Chuaigh an fear seo i gcion ar cheantar Dhún Garbhán le linn don teanga a bheith ag meath ann. I nDrom Liath, le hais Bhaile an Daingin, idir Baile Mhistéala agus Mainistir Fhear Maí, a rugadh é. Lonnaigh sé i nDún Garbhán in 1850 agus lean air ann go lá a bháis mar chléireach in oifig aturnaetha. Tuairim 1855 bhí sé ina bhall den Chumann Oisíneach.

In 1861 chuir sé féin, Seán Pléimeann agus an Patrick MeaneyFoireann Dhochtúir Céitinn ar bun chun seanlámhscríbhinní crábhaidh i nGaeilge a chur i gcló agus dhealródh sé gurbh eisean is mó a bhí i bhfeighil an bheartais. Dúradh sa réamheolas a foilsíodh ar 4 Bealtaine 1861: ‘The Doctor Keating Society has been established with a view of printing, publishing and thus rescuing from destruction the Catholic and Religious works written in the Irish language by some of Ireland’s most gifted scholars and still remaining in our unpublished manuscript collections as monuments too little known although attesting great learning.’ D’fhoilsigh siad An Teagasg Criostuidhe agus na gnáth-úrnaighthe; Nuadh-scríobhtha agus Léir-Cheartuighthe le Fuirionn Dhochtúir Céitín Re H-Aonta Aird-Easpuig Chaisil agus Imligh agus na n-Easpog Uile Chuigidh Mumhan, Baile Átha Cliath, 1863. Deirtear sa réamhrá: ‘The Irish version of Dr O’Reilly’s Catechism, upon which this little volume is based, having passed through numerous editions in the hands of printers unacquainted with the language, the later issues are so filled with errors as to render the book of little practical use. The Council of the Keating Society, having completed the arrangements for the publication of the first volume of their Transactions, Dr Keating’s great work on the Mass, lost no time in adopting measures to bring out a new and correct edition of this popular and useful catechism ...’. Deirtear gurbh é Williams a chuir eagar air. ‘Eochair-Sciath an Aifrinn’ a bhí i gceist acu a fhoilsiú ach gurbh easpa airgid a bhac sin orthu. Ardeaspag Chaisil a bhí ina uachtarán ar an gcumann, easpaig ba ea an seisear leasuachtarán agus den 36 baill choiste sagairt ba ea 34.

Áiríonn Eoghan Ó Súilleabháin (Waterford: History and Society: Interdisciplinary essays on the history of an Irish county. Editors William Nolan, Thomas P. Power. Associate editor: Des Cowman, 1992) é i measc scríobhaithe an chontae agus luaitear cóip de 'Foras Feasa ar Éirinn' a rinne sé in 1854–1860 agus beagán de ‘Eochairsciath an Aifrinn’ a rinne sé in 1860. Scríobh Seán Ó Cadhla cuntas air in Waterford News 6 Iúil 1917: ‘Do bhí an-eolas aige ar an oghamchraobh agus ba é an chéad duine é do bhain aon tuairim as na clocha atá i seanreilig an Aird Mhóir agus as na clocha eile atá san uaimh i nDrom Locháin.’ Deir sé freisin gur chuir sé Gaeilge ar ‘The Harp that Once’, ‘The Rising of the Moon’ agus amhráin eile. Bhí spéis aige sa tseandálaíocht agus baint aige leis an Kilkenny and South-East of Ireland Archaeological Society. D’éag sé ar 14 Iúil 1875 agus tá sé curtha i reilig an tséipéil i nDún Garbhán. Baitsiléir ba ea é. Dúirt Seán Ó Cadhla: ‘Dá mhéid do rinne sé ar son na Gaeilge níl leac ná cloch ós cionn a uaigh chun sin do chur i gcuimhne dúinn.’ In The Catholic Record of Waterford and Lismore, Bealtaine agus Lúnasa 1917 scríobh Séamus Ó Casaide: ‘... the leading member of the Keating Society, William Williams, noted in his time as an archaeologist and Irish scholar, is buried in an unmarked grave.’ Cléireach an cur síos ar a shlí bheatha sa teastas báis agus apaipléis atá tugtha mar thrúig bháis. 55 bliana d’aois a bhí sé. Bhí deirfiur leis, Johanna, pósta ar athair Thaidhg Uí Annracháin. Deir William Fraher in Dungarvan: Historic Guide and Town Trail, 1991 gurbh é a dhear armas agus séala Dhún Garbhán.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú