Aisteoir, craoltóir, amhránaí. Bhí cuntas air in Scéala Éireann (‘An Mhuintir s’againne’) 11 Aibreán 1959 agus in Inniu (‘Comhaimsirigh’) 26 Eanáir 1962. In Treoir (Iris oifigiuil Chomhaltas Ceoltóirí Éireann), Iml 38, uimhir 2, 2006 tá i gcló na cainteanna a thug an tAthair Dermod McCarthy agus Danny Riordan ag an aifreann éagnairce.

I gCill Mhaighneann, Baile Átha Cliath, a rugadh é 23 Bealtaine 1935. Ba é an duine b’óige é de chúigear leanaí, ceathrar buachaillí agus cailín, a bhí ag Ben Doyle, fear gnó as Laois, agus a bhean Kathleen Doyle as Co. Bhaile Átha Cliath. Cé gur bheag Gaeilge a bhí ag Kathleen agus Ben ba náisiúnaithe láidre iad a ghlac páirt i gCogadh na Saoirse. Ní haon ionadh mar sin gur chuir a gclann páistí spéis sa teanga agus sa náisiúnachas. Lean ainm na Gaeilge díobh ina dhiaidh sin. Níor chuimhin le Breandán an t-am nach raibh an teanga aige. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid Shéamais, Baile Átha Cliath, agus baint aige le hÓgra Éireann, gluaiseacht na mBráithre. B’fhéidir gur idir shúgradh is dáiríre a dúirt sé san agallamh sin in Scéala Éireann go raibh ‘fiche bliain ag fás’ curtha de aige i ngluaiseacht na Gaeilge.

Seans gur chuid thábhachtach dá oideachas freisin gur bhall é de Chór Palestrina ó bhí sé an-óg, é ina cheann ar na córchantairí ó 1947 amach agus ina amhránaí aonair acu go minic. A dheartháireacha móra Andy agus Brian a thugadh chuig an Leas-Ardeaglais é ar bharra trasna rothair. Bhí guth binn aige agus thug an ceoltóir cáiliúil an Dr. Vincent O’Brien (1871-1948) agus a mhac Oliver ceachtanna dó. An sean-Bhrianach sin a chuir oiliúint san amhránaíocht ar John McCormack, James Joyce agus Margaret Burke Sheridan. Bhí Breandán ag foghlaim an phianó agus an veidhlín ag an am sin freisin.

I rith a óige bhíodh sé ag imirt peile agus iomána leis na Geraldines. Ach bhí an eitinn coitianta go maith anuas go 1950 agus tholg Breandán é. Fuair a mháthair bás ag an am sin agus luigh sin go han-trom ar an mbuachaill óg. Sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, bhí Gaeilge agus Béarla mar phríomhábhair aige don BA. Toghadh é ina reachtaire ar an gCumann Gaelach; ceol na hÉireann ba ábhar dá aitheasc reachtaireachta. In Comhar, Meán Fómhair 1957 tá alt aige dar teideal ‘Caidé an bhunchloch ar a ndéanfaimid tógáil?’. Chaitheadh sé tamall go minic ar an gCeathrú Rua d’fhonn cur lena eolas ar an nGaeilge. Chaith sé tréimhse ghairid le múinteoireacht in Ardscoil Éanna, Croimghlinn, sular fostaíodh é i 1959 mar leasrúnaí ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Dhealródh ón alt sin in Inniu go raibh gnó riartha an Chlub Leabhar ar cheann dá dhualgais ansiúd.

Thagadh sé os comhair an phobail mar stiúrthóir ar na céilithe Domhnaigh a bhí á reáchtáil ag Gael Linn i dTeach an Ard-Mhaoir. Ag an aifreann éagnairce 13 Bealtaine 2006 thagair Daniel Reardon don tréimhse a bhí caite aige in Amharclann na Mainistreach (a bhí an uair sin in Amharclann na Banríona). Agus ag tagairt dó d’aisteoirí an Damer timpeall 1962 deir Pádraig Ó Siadhail (Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993): ‘Cuireadh le mianach na buíne sin nuair a tháinig Breandán Ó Dúill, Mae Crowe is Dónall Farmer ... isteach sa Damer.’ I rith na mblianta sin freisin ghlac sé páirt i gCabaret Ghael Linn sa Chariot i Raghnallach, san Old Shieling i Ráth Eanaigh agus i bpictiúrlann an Grafton, é i bpáirtíocht le Seán Potts, Paddy Moloney agus Martin Fay, tríur a bheadh ina mbaill de The Chieftains ar ball. Phós sé Mary Lonergan ón nGabhailín, Co. Thiobraid Árann, Oíche Coille 1964. Timpeall an ama sin a ceapadh é ina bhall d’aisteoirí Radio Éireann. In Forty Years of Irish Broadcasting, 1967 liostaíonn Maurice Gorham é mar dhuine de na haisteoirí raidió, cúigear is fiche díobh, a bhí ar an bhfoireann i 1965. Bhí cáil náisiúnta orthu go léir agus níl á lua anseo ach leath na gcomrádaithe a bhí ag Breandán sa phost sin: Neasa Ní Annracháin, Ginette Waddell, Brendan Cauldwell, Peter Dix, Conor Farrington, Séamus Forde, Aiden Grennell, Eamonn Keane, Eamon Kelly, Laurence O’Dea, Brian O’Higgins, Tom Studley, Niall Tóibín. Compántas suaithinseach!

Bheadh an drámaíocht raidió faoi réim go ceann tamaill mhaith fós agus chaithfeá na rólanna a bhí ag Breandán a áireamh ina gcéadta. Cuimhneoidh pobal mór na hÉireann ar a ról mar Mickey Mack sna Riordans agus ar a pháirt sa sobalchlár raidió Harbour Hotel. Ach cuimhneoidh a chomhaisteoirí agus an pobal sofaisticiúil go raibh ról aige in Ulysses, an clár a lean ar feadh 24 uair Lá Bloom 1982, go raibh an phríomhpháirt aige in The Death and Resurrection of Mister Roche le Tom Kilroy, agus ar pháirteanna eile. Nuair a d’éag an craoltóir cáiliúil Seán Ó Murchú [B5: 295b] 27 Deireadh Fómhair 1982 ba é Breandán a bhí i mbun an chláir ‘Céilí House’ ar feadh scór bliain ina dhiaidh.

Lean sé riamh den amhránaíocht. Is é a dúirt Daniel Reardon: ‘He sang all over Ireland with the Gael Linn cabaret. He sang for Grace Kelly when she visited Ireland. He sang in the middle of Croke Park at All Ireland Finals. He sang regularly at the Embankment pub in Tallaght, the Old Shieling and, for over twenty years, at the Abbey Tavern in Howth. He toured America and Japan as singer and choreographer for Comhaltas Ceoltóirí Éireann and was Fear an Tí at the Comhaltas Headquarters shows in Monkstown. Busloads of tourists would leave the theatre every night, lavishly entertained, electrified by his light ...’. Nuair a bhí céad bliain Chonradh na Gaeilge á chomóradh i Sráid Íochtarach Uí Chonaill, Baile Átha Cliath, 31 Iúil 1993 agus plaic á nochtadh taobh amuigh den teach inar bunaíodh é, ba é Breandán a chuir an slua mór ag casadh ‘Óró, ’sé do bheatha abhaile’. Bhí mac agus triúr iníonacha aige féin agus Mary. D’éag sé 11 Bealtaine 2006.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú