Tá cuntas ag Éilis Ní Dheá ar an scríobhaí seo agus ar a dhéantús in Old Limerick Journal, 1993 (Micheál Ó hAnnracháin agus a Chomhscríobhaithe i gCill Ruis’). Is beag atá ar eolas i dtaobh a shaoil. Ó 1830 go timpeall 1875 bhí sé ag gabháil do cheird an scríobhaí i mBaile Uí Cheit, gar do Chill Rois, Co. an Chláir. Maireann thart ar scór lámhscríbhinn leis, cuid acu i Leabharlann Harvard, cuid eile i leabharlann John Rylands i Manchain, cuid eile in Acadamh Ríoga na hÉireann. Tá cnuasach de laoithe Fiannaíochta, a chóipeáil sé féin agus beirt eile in 1843, i leabharlann an Choláiste Ollscoile i gCorcaigh agus deir Ní Dheá faoi: ‘Maireann an lámhscríbhinn seo mar fhianaise againn ar chiorcal beag scríobhaithe a bhí ag saothrú leo i gceanntar Chill Rois i dtús agus i lár an chéid seo caite, mar a bhí, Micheál Ó hAnnracháin, Pádraig Ó Conchubhair agus Micheál Ó Súilleabháin.’

Dealraíonn ó nóta a chuir sé le lámhscríbinn amháin gur chaith sé seal in Albain. Is mar seo a chuir sé síos air féin uair: ‘I have not a spark of natural talent, nor of poetic strain in me and I am also limited in my education. But I can read and write a little to amuse myself . . .’. Chaith sé seal ina bhíoblóir, bhí tamall i gContae Chiarraí agus luann sé Ceann Trá go háirithe. Tá cúpla dán le Seán Ó Braonáin aige ina lámhscríbhinní agus b’fhéidir gur casadh an file sin air. In Filíocht Sheáin Uí Bhraonáin, 1972 tuairimíonn Pádraig de Brún gurbh í obair an bhíobla a thug ann é, gur cinnte, nach mór, gur casadh an bheirt ar a chéile, ach cuireann leis nach mór cuimhneamh gur bheag an fháilte a bheadh ag Ó Braonáin roimh aon bhíoblóir. Bhí baint aige leis an Irish Society agus bhí scoil scrioptúir aige i gCill Rois in 1852. Tá cuntas in Irish Intelligence 5, 1852 ar ionsaí a rinneadh ar Mhicheál: ‘While passing the streets of Kilrush . . .[he] was pelted and his hat knocked off with the blow of a stone. Were it not that the police interfered and rescued him from the mob, he would have been hurt . . .’. Deir Peadar Ó hAnnracháin in Fé bhrat an Chonnartha, 1944: ‘ . . . ach ar nós Phiarais Mhic Ghearailt agus Donnchadh Rua níor fhan an fear bocht ach sealad ar seachrán, de réir mar a chuala i gCill Ruis ina dhiaidh sin.’ Bhí dhá lámhscríbhinn dá chuid i sheilbh D.H. Kelly, fear a bhí ina chónaí gar do Bhéal Átha na Sluaighe agus a raibh baint aige le hiompúchán creidimh agus spéis sa Ghaeilge aige.

In ‘Lámhscríbhinn eile ó Chontae an Chláir’ (Ómós do Eoghan Ó Comhraí), 1995 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta) sa tuairisc a dhéanann Ó Fiannachta ar lámhscríbhinn a fuair sé i nDún Beag gheofar léargas ar eolas Uí Annracháin ar fhilíocht na Gaeilge agus ar a chumas mar aistritheoir; tagraíonn sé do ‘peannaireacht shlachtmhar ornáideach’ Uí Annracháin.

Bhí chomhfhreagras aige le Maurice Lenihan, staraí Luimnigh, in 1876. Moore St, Cill Rois, a sheoladh ag an am agus dúirt leis: ‘It would be better for a person to go breaking stones than writing Irish for sale.’ Níl tuairisc air ina dhiaidh sin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú