Ó hANNRACHÁIN, Ciarán (1924–2007)

Ar 5 Deireadh Fómhair 1924 sa Sciobairín, Co. Chorcaí, a rugadh an t-aisteoir seo. Ba iad Peadar Ó hAnnracháin agus Máire Ní Dheasúna, arbh as Cionn tSáile, Co. Chorcaí di, a thuismitheoirí agus is le Gaeilge a tógadh é. Nuair a d’aistrigh an teaghlach go Baile Átha Cliath is go Coláiste Mhuire (Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath) a cuireadh é. Le dochtúireacht a bhí sé ag dul sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath sular tairgeadh dó a bheith ina aisteoir in Amharclann na Mainistreach. In aois a 19 dó is ea a d’aistrigh sé go Londain agus luaitear é a bheith i bpáirt Heathcliff in Wuthering heights in Richmond agus ar ról a bheith aige in Purple dust le Seán O’Casey i Learpholl, Sasana. Ach ba liosta le lua na drámaí agus na scannáin a raibh róil aige iontu. Deirtear go bhfaca Alexander Korda é sa dráma Red roses for me agus gur dá bharr a tugadh conradh seacht mbliana dó sa chomhlacht London Films. Meastar gurbh ag an bpointe sin a ghlac sé le Kieron Moore mar ainm. I measc na scannán a raibh róil aige iontu tá Man about the house (1947), Mine own executioner (1947), Anna Karenina (1948). Deirtear nár oir dó an ról a bhí aige ansiúd mar Count Vronsky agus gurbh i ngeall air sin nár éirigh leis bheith ina mhór-réalt de chuid Hollywood. I Meiriceá dó bhí róil aige in David and Bethsheba (1951) agus le Burt Lancaster in Ten tall men (1951). Ar ais i Sasana dó bhí róil aige sna B-scannáin Mantrap (1953) agus Recoil (1953). Moladh an ról a bhí aige mar oifigeach airm i gCogadh na Cóiré in The Blue Peter (1954). Le Sean Connery, Janet Munro agus Jimmy O’Dea bhí ról aige in Darby O’Gill and the little people (1959) agus chuaigh sé i gcion ar an bpobal sa pháirt mar iar-oifigeach airm in The league of gentlemen (1960). Bhí róil aige sna scannáin anuas go dtí 1967 nuair a bhí páirt mar Indiach Dearg aige in Custer of the West (1967). D’fheictí minic go maith é i róil teilifíse ach b’fhéidir a rá go raibh éirithe aige as an aisteoireacht faoin bhliain 1974.

Chaith sé naoi mbliana ag saothrú don Catholic Agency for Overseas Development agus rinne péire de scannáin fhaisnéise dóibh: Progress of peoples i bPeiriú agus The parched land sa tSeineagáil. Is mar bhainisteoir tionscadail acu a thaistil sé an India agus an Meán-Oirthear. Chaith sé tamall ina dhiaidh sin ina chomheagarthóir arThe Universe, nuachtán Caitliceach, é i bhfeighil fhorlíonadh an nuachtáin sin (New Creation) a d’iompaigh amach ar ball mar an iris New Day. Rud suntasach ina shaol ba ea gurbh é a ghuthsan a d’úsáid Muiris Mac Conghail ina mhórscannáin fhaisnéise faoin mBlascaod agus faoi Árainn. In 1994 chuaigh sé chun cónaithe go Charente Maritime na Fraince. Bhí sé pósta ar an aisteoir Barbara White agus bhí iníon agus triúr mac acu. D’éag sé ar 15 Iúil 2007.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú