I mBaile Íomhair, Co. na Mí, a rugadh í ar 8 Feabhra 1929. Ba í an ceathrú duine í den aon duine déag a rugadh do Mhaighréad [Ní Chathaláin] Uí Chonmhidhe agus Tomás Ó Conmhidhe, ar phríomhoidí bunscoile an bheirt acu ar ball. Seo píosa eolais ar sheanmhuintir a máthar a chuir Méadhbh í féin chuig Beathaisnéis in Aibreán 2012: ‘Ba de mhuintir Dhoirnín a máthair agus mhaígh sise gur de shliocht an fhile Peadar Ó Doirnín iad. Bhí léamh agus scríobh i nGaeilge agus i mBéarla ag a seanathair, Ó Cathaláin as Co. Lú, agus ba chainteoir dúchais Gaeilge a seanmháthair ar de mhuintir Uí Ailpín as tuaisceart na Mí í, agus bhíodh iarsma den Ghaeilge i bhfriotal na seanmháthar a bhí in aontíos leo.’

D’éag triúr de dheirfiúracha Mhéadhbh go hanabaí agus ceathrar buachaillí agus ceathrar cailíní a mhair. Ba í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh agus chaithidís saoire i gceantair Ghaeltachta. Cuireadh meánscolaíocht uirthi i gClochar Naomh Lughaidh, Muineachán. Chuirtí béim ar leith ar an nGaeilge sa scoil sin. Dar le cuntas iarbháis in The Irish Times bhí sí ábhairín réabhlóideach sa chlochar sin. I gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, bhain sí amach céim mháistir le honóracha sa Ghaeilge agus sa Fhraincis agus bhí sí ina ball gníomhach den Chumann Gaelach ann. Chaith sí tamall gairid ag teagasc Gaeilge agus Fraincise i gClochar Lughaidh, Ráth Maonais. In 1952 in éineacht le Ciarán Mac Mathúna agus Conchubhar Ó Cuileanáin fostaíodh í ar bhonn sealadach ar fhoireann Choimisiún na Logainmneacha agus bhí Co. Dhún na nGall faoina cúram ann. Ach ní sa taobh sin den chultúr dúchais a bhí dúil aici agus in 1955 fuair sí post in Radio Éireann a bhí an uair sin lonnaithe in aon áras le hArd-Oifig an Phoist (agus sa bhliain chéanna sin arís a fuair Ciarán Mac Mathúna post i Radio Éireann), í ag déileáil le cláir na bpáistí agus í faoi cheannas Shéamuis Caomhánach. In 1962 d’aistrigh sí go Montrós, í mar cheannasaí ann ar Roinn chláir na bpáistí, agus ar ball ar chláir oideachais RTÉ; faoina cúram bhí Teilifís Scoile, Wanderly Wagon, Teilifís Feirme, Bosco, Siopa agus Lets Draw with Bláithín. Deirtear i gcuntas The Irish Times: ‘With funding from the Department of Education, Teilifís Scoile was instrumental in updating teaching methods and curricula. She later recalled many pupils’ only access to a TV set was in school….’ Agus tuairiscítear sa chuntas céanna sin go ndúirt sí: ‘Television brings the outside world home. To the extent that it affirms the culture, a child’s self-esteem is enhanced and her grasp of reality strengthened.’ Bhí díomá mór uirthi nuair a rinne an Roinn Oideachais laghdú suntasach sna 1970idí ar dheontas airgid na gclár sin. Chreid sí go láidir nárbh fhéidir dul thar fóir leis an líon díobh a chuirfí ar fáil.

Tharla í uair ag léachtóireacht i gCeannáras na Cumarsáide i mBaile an Bhóthair, Baile Átha Cliath, agus is ann a casadh uirthi a fear céile, Ryszard Piskorski. Rugadh mac dóibh, Stefan. Chuaigh sí amach ar pinsean in 1994. Bhí baint aici le cumainn ar nós The National Council for the Elderly agus bhí páirt aici in imeachtaí Pharlaimint na mBan. Ba í a chuir eagar ar bhailiúchain d’aistí ar stair áitiúil a bhí scríofa agus foilsithe anseo is ansiúd ag a máthair, Seanchas na Midhe: a selection of lectures (2009). D’éag Méadhbh ar 1 Eanáir 2013.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhar

  • Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath (1991). Scoil an Léinn Cheiltigh: Tuarascáil Leathchéad bliain 1940–1990, Fiftieth anniversary report 1940–1990. Baile Átha Cliath. Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.