MAC MATHÚNA, Seán (1876–1949)
Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Ba ó cheantar Lúch, Dúlainn, Co. an Chláir, a mhuintir. Rugadh é an 24 Iúil 1876. I dtús a shaoil bhí sé ina chónaí in Inis Díomáin, áit a raibh cuid mhór Gaeilge le cloisteáil aige. Theip ar ghnó tí tábhairne a athar sa bhaile sin agus b’éigean don teaghlach filleadh ar Lúch. Bhí sé ocht mbliana d’aois ag an am agus rinne sé a chuid féin de Ghaeilge na háite. Sna blianta tosaigh i Lúch bhí feirm ag a mhuintir ach ina dhiaidh sin chuaigh sé chuig feirm Pheter Barrett, fear céile a dheirféar, Nóirín, agus chaith a shaol ag obair ar an bhfeirm seo. Thug sé é féin suas go hiomlán dá dheirfiúr, dá clannsan, don obair ar an bhfeirm agus do bhailiú an bhéaloidis. Níor phós sé riamh agus i Lúch a chaith sé a shaol ó 1884 go 1947, an bhlian a ndeachaigh sé isteach i dteach banaltrais i gCorcaigh, áit ar cailleadh é, in aois 72, an 18 Nollaig 1949.

Maidir leis an nGaeilge i gcontae an Chláir is ag seandaoine amháin a bhí sí á labhairt mar theanga laethúil i dtuaisceart an chontae agus ba mhaith a thuig Seán sna 1930idí go mbeadh sí imithe ar fad taobh istigh d’achar gearr. Nuair a chuir Seámus Ó Duilearga aithne air an chéad uair, Lúnasa 1929, ba é an Cumann le Béaloideas Éireann a bhí i mbun obair an bhailithe. Mhol an Duileargach do choiste an chumainn seo leabhar nótaí a chur ar fáil do Sheán le go bhféadfadh sé dul i mbun oibre agus dúirt go raibh sé féin fonnmhar comhairle agus cúnamh a thabhairt dó. Peann agus páipéar na modhanna bailithe a bhí ag Seán agus an t-ábhar a rinne sé a thaifeadadh is glan as an gcuimhne a d’fhan aige ar a raibh cloiste aige a scríobhadh sé síos é. Ceapadh é ina bhailitheoir páirtaimseartha ag an gCoimisiún.

Bhailigh sé na mílte mílte leathanach den uile chineál ábhair i gContae an Chláir. Thug sé cúnamh don Athair Seoirse Mac Clúin agus é ag ullmhú ábhair don leabhar Caint an Chláir, 1940. Chuir Seán an-spéis sa Ghaeilge agus ina chanúint féin, is léir. Bhí spéis aige chomh maith i gcúrsaí luibheanna agus in ainmneacha plandaí. Rinne sé roinnt oibre ar son an Ard-Mhúsaeim i 1944 ag bailiú samplaí de phlandaí agus dá n-ainmneacha. Ba bhreá leis nathanna cainte agus focail nua a aimsiú agus míniú a fháil agus a thabhairt orthu. Is beag de bhailitheoirí an bhéaloidis in Éirinn a d’fhulaing cruatan an tsaoil ina gcuid oibre faoi mar a d’fhulaing Seán é. Ba mhinic é fuar, ocrach agus báite go craiceann agus é ar thóir an tseanchais. Is léir go raibh ardmheas ag an Duileargach air agus lean sé air ag tabhairt misnigh dó fad a bhí sé ag bailiú. Ba iad a dhúthracht agus a chíocras féin a choinnigh Seán ag siúl ar bhóithre Bhoirne agus Chorca Mrua. Rinne an Duileargach comórtas idir Eoghan Ó Comhraí agus Seán sa mhéid go raibh bua an tseanchais agus na scéalaíochta ag an mbeirt acu. (Ba í an Dr Ríonach uí Ógáin, Roinn Bhéaloideas Éireann, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, a sholáthair an cuntas ar ar bunaíodh an méid sin thuas). In Béaloideas 68, 2000 tá péire aiste: ‘Seán Mac Mathúna: Fear an chín lae’ le Pádraig Ó hÉalaí; ‘Seán Mac Mathúna (1876-1949)’ le Ríonach uí Ógáin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú