáiríre a deireadh sé go raibh sé de cheart ag páistí uile na tíre blaiseadh den iománaíocht agus an fhuinseog a lúbadh ar shliotar! Rud eile a thuig sé i bhfad siar ná go raibh an lá ag teacht go mbeadh gá le cláir oiliúna scileanna, agus i lár na 1980idí thapaigh sé an deis ar chuireadh ó cheann roinn an oideachais thuasluaite an cúrsa Cluichí Gaelacha agus an Bhunscoil a chumadh. B’in an chéad chúrsa ar na cluichí Gaelacha a cuireadh riamh ar chlár oiliúna ollscoile. Sa bhliain 1970, d’eagraigh sé turas go hAlbain don chumann iomána chun sraith cluichí a imirt i gcoinne chlubanna camanachd Ollscoil Ghlaschú, an Òbain agus Ghlaschu-Earraghàidheal-Meadhonach faoi rialacha comhaontaithe. D’éirigh thar cionn leis an turas agus idir Stiofán agus Donie McNiven, pearsa mór na camanachda in Albain. D’athmhúscail an turas seo spéis san iománaíocht-camanachd idir scoileanna, clubanna agus foirne idirnáisiúnta, agus tá bonn daingean anois faoin gcomórtas idirnáisiúnta mar thoradh air.

Bhí gné na hoiliúna agus na ceannaireachta á cothú aige sna hábhair oidí agus is iomaí duine acu idir fhir agus mhná a tháinig faoina anáil agus a chuir a chomhairle agus a cheannaireacht i bhfeidhm iad féin sna scoileanna. B’údar sásaimh dó an oiread sin oidí a bheith sásta dul in urraíocht ar na cluichí sna scoileanna agus an oiread sin acu a bheith sásta páirt shuntasach a ghlacadh i bhforbairt agus i riaradh Chumann Lúthchleas Gael. I ndiaidh dó dul ar pinsean, ghlac sé le cuireadh a bheith ina éarlamh ar an gcumann agus roinn an onóir sin go lá a bháis. Ní raibh forrán ó iar-mhic léinn nó ó lucht aitheantais ba mhó a thug sásamh dó ná, ‘Conas tá na Hopes?’ Cuireadh geansaí na ‘Hopes’ go bródúil ar a chónra agus rinne díorma d’iar-mhic léinn agus de mhic léinn reatha garda onóra ag an séipéal i gCill Fhionntain agus arís i nDubháth.

Chun aithne cheart a chur ar Stiofán Ó hAnnracháin, níor mhór féachaint ar chuid éigin den chúlra a bhí lena thiomnacht do na cluichí Gaelacha agus go háirithe don iománaíocht. Tá fianaise ar fáil i Scéal na hiomána (1984), an mórshaothar scolártha le Liam P. Ó Caithnia a raibh dlúthbhaint ag Stiofán leis agus a d’fhoilsigh An Clóchomhar sa bhliain 1980. Is éard a deir Stiofán ina cháil eagarthóra agus foilsitheora faoi Scéal na hiomána:

Is é is dóigh linn go bhfuil Scéal na hIomána ar cheann de na leabhair is suainsí dár foilsíodh sa Ghaeilge riamh, cuntas cumasach ceanúil ar chluiche uasal ársa is aithnid dúinn uile ó ré na Tána agus an tSeanchais Mhóir, díol ceana agus imeartha ag ridire agus rídhamhna, cluiche dea-oird, dea-eagair, a d’imrítí faoi smacht i bhfaichí iata le breis is míle bliain.

Sin againn fianaise ar ghlór Stiofáin é féin agus a eagna, a léann agus a bháúlacht á léiriú sa fhriotal cruinn, tomhaiste, deaslabhartha ba dhual dó. D’aithin sé freisin gné an laochais a ghabhann leis an iománaíocht, rud a meabhraíodh arís dó nuair a casadh gan choinne air, i mBaile an Bhuinneánaigh lá, an fear de Mhathúnach a bhí ina chaptaen ar fhoireann iomána an Bhaile Dhuibh a rinne ionadaíocht do Chiarraí agus a bhuaigh sa bhliain 1891 an t-aon chraobh iomána Uile-Éireann a bhuaigh an contae riamh. Is éard a d’aithris Stiofán gurbh é críoch na cainte ag an Mathúnach agus faghairt ina shúil ná gur ‘rug sé bua Uile-Éireann ar Pháirc Chluain Torc san áit ar rug Brian Ború bua ar Dhanair!’ Níor mhiste a lua go mbíodh faghairt ina shúil féin agus go n-éiríodh an braon laochais ann agus é ar an taobhlíne le linn cluichí – níor spreagaí go dtí é! Ráiteachas is ea é sin thuas faoi Scéal na hiomána a chuimsíonn freisin cuid éigin den eolas léannta agus den tuiscint fhairsing a bhí ag Stiofán ar dhúchas na tíre ach níl ann ach gné amháin den dúchas sin arbh fhiú leis é a chothú agus a fhoilsiú ar a dhícheall, rud a d’éirigh leis a dhéanamh go rathúil trína ghairm bheatha agus tríd an bhfoilsitheoireacht.

Rinne sé saothar mór mar eagarthóir agus mar fhoilsitheoir leabhar agus irise. D’fhoilsigh an Clóchomhar a gcéadleabhar sa bhliain 1958 agus tháinig leabhar Stiofáin, Caint an Bhaile Dhuibh, a bhí bunaithe ar a thráchtas MA, ar an bhfód in 1964. Ba ghearr ina dhiaidh sin gur iarr an Clóchomhar air dul i mbun eagarthóireachta é féin, rud a rinne sé riamh ina dhiaidh sin go dtí gur ghlac Cló Iar-Chonnacht an Clóchomhar ar láimh in 2008. Chuir Seán Mac Suibhne SMA, an ráiteas seo faoin gClóchomhar san abairt deiridh dá réamhrá lena leabhar Tótamas in Éirinn (1961): ‘Cé nach fada dóibh i mbun gnó bíonn an pobal ag súil cheana féin le slacht agus maise faoi leith ar a gcuid oibre … Go maire a gclú agus a saothar ar son teanga na nGael.’

Ní dheachaigh a dhea-ghuí le gaoth! Le fírinne, is geall le ráiteas cinn riain é mar faoin mbliain 2008, bhí 232 leabhar san iomlán foilsithe ag an gcomhlacht idir leabhair scolártha agus leabhair litríochta, ar a raibh leabhair thaighde, beathaisnéisí, aistí, taighde ar bhéaloideas, filíocht idir shean agus nua, chomh maith le húrscéalta agus drámaí (Féach An Clóchomhar: catalóg agus leabharliosta, 2008). Ba é Stiofán a rinne cúram na heagarthóireachta agus a stiúir gnó na foilsitheoireachta ar a bhformhór mar a mheabhraigh an tOllamh Breandán Ó Madagáin ina óráid ar ócáid bhronnta na dochtúireachta:

D’ainneoin na cruóige a bhain lena chuid oibre féin i gColáiste Phádraig, ar dtús mar léachtóir, agus ina dhiaidh sin mar chláraitheoir ar an gColáiste ar feadh na mblianta fada go dtí anuraidh, d’éirigh leis, as a chuid ama féin, eagarthóireacht a dhéanamh ar bhreis agus dhá chéad leabhar ... agus iad a chur amach ar ardchaighdeán foilsitheoireachta ... Agus i gcás gach aon leabhair acu sin ba é Stiofán a rinne an gnó ar fad leis na húdair (á ngríosadh is ag cur misnigh orthu), leis na clódóirí (á dtreorú is á gceartú), leis na ceangaltóirí agus i ndeireadh thiar leis na siopadóirí. Agus thug sé leabhar nua ar an saol ar an gcuma sin, ar a laghad leabhar amháin gach dara mí le tríocha bliain. Abraimis gaisce. Cad é mar chomaoin atá curtha aige ar an náisiún, agus go háirithe ar lucht léinn is ollscoile?

Ar na saothair sin ón gClóchomhar tá riar de leabhair mhóra na Gaeilge agus ainm Stiofáin á lua ag na húdair sna hadmhálacha buíochais agus a chabhair á haltú go faíoch acu. Ba leor sracfhéachaint ar aon cheann de na leabhair sin ar a dtoirt agus líon na nótaí tagartha le deimhniú a fháil ar fhairsinge an tsaothair a chuir sé de agus ar chaighdeán na heagarthóireachta agus na foilsitheoireachta a thaithigh sé.

Sna blianta ó 1970 go dtí 1974, chuir sé in eagar leabhar in aghaidh na bliana do Ghael Linn faoin teideal, Éigse Shlógadh: cnuasach de chuid de na dánta a cuireadh isteach ar Shlógadh. Bhí saothar mór foilsitheoireachta eile idir lámha aige i gcaitheamh na mblianta sin freisin. Sa bhliain 1966, ghlac sé air féin cúram eagarthóireachta Studia Hibernica, agus lean sé den chúram sin go dtí gur foilsíodh imleabhar 25, blianta beaga sular scor sé ón gcoláiste. Deireadh sé féin gur mhó an stró a bhain le himleabhar amháin de Studia Hibernica a fhoilsiú ná le trí cinn de leabhair thaighde an Chlóchomhair – gaisce foilsitheoireachta eile é a chuir sé de go héasca slachtmhar. Bhí Stiofán fial lena dhea-chomhairle agus a chabhair freisin san obair a bhain leis an iris Dóchas a bhíodh á foilsiú ag Cumann Gaelach Choláiste Phádraig sna 1960idí.

Ar fhianaise a leabhair féin, Caint an Bhaile Dhuibh, ba thogha taighdeora agus scríbhneora é Stiofán agus tá séala agus slacht na scoláireachta ar an saothar tríd síos. Ón tearcfhianaise agus na foinsí scáinte a bhí ar fáil don taighde a rinne sé ar Ghaeilge dhúiche a mhuintire, shúraic sé mórán as an mbeagán. B’fhurasta cur leis an bhfianaise as na réamhráite a chuir sé le cnuasaigh aistí a chuir sé in eagar sna blianta ina dhiaidh sin. Is cinnte go raibh sé in inmhe bóthar an taighde agus na scoláireachta a thabhairt air féin ach gur thúisce leis a acmhainní a dhíriú i dtreo na foilsitheoireachta ar son go mbeadh lán fómhair liteartha níos leithne ag pobal na Gaeilge. Gné thábhachtach den obair seo ab ea an deis a tugadh dá liacht scoláire idir óg agus aibí torthaí a dtaighde a chur ós comhair an tsaoil.

Níor tharraing Stiofán íocaíocht ar chostais riamh don saothar eagarthóireachta agus foilsitheoireachta sin. Ina ionad sin, sa bhliain 2013 bhronn sé ciste comhaltachta taighde iarchéime ar Choláiste Phádraig le go bhfoilseofaí leabhar ar mhodhanna múinte na Gaeilge, ábhar eile a bhí gar dá chroí.

Bhí sé socraithe ag Stiofán sula bhfuair sé bás nach ndéanfaí aon adhmholadh iarbháis air. Comhartha é sin ar an umhlaíocht a bhí go smior ann. Ba dhuine é nach raibh sciorta féinchúiseach ag rith leis agus sheachain sé go diongbháilte an féinmhórtas. Ba é a mhana sa saol riamh ná an cúram a dhéanamh ar son gurbh fhiú é, ní ar son buíochas ná aird a ghnóthú. B’idéalaí é ach ní raibh sé saonta. Ní raibh sé dall ar an lúbaire ná ar an mbeart sleamhain agus d’aithneofá air é nuair a bhí údar míshásaimh nó buartha aige, ach más ea ní chloisfeá an focal géar ná cáinteach riamh uaidh. Ní tacaíocht agus comhairle amháin a thug sé dá liacht duine ach cairdeas agus comrádaíocht chomh maith. Bhí an-acmhainn grinn ann freisin.

Ní heol gur fhág sé oiread ábhair óna pheann féin is a thabharfadh tuairisc chuimsitheach ar ar chuir sé i gcríoch, ar a shaoldearcadh, ná ar a leagan amach agus mar sin is ar an aithne phearsanta, a ghníomhréim agus a mhodhanna oibre mar aon leis na blúirí a scríobh sé mar eagarthóir a bheifí ag brath cuid mhaith. Maidir lena chaidreamh le mic léinn, le comhghleacaithe agus eile ó thaobh cur chun cinn an oideachais agus an léinn, ba thúisce leis an modh indíreach, agus is go hindíreach a thuigfeá uaidh de ghnáth céard ba chuid fiúntais, céard ba cheart a dhéanamh agus céard iad na caighdeáin a d’oirfeadh cé go nglacfadh sé seasamh dearbhshoiléir nuair ba ghá sin. Ba ar an dóigh sin a bhíodh comhoibriú á spreagadh aige agus a bhíodh an mhaith á déanamh – daoine ag bláthú humano modo – an modh céanna ba bhéas riamh leis na hoideachasóirí móra. Ní gan fáth gurbh é an dea-fhocal a bhí le rá ag cách faoin dea-fhear seo, duine ar leith ar díol suntais agus buíochais ar chuir sé de chlocha ar an gcarn.

Éanna Mac Cába

Ailt